Bas poibli

Crobhingne: Ní mór ná go bhféadfá a rá go raibh áthas ar Chaitlicigh na cruinne go bhfuair a n-athair ar talamh bás tá nach …

Crobhingne: Ní mór ná go bhféadfá a rá go raibh áthas ar Chaitlicigh na cruinne go bhfuair a n-athair ar talamh bás tá nach mór seachtain ó shin ann.

Tar éis an tsaoil, ní bhfuair siad cúig lá chomh mór poiblíocht, chomh mór dea-phoiblíocht, ó thaispeántaí Fatima i leith. Tá an t-aer ramhar le seachtain anuas le bás an Phápa, roimhe agus ina dhiaidh. Is beag ní a d'oir dó ar an saol seo lena fhágaint, bíodh nach gceapfaí é sin ar na múrtha moltaí a fuair sé ó dhaoine a raibh an dearg-ghráin acu air, idir phearsa agus mhisneach agus mhacántacht.

Ba dhóigh leat gur stad na scéalta eile ar an aer murab ionann agus na heitleáin a bhí le reo nuair a nochtfaí tríú rún Fatima. Gach ráiteas buile seasc dar chraol na meáin isteach is iad a bhí go deireanach inár n-intinn. Badhbha na meán is iad a bhí amuigh agus pus solamanta ar a mbéal ag feitheamh leis an anáil dheireanach.

Dá dtógfaí leaba an bháis féin amach ar Chearnóig Pheadair agus gach ceamara ag glioscarnach anuas, ar éigean go sásófaí iad. Má bhí an Pápa é féin i ngrá leis an mbeatha, is sinne a bhí i ngrá lena bhás. Gach tráchtaire ar a chab agus cliché ar muin cliché á fháisceadh aige as an mbás a bhí le teacht, as an mbeatha a caitheadh, agus as an gcomharba a bhí le teacht. Ba mhinic gur dhracuileach mar radharc é, fág gur ghabh uaisleacht an duine féin os cionn súmaireacht na meán.

READ MORE

Ba bhás fada agus ba bhás poiblí a bhí aige. Mar dhuine ardmheabhrach is dócha gur thuig sé siar amach an sorcas a bheadh timpeall air.

Is dócha gur thuig sé na briathra binne agus an urlabhra umhal agus na focail fhimínteacha a chiorclódh a chruinnchróchar. Mar dhuine a bhí i ngrá leis na meáin ní féidir nár thuig sé go mbainfeadh na meáin a sceilpín feola fein as. Rud a dhein.

B'é an phápacht ar bhóthar é, an t-intleachtóir, an fear gealgháiriteach, an popréalta creidimh, an file cúthaileach, an t-aisteoir ar stáitse an tsaoil, oidhre Pheadair is mo dhuine Breakespeare, an scríbhneoir leabhar, an taistealaí, an t-oilithreach, an Polainneach, an teangaire ilteangach, agus ar ndóigh, an cúlbáire.

Dá mairfeadh an tAthair Treindí beo is é a bhainfeadh ceol as é a bheith ina chúlbáire. Is é an cúlbáire an líne dheireanach, neach na n-eangach thiar, gealt deiridh na foirne.

Is é an cúlbáire nach loiceann ort, is é Dónal Óg Cusack é, agus Billí Morgan, agus Ger Cunningham agus Los Locos uile na cruinne. Agus is é an cúlbáire a tharraingíonn an líne sa lathach, nó ar an ngaineamh, atá fós ina sheasamh nuair a imíonn an ghal agus an deannach den chearnóig.

Nuair a scaip an dusta de chearnóig Pheadair agus nuair a thosnaigh na sluaite ar a bheith ag caolú leo, d'fhan na meáin is a gcuid crobhingne amuigh acu. Toisc gur bhain siad leis na meáin ní raibh aon deora leo, mar a bhíonn deora leis an bpobal ar féidir leo gean a chroí a thabhairt go fíochmhar do dhuine nó do chúis. B'é ba mhian leo ná go mbeadh sé go díreach mar a bheadh duine dhíobh féin.

Ba chuma linn faoin mbean bhocht adúirt le croí maith mór go raibh brón uirthi nach ag teacht go hÉirinn a bheadh sé i mbliana, mar "ar mhí-ámharaí an tsaoil, chuaigh sé ar neamh".

Nó an t-amadán eile a bhí glic ar an bparadacsa is a mhaígh gurbh é a neart ná a easpa nirt. Ach b'iad na focail a chuirfeadh an chéir ar deargfhiuchadh id chluasa ná focail mhallaithe na Sceiche Móire.

Tá rud éigin urlacanchuiditheach ag baint le ní ar bith adéarfadh Saoirse Buis ar son an Phápa. Seo neach atá chomh mór ar son an bháis le barbarach beo nó marbh ar bith eile. Agus b'éigean dúinn éisteacht le seanchas screallach na Sceiche.

Is é oighear an scéil é ná gur liobrálach buile ba ea an Pápa Eoin Pól II. Níor Phrotastúnach é i gcúrsaí diagachta, agus níor chumannach ná níor chaipitlíoch é i gcúrsaí sóisialta.

Bhíodar ann a shairsingeodh gach bosca díobh siúd air. Ní ligfí isteach san Eaglais Shaor mar le diagacht é, agus ní bhfaigheadh sé ballraíocht sna PDs ná in eite Fhine Gael d'Fhianna Fáil mar le seasamh sóisialta ná le cearta daonna é.

Chosain sé an báire agus chuir sé an pháirc amach tar éis 300 bliain d'uaisle na hIodáile. Léirigh sé nárbh ionann an Chríostaíocht agus arm báis Bhuish.

Thaispeáin sé nach bhféadfadh le hImpireacht na Rúise an tsaoirse a chloí. Cén Pápa a sheasóidh in aghaidh Impireacht Mheiriceá anois nó feasta nuair a chuirfear an gunna leis an uiseann nó nuair a leagfar an scriúire ar an ionga?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar