Conradh eile

FADHBANNA CONARTHA de chineál eile - ag Foras na Gaeilge an iarraidh seo

FADHBANNA CONARTHA de chineál eile - ag Foras na Gaeilge an iarraidh seo. Tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, faoi agallamh ar an iris Idirlín, Beo! (www.beo.ie) an mhí seo.

Agus é ag caint le heagarthóir na hirise, Caoimhe Ní Laighin, ní chuireann de Spáinn fiacail ar bith ann agus é ag cáineadh Fhoras na Gaeilge.

Dúirt sé nach raibh "aon tairbhe nó toradh i ndiaidh a bheith ar na pleananna móra a chuir mé chucu. Tá mé buartha in amanna nach léir dóibh an mórphictiúr."

Dúirt de Spáinn go raibh an Foras ag tabhairt droim láimhe leis na "pleananna móra go leanúnach" agus gan de mhíniú a thabhairt nach raibh ach suim áirithe airgid acu ón Rialtas.

READ MORE

Dúirt sé gur cheart don Rialtas "go leor airgid a thabhairt don Fhoras, ach tá mise buartha nach mbíonn an Foras ag cur ár gcuid pleananna ar aghaidh chuig an Roinn agus iad sa tóir ar mhaoiniú sa bhreis.

"Tá mé buartha faoin struchtúr atá i gceist le teacht ar chinntí chomh maith. Tá mé buartha nach bhfeiceann siad an tábhacht nó an ról a bhaineann leis na smaointe atá ag teacht ó na daoine ar an talamh, ó phobal na Gaeilge é féin." Dúirt sé go raibh easpa físe ag an Fhoras ach bhí súil aige go bhfaigheadh an Conradh cluas le héisteacht ón bhord.

Ní "unchartered waters" atá sa cháineadh seo ag an Fhoras nó cháin an Conradh an Foras roimhe seo. D'eisigh an Foras ráiteas, á rá gurbh iad an príomhmhaoinitheoir a bhí ag an Chonradh agus go raibh ardú 65 faoin gcéad ar mhaoiniú an Chonartha le hocht mbliana. Ba é de Spáinn féin nach bhfaca "an mórphictiúr" mar go raibh plean 20 bliain don Ghaeilge á dhréachtú faoi láthair.

Bhí "míthuiscint" air féin i dtaca le próiseas maoinithe an Fhorais; bhí an Foras ag obair le pobal na Gaeilge trí Scéim Phobal na Gaeilge, scéim a raibh buiséad de bhreis agus €3.5 milliún aici: "Nuair a bhíonn an smaoineamh go maith agus acmhainní ar fáil maoinítear é..."

Bhí "fís an-soiléir ag an bhForas do thodhchaí na Gaeilge. Chun tacú le fíorú na físe sin tá iliomad scéimeanna tacaíochta forbartha ag an bhForas le tamall de blianta anuas."

Bhí scéimeanna acu sna réimsí pobail, gnó, ealaíon agus san earnáil phoiblí, oideachais, téarmaíochta agus óige agus leanfadh an Foras ag tacú le "dea-obair".