Bhi cruinniu i gConamara aru inne

Bhí cruinniú i gConamara arú inné

Bhí cruinniú i gConamara arú inné. Bhuail an tAire Éamon Ó Cuív le hionadaithe ó na heagrais Ghaeilge, ionadaithe pobail, Údarás na Gaeltachta agus phléigh siad an Bille Teanga.

De réir cosúlachta, bhí díospóireacht bhreá ann. De réir cosúlachta, tugadh éisteacht mhaith agus deis cainte do gach duine. De réir cosúlachta, d'aontaigh na heagrais d'aonghuth go mbainfí Alt 32 as an Bhille, alt a choisceann an saoránach dul chun na cúirte má sháraítear a chearta.

Mar eolas, níor cuireadh cuireadh ar iriseoirí freastal ar an chruinniú agus níor ligeadh na hiriseoirí a bhí i láthair isteach sa seomra a fhad is a bhí an cruinniú ar siúl. Bhí iriseoir amháin i láthair, craoltóir de chuid RnaG, a d'fheidhmigh mar chathaoirleach. Bhí cead ag ionadaithe na n-eagras deonach labhairt leis na meáin chumarsáide - a coinníodh taobh amuigh - nuair a bhí an cruinniú thart.

Níor cheart go gcuirfeadh sé iontas ar dhuine ar bith nach raibh Éamon Ó Cuív ag iarraidh go mbeadh iriseoirí i láthair. Tá seantaithí ag an Rialtas ar bhainisitiú a dhéanamh ar eolas. Amharc, mar shampla, ar an raic atá ann faoi láthair faoi ghealltanais a rinneadh roimh an olltoghchán.

READ MORE

Mar sin féin, is doiligh cosc seo Uí Chuív a réiteach lena raibh le rá aige sa Dáil an tseachtain seo caite: "The media often does not bother reporting what people say in Irish in this House, which is a tragedy and a pity." Ar ndóigh, tá iriseoirí Gaeilge ann a dhéanann a ndícheall tuairiscí a scríobh ar an ábhar seo - ach an deis a fháil. Ní cothú misnigh é nach bhfuil cead acu freastal ar ócáidí poiblí den chineál a bhí ar siúl i gConamara arú inné.

Agus ócáid phoiblí a bhí ann. Ní bhíonn iriseoirí ag súil le cuireadh bheith i láthair ag cruinniú boird Fhoras na Gaeilge nó ag cruinnithe idir an tAire agus a chuid státseirbhíseach.

Ach nuair a shocraíonn an Rialtas cruinniú le grúpaí pobail agus, níos suntasaí arís, gníomhaithe teanga aonair ar spéis leo an reachtaíocht, is é ceart iriseoirí - gach iriseoir ó gach nuachtán agus stáisiún - bheith i láthair dá mba mhian leo é.

Sa mhéid is gur roghnaigh Ó Cuív iriseoir le feidhmiú mar chathaoirleach - agus d'fheidhmigh go breá, de réir tuairiscí - léirigh sé nár chreid sé go gcuirfeadh iriseoirí an cruinniú ó mhaith. Cad é a bhí le ceilt, mar sin?

B'fhéidir go bhfóireann cruinniú sa seomra cúil don Rialtas ach tá sé náireach nach ndearna na heagrais gearán poiblí faoin réamhchoinníoll seo. Tá na heagrais chéanna ag caoineadh uisce a gcinn ó foilsíodh an chéad dréacht den Bhille. Tá siad ag briseadh na gcos lena míshástacht a chur in iúl d'iriseoirí agus níl cúis ar bith ann nach gcreidfimis an mhíshástacht chéanna.

Ar an ócáid seo, ámh, léirigh siad caidreamh míshláintiúil idir iad agus an Rialtas; léirigh siad nárbh ábhar é an Bille a bhain leis an phobal ar fad ach margadh idir maithe móra Rialtais agus na n-eagras.

Is mór idir tuairisc a fháil faoi chruinniú agus an cruinniú a fheiceáil le do shúile cinn féin. Is mór idir an tuairisc ó dhuine atá ag plé leis an ábhar agus an tuairisc ó dhuine nach bhfuil.

Shéan an Rialtas ceart iriseoirí bheith i láthair agus thacaigh na heagrais leis an chinneadh sin - bíodh sé trí fhaillí, neamhiontas nó le fonn. An chéad uair eile a bhíonn cruinniú ar an Bhille, an mbeidh Aire nó eagras ag iarraidh go ndéanfaí tuairisciú air?

Bhí cruinniú i gConamara arú inné. De réir cosúlachta.