Comhghairdeas

Comhghairdeas le Breandán Delap as a dhuais iriseoireachta i nGradaim Náisiúnta Chumarsáide Bhord Soláthair Leictreachais…

Comhghairdeas le Breandán Delap as a dhuais iriseoireachta i nGradaim Náisiúnta Chumarsáide Bhord Soláthair Leictreachais.

Is é seo an chéad bhliain a bhí rannóg ar leith d'iriseoireacht na Gaeilge. Ba chuí gurbh é chéad eagarthóir (agus iar-eagarthóir) Foinse a bhain é as feabhas a chuid iriseoireachta ar an nuachtán sin. Tá Delap anois ina chlár-eagarthóir nuachta le TG4.

Comhghairdeas fosta le Hector Ó hEochagáin. Bhain a shraith ar TG4, Amú Amigos, trí ghradam IFTA, an chéad uair a thug clár amháin teilifíse trí ghradam leis igcatagóirí éagsúla. Bhuaigh clár eile a choimisiúnaigh TG4, Oileán Thoraí, a léirigh Pat Collins, Harvest Films, an gradam don Chlár Faisnéise is Fearr agus é in iomaíocht le cláir Bhéarla. Is iad gradaim IFTA na duaiseanna is aitheanta do lucht teilifíse agus scannán in Éirinn.