TUARASCÁIL:B'FHÉIDIR GO bhfuil cúlú eacnamaíochta ann ach níl cúlú inspioráide ann – chomh fada agus a bhaineann sé le Coláiste na bhFiann de, eagras óige teanga a chuireann deiseanna ar fáil do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil.
Tá seilbh anois ag Coláiste na bhFiann ar iarcholáiste talmhaíochta de chuid Teagasc, suíomh a bhfuil 20 acra agus foirgnimh ann, agus rún acu ionad úrnua Gaeilge a fhorbairt ann. Bhí an t-ionad in úsáid ag Coláiste na bhFiann roimhe seo ach is i nGaeilge amháin a bheidh na himeachtaí ann feasta.
Ag caint leis an cholún seo, dúirt cathaoirleach feidhmeannach Choláiste na bhFiann, Caitríona Ní Cheallaigh, go raibh an eagraíocht féin le hinfheistíocht €3 milliún a chur isteach san fhiontar idir seo go ceann trí bliana agus gurbh é a gcuspóir ionad den scoth a chur ar fáil do dhaoine óga, ionad nach mbeadh a mhacasamhail le fáil ag lucht an Bhéarla féin.
Dúirt sí go raibh an t-eagras “ag tapú deis ach táimid ag caint air seo le fada”. Ba é seo “an chéad uair go mbeidh áis den chineál seo ar fáil don óige agus is iontach gur trí Ghaeilge a bheidh sé go hiomlán á reáchtáil”. Chonacthas di go raibh “ról an-lárnach ag an óige i mbaint amach spriocanna Straitéis 20 Bliain na Gaeilge” agus bhí sí ag súil go dtabharfadh an Rialtas “aitheantas cuí don togra”.
Tá an chéad chúrsa samhraidh le tosú i gceann coicíse agus leanfaí den obair ó Mheán Fómhair le hionad eachtraíochta, stiúideo taifeadta agus rince agus áiseanna ríomhaireachta a chur ar fáil. Faoi láthair, tá lóistín do 130 duine ar an suíomh ach bhí rún ann áit do 200 duine a chur ar fáil.
Bhí géarghá leis an ionad le “nósmhaireacht teanga a chothú i measc daoine óga”. B’fhusa i bhfad an nósmhaireacht sin a chothú i measc na muintire óga ná nósmhaireacht dhaoine fásta a bhriseadh.
Bhí sé tábhachtach “infheistíocht cheart a dhéanamh in áiseanna do dhaoine óga” – rud nach raibh déanta go dtí seo – agus “úsáid na Gaeilge taobh amuigh den scoil a neartú”, a dúirt Ní Cheallaigh.
Bhí sí ag iarraidh “seirbhís iarscoile” a chur ar fáil don 40,000 páiste a bhí ag freastal ar ghaelscoileanna agus súil aici go gcuirfeadh an tseirbhís sin le “spiorad na scoileanna agus na bpáistí”.
Ní raibh “faic” ar fáil do dhaltaí i nGaeilge taobh amuigh den scoil agus bhí ar lucht na Gaeilge “bheith chun tosaigh ar gach aon rud a bhí ar fáil i mBéarla”.
Bheadh an t-ionad ar fáil do dhaltaí a bhí ag foghlaim trí Ghaeilge agus do dhaltaí ghnáthscoileanna Béarla. Ba é a mian go gcuirfeadh an t-ionad agus a chuid áiseanna “buntáiste na Gaeilge” ar shúile dhaoine óga.
Bhí rún aici, mar shampla, cúrsaí seachtaine a chur ar fáil do lucht idirbhliana, laethanta spraoi agus turasanna lae do pháistí gaelscoileanna agus scoileanna eile a eagrú agus fostaíocht trí Ghaeilge a chruthú.
Dúirt Ní Cheallaigh go raibh Coláiste na bhFiann sásta “gach uile acmhainn atá againn a chur isteach” san fhiontar. Bhí siad lena gceanncheathrú i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath, a chur ar an mhargadh agus é a dhíol agus bhí tacaíocht ón bhanc acu fosta.
Tá Coláiste na bhFiann ag plé le himeachtaí spraoi i nGaeilge do dhaoine óga le 40 bliain agus tá 60 club óige acu faoi láthair.