Ealaín Oírr

NÁ BAC báidín Fheilimidh agus imeacht go Gabhla

NÁ BAC báidín Fheilimidh agus imeacht go Gabhla. Cuir focal ar an bhád (nó ar an eitleán) go hInis Oírr, Co na Gaillimhe, nó is ansin a bheidh an séú comhdháil bhliantúil d’Ealaín ar Oileán an deireadh seachtaine seo agus “Cé a cheannódh dán?” mar théama.

Beidh an cumadóir ceoil, Peadar Ó Riada, an t-ealaíontóir Clíodna Cussen agus lear mór scríbhneoirí i láthair: Tomás Mac Síomóin; Éilís Ní Dhuibhne; Dara Ó Conaola, Seán Mac Mathúna agus duine de stiúrthóirí na féile féin, Darach Ó Scolaí.

Arsa Ó Scolaí: “Is é Pádraig Ó hAoláin a osclóidh comhdháil na bliana seo. Sílim gur an-léiriú é ar chomh maith is atá cruthaithe ag an gcomhdháil ó bunaíodh í go bhfuil príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta sásta teacht inár measc i mbliana.”

Ag tosú Dé hAoine a bheidh an chomhdháil le taispeántas leis an fhísealaíontóir Maeve Collins agus ceolchoirm leis an ghrúpa, Bréag, agus beidh seisiún eile ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

READ MORE

Mura leor na himeachtaí sin, dúirt Ó Scolaí: “Tá sé tuartha go mbeidh an ghrian ag scoilteadh na gcloch in Inis Oírr an deireadh seachtaine seo.”

An ghrian? Anois, sin saothar ealaíne nach bhfeictear rómhinic.

Eolas: 091-593592 nó eolas@breacan.ie