Beinidicteach Briotánach ar bheannaigh an India é

TUARASCÁIL: MANACH BEINIDICTEACH a rugadh 100 bliain ó shin (30 Lúnasa, 1910) i Saint Briac na Briotáine ab ea Henri le Saux…

TUARASCÁIL:MANACH BEINIDICTEACH a rugadh 100 bliain ó shin (30 Lúnasa, 1910) i Saint Briac na Briotáine ab ea Henri le Saux ach is faoin ainm Abhishiktananda atá aithne air san India. Conas? Ar thiontaigh sé, ar deineadh Hiondúch de? Níor thiontaigh ná an diabhal é. Bhí an tAifreann á rá aige go dtí deireadh a shaoil.

Go deimhin, caithfidh gurb eisean an chéad duine riamh a léigh Aifreann ag foinse na Gainséise, ionad oilithreachta ag Hiondúigh. Caitliceach dílis ab ea é mar sin ach d’aimsigh sé rud éigin san India, go háirithe i bpluaiseanna na ndíthreabhach a mhaisíonn sliabh na naomh, Arunachala. An é gur aimsigh sé é féin?

Níorbh é an chéad Bheinidicteach é a ghlac ainm Hiondúch chuige féin. Tugtar Swami Dayananda inniu ar an Athair Bede Griffiths, misteach.

Bhí Henri le Saux báite ar fad san fhealsúnacht neamhdhéach ar a dtugtar Advaita. Bhunaigh sé ashram chun traidisiúin spioradálta an Iarthair agus an Oirthir a nascadh lena chéile. Is cuí go gceiliúrfaí a shaol is a shaothar.

READ MORE

Sa bhliain 1929 ba leabharlannaí é leis na Beinidictigh in Kergonan ar chósta thiar na Briotáine. Chuaigh scríbhinní Luath-Aithreacha na hEaglaise i bhfeidhm go mór air agus is cinnte gur chabhraigh an lón anama sin leis ar feadh a shaoil.

Is in Kergonan a bheadh sé go dtí 1948 nuair a thug sé aghaidh ar an India tar éis dó a bheith i gcomhfhreagras le diagaire cráifeach, Jules Monchanin (1895-1957), a bhí ina mhisinéir ann. Mar reamhullmhúchán, d’fhoghlaim sé Sainscrit, Tamailis agus Béarla.

Tar éis dó an India a bhaint amach mhol Easpag Trichi dó féin agus do Jules Monchanin oilithreacht a dhéanamh go hArunachala agus radharc a fháil ar an saoi mór ann, Sri Ramana Maharshi, máistir Advaita. Móreachtra ina shaol ab ea é sin, ar ndóigh.

Ba gheall le bualadh le duine de Luath-Aithreacha na hEaglaise é, is dócha! Cé nár oscail an saoi a bhéal, bhraith Henri go raibh anam na hIndia tar éis dul go grinneall a anama féin. Osclaíodh aibhéis mhór ann nach líonfadh aon ní saolta í.

Ní heol dúnn go beacht an méid a d’fhulaing sé agus sraitheanna dá chúlra cultúrtha á gcailliúint aige – sraitheanna Giúdacha, Gréagacha agus Rómhánacha dá chreideamh san áireamh – ach is eol dúinn gur ghlac sé le Críost mar ghúrú.

An rud is mó a tharla san 20ú haois, dar le Arnold Toynbee, ná gur tháinig spioradáltacht an Iarthair agus an Oirthir le chéile agus má aontaíonn staraithe amach anseo leis an tuairim sin, luafar ainm Henri le Saux i measc cheannródaithe na gluaiseachta sin, sagart seanfhaiseanta arbh iascairí iad a mhuintir roimhe.

Chuaigh le Saux go croí an scéil. Ní tuiscint na léitheoireachta agus an staidéir amháin a bhí aige don mhistéir mhór is Advaita ann. Bhí eolas aige ar Advaita ina chroí istigh:

“Príomhthasc an duine ná dul isteach ann féin chun é féin a aimsiú,” a dúirt sé. “An té nár tháinig air féin istigh ann féin níl Dia aimsithe go fóill aige; agus an té nach bhfuil Dia aimsithe aige ann féin níl sé féin aimsithe aige ach an oiread...” Sliocht as na hUpainiseadaí, ba dhóigh leat!

Scrioptúir ársa iad na hÚpainiseadaí. Idir 800 bliain agus 400 bliain roimh Chríost a breacadh a bhformhór acu síos sa tSanscrait. “Is déithe sibh,” a deirtear sna Sailm agus sin é an teachtaireacht ollmhór atá ag na hÚpainiseadaí dúinn.

