Ealaín oileáin

REÁCHTÁLADH AN séú comhdháil d’Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Co na Gaillimhe, ar an deireadh seachtaine, a scríobhann Darach…

REÁCHTÁLADH AN séú comhdháil d'Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Co na Gaillimhe, ar an deireadh seachtaine, a scríobhann Darach Ó Scolaí.

I láthair ag an gcomhdháil seo a dhéanann plé agus ceiliúradh ar an ealaín, bhí ealaíontóirí, scríbhneoirí agus drámadóirí ó gach cearn den tír, chomh maith le hionadaithe ó na húdaráis mhaoinithe, agus slua breá daoine ar spéis leo na healaíona. Ceist “Cé a Cheannódh Dán?” a bhí mar théama ag an gcomhdháil.

Mantra a tháinig aníos arís agus arís eile i gcaitheamh an deireadh seachtaine ab ea ísliú caighdeáin na healaíne. Rinne an drámadóir agus file Celia de Fréine tagairt don easpa amharclainne i mBaile Átha Cliath ó bhí an Damer ann agus ar fhaillí Amharclann na Mainistreach sa drámaíocht Ghaeilge.

Léirigh an t-údar Tomás Mac Síomóin a dhíomá leis an easpa díospóireachta agus léirmheasa a dhéantar ar leabhair Ghaeilge sna meáin. Ag tacú leis sin, labhair Róisín Ní Ghairbhí faoin gcur amú airgid le haistriúcháin in am nuair a theastaigh tuilleadh maoinithe ó na meáin Ghaeilge. Luaigh sí Foinse go sonnrach a bhí i dtuilleamaí beirt iriseoirí lánaimseartha.

READ MORE

Ag cáineadh Fhoras na Gaeilge dóibh, as an bhfaillí atá á dhéanamh acu i ndáileadh leabhar Gaeilge, mhol go leor de na scríbhneoirí a bhí i láthair go mbunófaí Comhar na Scríbhneoirí Gaeilge, eagraíocht a bheadh ina fócas agus ina taca ag na scríbhneoirí.

Sa díospóireacht a lean na cainteanna rinneadh dianphlé ar chinneadh na Taibhdheirce léiriú a dhéanamh ar aistriúchán de dhráma a bhí feicthe ag muintir na Gaillimhe i mBéarla cúpla bliain ó shin,

The Cripple of Inishman

le Martin McDonagh.

Duine de stiúrthóirí Ealaín ar Oileán é Darach Ó Scolaí

aistea

r journey –

aistriúchán

translation –

áitiúi

l local –

clóscríobhán

typewriter –

deis

opportunity –

dúlra

nature –

faillí

neglect –

foirgneamh

building –

lúfar

agile –

meán

medium –

nasc

link –

scáthán

mirror –

stádas

status –

tioncha

r influence –

tosaíocht

priority –

údar

author –

uaigneach

lonely