Buaiteoir ildánach

DIOMAITE DEN bheagán a bhí ar an eolas roimh ré, bhí fiosracht le léamh ar aghaidheanna na n-aíonna a bhí ag caitheamh béile …

DIOMAITE DEN bheagán a bhí ar an eolas roimh ré, bhí fiosracht le léamh ar aghaidheanna na n-aíonna a bhí ag caitheamh béile blasta i gCultúrlann na hÉireann, Baile Átha Cliath, Déardaoin seo caite ag ócáid bhronnta Ghradam an Phiarsaigh.

Bronnann coiste neamhspleách an gradam gach bliain ar dhuine a mheastar idéalacha an Phiarsaigh bheith curtha chun cinn aige nó aici.

Agus nuair a rinne ardstiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, cur síos ar shaothar an té a bhí roghnaithe don ghradam i mbliana, an Moinsineoir Breandán Ó Doibhlin, ba léir do chách gurb ionann an fhís a bhí ag Ó Doibhlin i dtaca le cultúr na Gaeilge de agus fís an Phiarsaigh.

Agus é ag tagairt don “obair cheannródúil” a bhí déanta ag an Doibhlineach mar mhúinteoir, fhear critice, scríbhneoir agus aistritheoir, dúirt Goan gur “dhoiligh smaoineamh ar dhuine ar bith ba mhó a raibh an cur síos ildánach ag fóirstean dó ... Níl aon duine dá ghlúin, ná go deimhin de na daoine a tháinig ina dhiaidh, a shaothraigh an léann ar scála chomh leathan, chun tuiscint ar an litríocht dhúchais a chur ar fáil agus ag an am céanna a thug léargas ar an saol mór taobh amuigh d’Éirinn inniu”.

READ MORE

Tar éis dó glacadh leis an ghradam, deilbhín cré-umha den Phiarsach mar mhúinteoir, dúirt an Doibhlineach “nuair is údar beaguchtaigh agam teirce agus go minic teip mo scríbhneoireachta, tugaim de shólás dom féin gur fada sinn fós anseo in Éirinn an lae inniu ón chinniúint sin a mheabhraigh an Piarsach dúinn a chur i gcrích. Agus meabhraím dom féin ar mo sheal, dá theirce agus dá thanaí mo dhícheallsa, gur beart é scríobh agus saothrú na Gaeilge i dtosca na hÉireann sa lá ata inniu ann, gur beart é a bhfuil brí agus bua inspioráide ar leith ann”.

Thagair sé fosta do thábhacht shaothrú an chultúir dhúchais i saol seo na heacnamaíochta agus an airgeadais.