Léigh Schopenhauer aistriúchán Laidine ar na hÚpainiseadaí agus is é dúirt sé fúthu: “Sie ist der Trost meines Lebens gewesen und wird der meines Sterbens sein.” “Is iad sólás mo shaoil iad agus sólás mo bháis a bheidh iontu.” Ba é an scéal céanna ag Henri le Saux é.

Cad a chonaic Schopenhauer sna scrioptúir ársa sin, cad d’aithin sé iontu? Cad a chonaic Henri le Saux iontu? An fhírinne, ar ndóigh, cad eile. Músclaíonn na hÚpainiseadaí tart chun na fírinne agus chun na háilleachta ionainn.

Thuig Henri le Saux agus Bede Griffiths go raibh meafair sna hÚpainiseadaí a fhaightear i dtaifeadtaí na misteach go léir ó gach traidisiún, mar shampla nuair a thagraíonn Naomh Eoin na Croise don cheol gan ghlór, nó Naomh Treasa nuair a labhrann sí ar uisce ag titim ó neamh isteach in abhainn agus nach féidir an t-uisce ó neamh a scaradh ó uisce na habhann, nó nuair a théann sruthán beag isteach san fharraige.

Seo blaiseadh beag de na hÚpainiseadaí mar sin don té nár bhlais díobh go dtí seo: “I dtosach báire ní raibh ann ach an Bheith, an tAon gan a mhacasamhail as a dtáinig an cosmas is chuaigh Sé isteach i ngach aon ní ann. Is Uaidh a thagann gach a bhfuil ann. Is É an Féin istigh i ngach ní É. Is É an fhírinne É; is É an Ard-Bheith É. Tusa É sin, a Shevetaketú; tusa É sin.

“Faoi mar a ritheann aibhneacha soir is siar, á mbá san fharraige ionas gurb ionann iad; dearúdann siad go mba aibhneacha aonair iad, sa tslí chéanna cailleann gach neach a leithleachas, nuair a bháitear sa deireadh iad san Ard-Bheith. Is Uaidh a thagann gach a bhfuil ann. Is É an Féin istigh i ngach ní É. Is É an fhírinne É; is É an Ard-Bheith É. Tusa É sin, a Shevetaketú; tusa É sin...”

Conas a d’fháiltigh manach Caitliceach roimh an diagacht aduain sin? Bhí a mhachnamh déanta cheana aige ar iomann cáiliúil Naomh Gréagóir Nazianzus, an t-iomann chun Dé, Dia gan ainm, agus bhí cur amach aige ar an “Via Negativa” mar sin bheadh sé in ann a bheith ina dhroichead idir an Chríostaíocht agus an Hiondúchas. Theastaigh uaidh a bheith ina dhroichead.

Chuaigh Bede Griffiths i gceannas ar an ashram a bhunaigh Henri, rud a thug deis dár gcara níos mó ama a chaitheamh sna Himiléithe, an t-aon Chríostaí i measc na ndíthreabhach ann.

Ar 14ú Iúil 1973 bhuail taom croí é agus sna míonna a bhí fágtha ar an saol seo aige deirtear gur shroich sé buaic na spioradáltachta ar fad.

I bpluaiseanna na hIndia d’aimsigh sé pluais a chroí féin agus i gciúnas na pluaise sin fuair sé amach go raibh cónaí ar Mhac Dé ann. Déarfá leat féin, cad a thug ar mhanach Briotánach cúl a thabhairt lena thír dhúchais – ní fheicfeadh sé an Bhriotáin go deo arís – agus Aifreann a cheiliúradh ag foinse na Gainséise?

Níl a fhios agam. Cad a thug orm féin dul go foinse na Gainséise? (Bhuel, theastaigh óm bhean dul ann. Agus an mhiúil a rabhas ag marcaíocht uirthi ag an am, bhí fonn millteach uirthi siúd foinse na Gainséise a bhlaiseadh chomh maith). Má tá ceangal idir na nithe seo go léir ba chríonna an té a déarfadh cén ceangal é. Déarfadh lucht Advaita go bhfuil ceangal idir gach aon ní: Aon dobhriste is ea an uile ní. Caithfidh mé glacadh leis sin.

  • I measc na leabhar is déanaí ón údar tá an cnuasach filíochta Uttering Her Name(Salmon Poetry), dhá leabhar mhachnamhacha ar haiku, Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearingagus an dara himleabhar den díolaim Guthanna Beannaithe an Domhain(Coiscéim).