An fórsa le hÉilís

IS Í Éilís Ní Dhuibhne a bheidh ina scríbhneoir cónaithe ag an fhéile scríbhneoirí Force 12 i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh …

IS Í Éilís Ní Dhuibhne a bheidh ina scríbhneoir cónaithe ag an fhéile scríbhneoirí Force 12 i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, idir an Aoine 12ú agus an Domhnach 14ú, Meitheamh.

Tugann an fhéile deis do scríbhneoirí foilsithe agus údair neamhfhoilsithe teacht le chéile agus labhairt ar chúrsaí scríbhneoireachta. Beidh Ní Dhuibhne ag obair le grúpaí scríbhneoirí agus scoileanna ar fud an chontae le linn mhí na Bealtaine agus an Mheithimh.

Is fada clú ar Ní Dhuibhne as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla i gcúrsaí drámaíochta, ficsin agus leabhair do pháistí. Is ball d’Aosdána í agus múinteoir ar an scríbhneoireacht chruthaitheach ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Go raibh an fórsa léi.

Eolas: 094-9024444 nó mayoarts@mayococo.ie