Críoch camchuairte

CHUIR AISLING Ghéar as Béal Feirste deireadh lena gcamchuairt timpeall na tíre le leagan nua stáitse de An Béal Bocht le Flann…

CHUIR AISLING Ghéar as Béal Feirste deireadh lena gcamchuairt timpeall na tíre le leagan nua stáitse de An Béal Bochtle Flann O'Brien in amharclann Draíocht i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn seo caite. Bríd Ó Gallchóir a chóirigh don stáitse é. Bhí rian na gairmiúlachta ar an léiriú agus bhí an aisteoireacht ar fheabhas, go mór mhór Tony Devlin i bpáirt Bonapart Ó Cúnasa agus Donncha Crowley i dtrí pháirt An Seanduine Liath, An Máistir Scoile agus Athair Bhonapart.

B’éigean don bheirt aisteoirí mná, Mary Ryan agus Melanie Clark Pullen páirteanna éagsúla a ghlacadh fosta agus rinne siad go cliste ealaíonta é.

Breis agus 60 bliain ó shin a scríobh Flann Ó Brien/Brian Ó Nualláin an aoir ghreannmhar seo agus cé gur léir gur mhór an sult a bhain an lucht féachana as an chóiriú drámatúil seo agus as geáitsí na n-aisteoirí, bhraith mé go raibh cuid mhór den bhinb imithe as an mhagadh a rinne O’Brien ar Ghaeilgeoirí, ar litríocht na Rosann agus an Bhlascaoid agus ar bhéal bocht mhuintir na Gaeltachta.

Bhraith mé freisin go raibh cuid mhaith den saibhreas cainte a bhí sa bhunleabhar in easnamh agus corrabairt ag na haisteoirí nach gceadódh O’Brien choíche. Agus is cinnte go mbeadh rud éigin searbh le rá aige faoin aistriúchán Gaeilge ar an chuntas ar chuideachta Aisling Géar atá sa chlár. Tá an chuma air gur inneall a d’aistrigh é agus gan an t-am ag aon duine é a cheartú.