Bualadh bos don turasóir

BEOCHEIST: Ag análú le dua sna hAindéis, ar an mbealach go Machu Pichu cothaimid duilleoga cócó, iad leáite sa bhéal meascaithe…

BEOCHEIST:Ag análú le dua sna hAindéis, ar an mbealach go Machu Pichu cothaimid duilleoga cócó, iad leáite sa bhéal meascaithe leis an tseile. D'úsáid lucht na nInceach an planda ilghníomhach seo le haghaidh íobartha, cúrsaí déithe agus leighis timpeall 1460 AD.

Deineadh íobairt de chailín óg agus deirtear linn gurbh onóir í don chlann go mbeadh iníon roghnaithe uathu. Lorgaíodh an té le folt gruaige gléineach, leis na leicne is deirge agus na fabhraí is faide do na déithe. Chuiridís scairf thar a súile agus shiúladar léi go barr an chnoic. Mheascadar substaint brúite leis an duilleog d'fhonn is go mbeadh mearbhall ar an gcailín roimh a bás.

San aeráid ard 2,400 méadar os cionn leibhéal na farraige, casaimid na bóithre cúnga clochacha i ngleann Urumbamba. Ritheann fear tanaí tharainn. Is treoraí áitiúil é lena shúile socraithe ar an ngrian, an tsiombail chiorclach a d'adhradh muintir na nInceach.

Dhealraigh na déithe i measc spioraid agus coincheapanna cumhachta sa tintreach, sa ghrian agus sa bhogha báistí do mhuintir na nInceach. B'fhéidir go bhfuil sé ag cuimhneamh ar Phatsacútaí, impire atá ag sníomh sna scamaill, eisean a thóg Vilcabamba cathair ársa Machu Pichu.

READ MORE

Le haghaidh tacaíochta, cuireann an treoraí tuilleadh ríbí féir idir cosa agus sála na mbróg adhmaid lámhdhéanta. Brúnn na bróga ar a ionga thiubh bhuí atá suite ar bharr a ladhar lúbtha. Cothaíonn sé an cócó, rud a chabhraíonn leis dul i ngleic le cumhacht theas na gréine ach seans go bhfuil taithí ar a scámhóga ar an aeráid seo.

Cuimhním ar an liosta a thug an comhlacht dúinn le rudaí riachtanacha le tabhairt ar an turas: compás; taibléidí; éadaí; ceamairí agus buataisí cuí.

Ar dhroim an fhir tá suíochán ceangailte le téada tiubha don éadach atá ar nós mála, líonta lenár bpubaill, ár gceamairí, ár mbabhlaí, boird agus bia.

Labhraíonn sé Quechua, teanga threibh na nInceach. Níl aon chumarsáid eadrainn. Cad a déarfaimis le duine a iompraíonn ualach ar a dhroim, ualach a chuirfeá ar chairt de ghnáth, thar cnoic dúinne?

Ag Phuyupatamarka, an dorchadas tite go tobann, soláthraíonn na réaltaí solas agus sólás do na treoraithe a shocraíonn na pubaill. Suím síos ar an suíochán go síochánta, cuisle mo chroí ag preabadh.

Faighimid béile te i mbabhlaí ag an mbord, gan prátaí, cé go bhfuil 400 saghas práta sa tír seo, boladh an fhéir thirim i mo thimpeall. Éacht déanta againn, tugann na treoraithe bualadh bos dúinn, an t-allas ar bhos na láimhe uilig.

Éirímid ar a ceathair a chlog ar maidin mar mealaíonn Machupichu an slua chomh luath chun éirí na gréine a fheiscint ann. Tagann turasóirí as gach tír, suímid lastiar do na fallaí agus tógaimid grianghrafanna den ghrian ag lasadh an iontais seo. Bhí deis cumarsáid a dhéanamh sa bhaile beomhar seo, leis an domhan spioradálta.

500 bliain ina dhiaidh bailíonn na treoraithe áitiúla leis na lámaí fiosracha. Díoltar scairf Alpaco, ceol le píopán garbh na nInceach. Tá comharthaí do Aguas Calientes an baile le folcthaí nádúrtha teirmeach sna sléibhte, áit mhealltach don turasóir a shiúil an cosán ó Chuzco, cúig lá roimhe.

Molann an príomhthreoraí Meiriceánach, é gléasta i mbrístí géine, deich dollar a íoc leis na treoraithe áitiúla. Faighimid amach nach bhfuil pá dóibh clúdaithe sa €420 a d'íocamar in Éirinn.

Má íocann an comhlacht iad an iomarca, loiteann sé an eacnamaíocht áitiúil. Murach an comhlacht seo, ní bheadh slí bheatha do na treoraithe, a deirtear. Murach na treoraithe áitiúla, ní bheadh aon turasóir ar an turas.

Oilithreacht osnádúrtha spioradálta thart, is suarach é plé an airgid nó sealbhúchas - cúis bháis, cúis na hargóna, cúis andúil drugaí, ceann de na cúiseanna go raibh Machu Pichu tógtha mar chosaint ó ruathair na Spáinneach.

As baile, de ghnáth is é an duine áitiúil a bhíonn mar bhunchloch chomhlacht ón gcoigríoch. D'fhéadfadh an fhimíneacht bheith ann go raibh an turasóir ag baint leasa as an muintir áitiúil ar shiúlóid spioradálta. An bhfuil sé i gceart pá áitiúil a thabhairt do na treoraithe, seachas pá 'an chéad domhain'?

Is léir go bhfuil an turas tábhachtach do na treoraithe. Nuair a roghnaíonn an comhlacht treoraí ó chlanna áitiúla, is dócha go bhfuilid bródúil as bheith roghnaithe ach an gceanglaítear scairf thar a súile, mearbhall orthu, sinsearach na nInceach á dhéanamh ar phá íseal ar son na nInceach?