An mhichuimhne

Crobhingne: Tá "comóradh" á dhéanamh ar fhuascailt an champa bháis úd Auschwitz tá trí scór bliain ó shin

Crobhingne: Tá "comóradh" á dhéanamh ar fhuascailt an champa bháis úd Auschwitz tá trí scór bliain ó shin. Cláracha faisnéise á dtaispeáint, agus leabhair á meabhrú, agus cuimhní cinn á gcur as ard.

Amhailteanna daoine agus cnámharlaigh bheo go liath trasna na scáileán.

D'oirfeadh go bhfeicfimis níos mó dá n-uafás, ní hea uair amháin sa bhliain, ná sna deich mbliana, ach gach seachtain nó gach lá de réir mar ba ghá.

Iarracht á déanamh ag cách a chéile ar an scrios a shealbhú go hiomlán, agus ag teip orthu. Rud nach dtuigim, mar tá sé fuiriste go leor gach ar tharla a mhíniú. Mar is cuid den mhuic an drioball, is cuid den duine an díothú. Lís den nádúr sinn ar fad, agus tá sin ginte ionainn.

READ MORE

Ní eile ar fad is ea dícheall aosa áirithe ar an stair seo a chur as a riocht, stair a bhaineann le hÉirinn, leis an Eoraip, agus leis an domhan mór.

Mar chuid lárnach den fheachtas a fhéachann le díspeagadh a dhéanamh ar ghiniúint agus ar chosaint neamhspleáchas an stáit seo tá an síorionsaí ar sheasamh na tíre le linn an dara domhanchogaidh. Cuirtear ár gcuid neodrachta in aon bhosca náireach amháin leis an nGaeilge agus le cogadh na saoirse agus fógtar fán uirthi.

Is é bréag is mó díobh ná gur troideadh an dara domhanchogadh ar son na nGiúdach a shlánú ón gcinniúint dhearg a shocraigh an dara tír is "sibhialta" san Eoraip dóibh.

Baint ná baint ná baint ní raibh ag slánú na nGiúdach le fearadh an chogaidh. Baint ná baint ná baint ná baint ní raibh ag dul chun bláir na Sasanach, na Rúiseach, ná na Meiriceánach le dán daordhálach na nGiúdach. An gá é seo a rá arís, ar eagla na gcarraigchloigne cráinchrua amuigh ansin?

Baint ná baint ná baint ná baint ná baint ní raibh ag na campaí báis, ná na sorcóirí gáis, ná stoitheadh na bhfiacal órga, ná an craiceann daonna ar lampaí, ná an ghruaig dhaonna i ndiallait chapall na maor, ná an deatach ag scríobh an bháis ar chlár na spéire, baint ná baint ná baint ní raibh ag aon phioc de seo leis an gcogadh in aghaidh Hitler agus an chine Ghearmánaigh a lean le fonn é ar an mórchóir.

Ba dheas linn dá mb'amhlaidh gurbh ea gur chuaigh sciar maith mór den domhan ag troid ar son an chirt agus na maitheasa san anuair úd. Ba dheas linn dá ndéanfaí a leithéid arís. Ba dheas linn dá dtroidfí le tart na córa agus le hairc chun cirt.

Tá an fhírinne, faraoir, seacht milliún fichead uaire níos suaraí ná sin. Is amhlaidh gur fuasclaíodh a raibh fanta d'fhuíoll an chine Ghiúdaigh san Eoraip toisc gur fágadh cnámha agus colainneacha seacht milliún fichead de shibhialaigh agus de shaighdiúirí na Rúise ar na machairí marfacha idir Beirlín agus Stalingrad. Níorbh iad na Meiriceánaigh, ná na Sasanaigh, ná aon chuid dá gcomhghuallaithe a d'fhuascail Auschwitz, ach arm Stalin, a raibh oiread fola ar gach orlach dá chabhail, agus níos mó thairis sin, ná an búistéir i mBeirlín faoina chroiméal bruise.

B'iad búistéirí barbartha Stalin a shábháil an cine daonna ó bhúistéirí barbartha Hitler agus a chuir deireadh leis an Treas Reich agus bhí búistéirí barbartha Stalin frithghiúdach.

Ní raibh san aighneas in iarthar na hEorpa ach taobhchluiche, seachimirt ar imeall an chláir. Abartar arís é ar eagla na míthuisceana: 90 faoin gcéad de shaighdiúirí na Gearmáine a d'fhág a gcnámha ina ndiaidh, is ar an bhfronta in aghaidh na Rúiseach a fágadh iad.

Agus ba chuma leis na Rúisigh faoi sheacht milliún fichead faoin gcine Giúdach. Agus ba chuma leis na Sasanaigh. Agus ba chuma leis na Meiriceánaigh. Agus chuir na Francaigh ar an traein iad chomh fonnmhar le cách, mar a dhein na Slóvánaigh, agus na Danmhargaigh, agus na Polannaigh, agus na hIodálaigh.

Agus is cinnte go ndéanfaimisne an bheart chéanna sa chás is nach rabhamar neodrach. Tá taispeánta go soiléir ag 80 faoin gcéad dínn go bhfuil an nimh chiníoch ag rith trínár gcuisleanna mar chách agus nach aon mhairg dúinn an mhuintir ar deineadh leatrom orthu a dhíbirt mar gur Giúdaigh iad.

Áfach! tá brón orm. Bhain mé leas as an bhfocal mícheart. Toisc go bhfuil craiceann dorcha orthu, timpeallghearradh ann nó as.

Ach maidir le hAuschwitz ní rabhamar aon phioc níos ciontaí ná níos náirí ná cách. Ach níor triaileadh ár miotal den spailp sin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar