Cra teanga

I ndiaidh na poiblíochta ar fad a lean Angela's Ashes le Frank McCourt, rith dhá rud mhóra leis an cholúnaí seo - léirigh sé …

I ndiaidh na poiblíochta ar fad a lean Angela's Ashes le Frank McCourt, rith dhá rud mhóra leis an cholúnaí seo - léirigh sé go raibh an gus i ndírbheathaisnéis a húdar a chur i mbéal an phobail ar fud na cruinne agus shéan sé an bochtanas mar ábhar ar gach scríbhneoir a tháinig ina dhiaidh. Ní bochtanas go Luimneach.

Caithfidh údar seift nua a aimsiú má tá sé le haird a tharraingt air féin agus tá sin déanta ag Hugo Hamilton ina dhírbheathaisnéis, The Speckled People (Fourth Estate), leabhar ina gcuireann sé síos ar chúrsaí Gaeilge agus Gearmáinise a óige. Ní doiligh an comhrá idir é agus a fhoilsitheoir a shamhlú. "Dirbheatháisnéis eile Éireannach. Hugo, tá bochtanas passé," arsa an gníomhaí liteartha. "Ná bíodh imní ort, thugadh m'athair orm Gaeilge a labhairt. Ba mheasa é ná bochtanas," a fhreagraíonn an scríbhneoir.

Sa bhliain 1953 a saolaíodh Hamilton agus is de bhunadh Bhaile Átha Cliath é. Éireannach a rinne iarracht a pháistí a thógáil le Gaeilge a bhí ina athair agus Gearmánach a labhair Gearmáinis lena páistí a bhí sa mháthair. Idir dhá cheann na dteangacha a bhí Hamilton agus é ag éirí aníos.

Mar sin féin, ní doiligh achoimre a thabhairt ar an chuid is substaintiúla den saothar: níor réitigh Hamilton lena athair; labhair a athair Gaeilge; ní réitíonn Hamilton le Gaeilge. Réitigh Hamilton lena mháthair; labhair a mháthair Gearmáinis; réitíonn Hamilton le Gearmáinis.

READ MORE

Is neamhspéisiúil amach is amach an óige a bhí ag Hamilton. Diomaite de chúrsaí teanga, níl tada ró-iontach le hinse aige. Cuireann an t-údar an-bhéim ar an mhaistíneacht a dhéanadh páistí áitiúla air agus ar a dheartháir as a bheith Gearmánach. Ach cá hiontas sin? Bíonn páistí cruálach. Ní ábhar nuachta é sin.

Is beag bá a léiríonn Hamilton le hiarrachtaí a athar agus é ag iarraidh na páistí a thógáil le Gaeilge. Bhain a athair le lucht an Aiséirí agus is léir go gcreideann Hamilton gur fanataic a bhí ann, é ag caint le comhghleacaí dá chuid Gearóid, "talking and foaming at the mouth about all things that are not finished yet in Ireland".

Gach seans gurb é Gearóid Ó Cuinneagáin atá i gceist. Cuireann Proinsias Mac Aonghusa síos ar an duine céanna mar "fhaisisteach", fear a bhí ábalta ag cruinniú sráide a ghairm ach fear nár spéis leis "comhréiteach" agus a bhí faoi anáil pholaitíocht Franco agus Salazar. Más faoi thionchar doilíosach Uí Chuinneagáin a bhí athair Hamilton ní hiontas é bheith brúidiúil ina chur chuige.

Ach cé go bhfuil Hamilton ábalta cuimhneach siar ar na daoine fásta bheith "foaming at the mouth", ní cheadaítear an smaoineamh nárbh ionann sin agus suim iomlán na teanga. Leoga, tá rud inteacht soineanta faoi ráiteas Hamilton. Is maith nach ag foghlaim Gaeilge sa lá atá inniu atá sé agus fíorghunnadóirí agus fíorbhuamadóirí ag dul thart sna ranganna teanga sa Tuaisceart.

Ní mhaitheann Hamilton iompar ar bith de chuid a athar i dtaobh na teanga. Oibrí leis an Bhord Soláthair Leictreachais a bhí ann. Ar ócáid amháin, dhiúltaigh sé comhfhreagras a fhreagairt de bharr gur i mBéarla a bhí a shloinneadh. Dá bharr sin, cuireadh moill le hobair an bhoird: "He kept sending it back because that was not his name. He told them there was nobody by the name of John Hamilton working at the Electricity Supply Board in Dublin ... My father didn't care if the whole country was left in darkness."

Mothaíonn an léitheoir meon domblasta searbh an Hamilton fhásta i leith a athar sa sliocht. Ach cad é a rinne an t-athair i ndáiríre ach urraim a éileamh don ainm a b'ansa leis féin? (Dá dtabharaimis Hugo Hamill ar údar The Speckled People, nach gcuirfeadh sé as dó?)

Feictear dó gur bhain a athair úsáid as mar ghléas catha i gcogadh na teanga. Solathraíonn aintín le Hamilton, an chuid Ghearmánach den teaghlach, an líne a dhamnaíonn a athair, líne a dhamnaíonn gach aon duine dá ghlúin a thóg páiste le Gaeilge: "But then Tante Marianne had an argument with my father. She said all the things that my mother can't say. She said it was wrong to use children in war ... "In Germany," she said, "they used the children, too."

Más míchuí meafar a athar agus é ag samhlú páistí mar ghléas cogaidh, is míchuí faoi chéad comparáid Tante Marianne, gurbionann an t-athair agus lucht leanúna Adolf Hitler. Is ionann iarrachtaí a athar an teanga a chaomhnú agus é bheith ina Naitsí. Níl amhras ar bith ann ach gur leis an aintín a luíonn bá an údair.

Daibhreas intleachtúil a rinne an teanga ar a shaol, dar le Hamilton. Ní réitíonn sé lena athair go dtí go stadann sé de bheith ag caint Gaeilge, go dtí go ngéilleann sé rogha teanga a mhic, Béarla. Is beag an bua é ar fhianaise an leabhair seo.