Dith an drama

Beocheist: N'fheadar an bhfuil an taoide ag trá chomh fada is a bhaineann le drámaíocht na Gaeilge? Tá súil agam nach bhfuil…

Beocheist: N'fheadar an bhfuil an taoide ag trá chomh fada is a bhaineann le drámaíocht na Gaeilge? Tá súil agam nach bhfuil, ach is eagal liom gurb í a mhalairt atá fíor.

Ní chuig Raidió na Gaeltachta ná chuig TG4 atá mé leis an méid sin, mar tá a gcion féin á dhéanamh acusan gan amhras, cé gur trua liom nach bhfuil níos mó fós ar a n-acmhainn acu.

Is faoi na léirithe beo ar an stáitse atá mé ag caint, óir is ar a líon sin atá an titim thubaisteach. Seal gearr de bhlianta ó shin bhíodh na cumainn drámaíochta Ghaeilge go forleathan tríd an tír; b'fhéidir go bhfuil go fóill, ach nach gcloisimid an méid céanna fúthu agus a chloisimis tráth. Ní airimid an méid sin ina dtaobh ach go háirithe anseo i gcathair Átha Cliath, áit a bhfuil pobal réasúnta maith de Ghaeilgeoirí i gcónaí.

Sna blianta atá i gceist agam ba ar éigean craobh de Chonradh na Gaeilge, anseo sa chathair ar aon nós, nach raibh cumann drámaíochta aici agus na drámaí á léiriú go rialta acu, go mór mór ag na féilte, áit go mbíodh an choimhlint géar spreagúil de ghnáth. Bhí foireann drámaíochta an-mhaith i gColáiste na hOllscoile agus (mura bhfuil dul amú orm) ag Club na Múinteoirí agus i gcuid de na Ranna Stáit, go háirithe sa Roinn Oideachais ("DALTA"). Cuireadh Gael-Linn léirithe corraitheacha ar siúl sa Damer agus bhí idir aisteoirí éifeachtacha agus lucht freastail rialta ar fáil dóibh. Agus, go deimhin, bhí na drámadóirí go dúthrachtach i mbun pinn freisin: má luaim Eoghan Ó Tuairisc agus Diarmuid Ó Súilleabháin go speisialta níl ann ach gurb iadsan an bheirt is túisce a thagann chun na cuimhne chugam.

READ MORE

Ná níorbh annamh an dráma aonghnímh Ghaeilge á léiriú in Amharclann na Mainistreach. Dheintí san de ghnáth gan aon réamhfhógra nuair a bhíodh deireadh leis an bpríomhdhráma. Ní nach ionadh, bhítí ann a bhíodh ag gearán go raibh an Mhainistir ag iarraidh ceacht Gaeilge a bhrú orthusan nár tháinig ach chun an dráma mór a fheiceáil.

Bhíos féin i mbun eagarthóireachta ar thréimhseachán beag ag an am agus d'iarras ar fhear mór áirithe a raibh cáil na Gaeilge air píosa gearr a sholáthar faoin drámaíocht sa teanga san. Ba mhór an stad a baineadh asam nuair a stán sé orm is go ndúirt: "Ní hann di!"

É sin go léir, ar ndóigh, in ainneoin na léirithe go léir a bhíodh ar siúl agus a mbíodh á thuairisciú fúthu sna nuachtáin. Sheoladh na nuachtáin, idir na cinn laethúla agus na cinn tráthnóna, léirmheastóirí chuig na drámaí Gaeilge agus thugaidís spás nár shuarach dá mbíodh le rá acusan freisin.

Ar ndóigh, níor chóir go gcuirfeadh freagra an Ghaeilgeora mhóir san ionadh ar bith orm: bhí an Ghaeilge mar ábhar amháin sa chúrsa céime a dheineas sa Choláiste Ollscoile agus ní cuimhin liom fiú is léacht amháin ar an drámaíocht fad is a bhíos san áit. N'fheadar an bhfuil feabhas ar an scéal ó shin.

Agus é ag scríobh san iris Samhain i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1901, bhí an méid seo le rá ag Yeats: "It is natural to an Irishman to write plays, he has an inborn love of dialogue and sound about him, of a dialogue as lively, gallant and passionate as in the times of the great Eliza."

Bhí Yeats ag ligint air nárbh uaidh féin a tháinig na tuairimí sin, ach ó ghaol leis. San aiste chéanna, luaigh sé na deacrachtaí a bhain le drámaí i nGaeilge a aimsiú, an teagmháil a dhein sé leis na "Gaelic enthusiasts" d'fhonn teacht ar réiteach agus an saothar in aisce a bhí aige "for their imagination had not yet turned towards the stage".

Tagaim lena raibh le rá ag Yeats, ach rachainnse níos faide fós: creidim go bhfuil luí nádúrtha ag an Éireannach leis an aisteoireacht, leis an spraoi agus leis an scleondar a ghabhann léi agus, ar chúis éigin nach dtig liom a thuiscint, braithim gur treise fós é an luí san i measc lucht na Gaeilge.

Agus is é mo chreach ná nach bhfuilimid ag teacht i dtír ar bhealach i bhfad níos fearr ar an gclaonadh san, ar mhaithe leis an drámaíocht féin agus ar mhaithe leis an leas dob fhéidir a bhaint aisti le húsáid na teanga dúchais a leathnú.

Ar ndóigh, ní dráma gan léiriú, ná ní léiriú gan lucht féachana, ach ní bheidh siadsan ar fáil mura gcuirtear na drámaí ar stáitse dóibh. Tá lánmhuinín agam as na scríbhneoirí óga atá ag teacht go barr locha anois agus níl amhras orm ach gurbh fhearr fós a ndícheall ach an margadh do bheith ann dá saothar. B'fhéidir gur mithid dúinn anois tosú as an nua ar na haisteoirí agus na léiritheoirí óga a spreagadh chun gnímh chomh maith.