Ceisteanna faoi chéim síos an choimisinéara fós gan fhreagairt

NÍOR ÉIRIGH le hAire Stáit na Gaeltachta aon mhíniú sásúil a thabhairt ar phlean an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a …

NÍOR ÉIRIGH le hAire Stáit na Gaeltachta aon mhíniú sásúil a thabhairt ar phlean an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman nuair a pléadh an cinneadh conspóideach sa Dáil an tseachtain seo caite, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Go deimhin, níos lú céille a dhéanann an cinneadh céanna i bhfianaise chuid dá raibh le rá ag an Aire Stáit Dinny McGinley sna freagraí a thug sé don Dáil.

Le linn na díospóireachta Déardaoin seo caite, dúirt McGinley go mb’fhéidir go gcosnódh an cónascadh airgead ar an Stát seachas airgead a shábháil don cháiníocóir: “Níl an méid airgid atá le sábháil chomh mór sin. B’fhéidir, nuair a bheadh an deireadh thart go gcosnóidh sé níos mó. Tá an-chuid sonraithe le déanamh go fóill.”

Munar ceist airgid atá ann mar sin, cad chuige a bhfuil Oifig an Choimisinéara le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách?

READ MORE

Is cosúil nach bhfuil aon cheist ach an oiread ag an Rialtas ná ag an Aire Stáit faoi éifeacht Oifig an Choimisinéara.

Labhair McGinley go ginearálta faoi “trédhearcacht”, “cuntasacht dhaonlathach”, “dúbláil” agus “línte freagrachta” ach ní raibh aon ábhar gearáin aige faoi éifeacht na hoibre a bhí ar siúl ag an choimisinéir féin.

A mhalairt, dúirt sé nach raibh “aon locht ar obair an choimisinéara”.

“Tá mé cinnte agus lán dóchasach nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe go mbeidh an oifig lán chomh héifeachtach agus atá sé anois,” a dúirt McGinley.

Féach nach “níos éifeachtaí” a dúirt sé, ach “lán chomh héifeachtach céanna”.

Fágann sin nach ar mhaithe le hairgead a shábháil a tógadh an cinneadh agus nach bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh sé an tseirbhís atá á cur ar fáil ag an gCoimisinéir Teanga níos éifeachtaí.

Cad chuige mar sin a bhfuil Oifig an Choimisinéara le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách?

In iarracht eile an cinneadh a mhíniú dúirt McGinley nárbh í Oifig an Choimisinéara an t-aon oifig le freagrachtaí Ombudsman atá le cónascadh.

Ach is í Oifig an Choimisinéara Teanga an t-aon oifig dá sórt a bhfuil cinneadh críochnúil déanta faoina feidhmeanna ar fad a aistriú go dtí Oifig an Ombudsman.

I gcás Oifig Ombudsman na Leanaí níl le cónascadh ach a feidhmeanna cúl-oifige agus i gcás Oifig an Choimisinéara Chosanta Sonraí tá sé molta go ndéanfaí athbhreithniú sara ndéanfaí aon chinneadh faoi.

Tá go leor oifigí Ombudsman eile ann nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas aon lámh a leagan orthu.

Cad chuige mar sin a bhfuil Oifig an Choimisinéara le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách?

Luaigh McGinley arís agus arís eile an tseachtain seo caite an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a d’fhógair sé ag tús na míosa seo agus an ráiteas ann “go mbreithneofar na forálacha a leagann amach ról Oifig an Choimisinéara Teanga”.

Níor luaigh an tAire Stáit, áfach, an ráiteas inar dúradh go soiléir go rachfaí i gcomhairle le hOifig an Choimisinéara agus an pobal faoi na cinntí a dhéanfaí, rud nár tharla i gcás an chónasctha.

Is é fírinne an scéil é ná go bhfuil ceap magaidh déanta den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ag an bhfógra faoi Oifig an Choimisinéara.

Cad is fiú an próiseas comhairliúcháin phoiblí atá fógartha nuair atá cinneadh tromchúiseach tógtha cheana féin faoi oifig atá i gcroílár infrastruchtúr chearta teanga?

Ní fiú faic é.

Tá an an próiseas comhairliúcháin anois chomh bocht leis na hiarrachtaí atá ar siúl leis an chinneadh díchéillí faoi Oifig an Choimisinéara a chosaint.

Cad chuige mar sin a bhfuil Oifig an Choimisinéara le dúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách?

An é gur mheas cuid den státchóras go raibh an Coimisinéir Teanga ró-éifeachtach ina chuid oibre?

Nó an é gur deineadh Oifig an Choimisinéara a íobairt le taispeáint go raibh Roinn na Gaeltachta ag déanamh a cuid ar son an chuíchóirithe?

B’fhéidir gurb amhlaidh nach dtuigeann an Rialtas an tábhacht a bhaineann le stádas poiblí a bheith ag teanga leochaileach agus an dochar a dhéantar do sheasamh teanga leochaileach nuair a thugtar ísliú stádais di.

Nó b’fhéidir gurb amhlaidh gur cuma leo.