Cloigthithe i gcroí na hÉireann

BEOCHEIST: Um Cháisc i mbliana i Ros Cré, Co Thiobraid Árann, Cúige Mumhan, tionóladh seimineár staidéir ar chloigthithe na …

BEOCHEIST:Um Cháisc i mbliana i Ros Cré, Co Thiobraid Árann, Cúige Mumhan, tionóladh seimineár staidéir ar chloigthithe na hÉireann.

Bhí sin oiriúnach, óir tá cloigtheach i lár bhaile Ros Cré ar láthair mhainistir Chrónáin. Míle bliain ó shin bhí os cionn 100 cloigtheach ar fud Éireann agus iad bainteach le mainistreacha. Inniu ní mhaireann ach timpeall 70 díobh.

I mainistir na Sisteirseach, Ros Cré, a bhí imeachtaí an tseimineáir ar siúl. Mainistir í seo a bunaíodh sa 19ú haois agus ní i Ros Cré atá sí. Tá sí trí chiliméadar lasmuigh den bhaile, i gContae Uíbh Fhailí, i gCúige Laighean.

Is i mbaile Ros Cré a tógadh mé agus bhí amhrán Thomas Moore Let Erin remember the days of old ar cheann de na chéad amhráin a bhí agam: "On Lough Neagh's banks as the fisherman strays in the clear cold eve declining, he sees the round towers of other days, in the waves beneath him shining."

READ MORE

Ar ndóigh, níl mainistreacha ná cloigthithe báite faoi uisce Loch nEathach. Staraí rómánsúil a bhí i Moore agus d'aithin sé íomhá aduain rómánsúil sa 'round tower'.

Agus ó thús an 19ú haois tá cloigtheach na hÉireann á áireamh i measc comharthaí sóirt an Éireannachais trí Bhéarla - mar aon le Saint Patrick, an tSeamróg, an Chrois Cheilteach, an Chláirseach, agus an Cú. Leacht Dhónaill Uí Chonaill i reilig Ghlas Naíon, is i riocht cloigthí a tógadh é.

Is ar éigean atá túr ar bith san Eoraip cosúil le cloigtheach na hÉireann. Luaitear uaireanta roinnt túr ciorclach atá i Ravenna sa Iodáil ón 6ú haois, a d'fhéadfadh bheith ina sampla ag cloigtheach na hÉireann.

Mar sin féin, dearadh dúchasach ar leith atá ar chloigtheach na hÉireann, é ag cúngú de bheagán go rialta agus caipín biorach ar a bharr.

Sa bhliain 1186 tháinig cléireach Normannach go hÉirinn ina rúnaí ag mac le Rí Shasana. Dar leis bhí na cloigthithe déanta "ard, cúng agus ciorclach de réir nós na tíre". Sa Laidin a scríobh sé agus is é "ar an nós Éireannach" a bhí i gceist aige.

Sin an chéad tagairt, go bhfios dúinn, ag eachtrannach do chloigthithe na hÉireann, agus an t-aon tagairt ag eachtrannach go dtí timpeall 500 bliain ina dhiaidh sin.

Tá tagairtí déanta go minic do chloigthithe sna hAnnála. Tagairtí iad seo a scríobhadh go comhaimseartha mar thaifead ar eachtraí arbh fhiú cuntas a choimeád orthu.

Faoin mbliain 948 atá an chéad tagairt do chloigtheach, mar atá (i litriú an lae inniu): "Cloigtheach Bhaile Shláine (Co na Mí) loiscthe ag Gaill Bhaile Átha Cliath." Agus an tagairt deireanach sna hAnnála (1171): "Cloigtheach Thulach Ard (Co na Mí) loiscthe ag Tiarnán Ó Ruairc agus a lán daoine ann."

Sin tréimhse 220 bliain. As sin amach is ar éigean atá tagairt i dtraidisiún na Gaeilge scríofa do na cloigthithe. Caithfidh go bhfuil míniú ar an easnamh seo.

Is léir go dtáinig meath éigin ar thábhacht an chloigthí timpeall teacht na Normannach in 1169 ach ní raibh baint ag na Normannaigh leis. Is dócha go raibh cúis eaglasta leis an meath, agus gur bhain sé leis an athrú struchtúir san Eaglais in Éirinn ó na mainistreacha dúchasacha, agus a n-abanna, go dtí an córas deoisí agus a n-easpaig.

Is le saol na mainistreacha dúchasacha a bhain na cloigthithe seanaimseartha agus is cosúil go ndearna an Eaglais díchuimhne orthu d'aonturas chun an briseadh leis an seansaol a dhearbhú, go díreach faoi mar a rinneadh díchuimhne ar lá an phatrúin agus ar an tobar beannaithe sa 19ú haois.

Mar sin, is suimiúil gur cuireadh tús le Cloigtheach (Claonta) Pisa san Iodáil sa bhliain 1173 agus é ina sheasamh scartha ó fhoirgneamh na hArdeaglaise go díreach mar a bhíonn cloigtheach na hÉireann scartha, ní hionann agus spuaic eaglaise inniu.

Ballaí tiubha agus fuinneoga beaga a bhíonn sa chloigtheach agus ní móide gur buntáiste iad sin le clog a craoladh. Agus is beag a b'fhiú an cloigtheach mar áit daingean chosanta de réir na nAnnála thuas.

Is é is dóichí gur mhó de chomhartha spioradálta a bhí sa chloigtheach nuair a bhí sé i réim. Tharraingíodh sé aird an phobail mórthimpeall go dtí ball naofa na mainistreach a raibh reilig agus taisí naomh ann.

Freisin, ba é an cloigtheach an foirgneamh ina bhféadfaí éirí go hard os cionn talaimh agus níos cóngaraí do Dhia sna flaithis. Agus i gcónaí sa bhall naofa sin bhíodh an chumhacht neamhaí spioradálta agus an chumhacht shaolta pholaitiúil taobh ar taobh.