An fhéile dhomhanda ghlas sin

CROBHINGNE: CHUIR AN pápa misinéar éigin darbh ainm dó Palladius chugainn sa bhliain 431, más fíor

CROBHINGNE:CHUIR AN pápa misinéar éigin darbh ainm dó Palladius chugainn sa bhliain 431, más fíor. An chéad iarracht a bhí ann ar Chríostaithe a dhéanamh dínn, agus níl an chuma air gur éirigh go rómhaith leis ach an oiread le hiarrachtaí eile.

Tá sé i bhfolach san seanchas in áit éigin gur tháinig sé i dtír i gCiarraí ach gur mharaigh siad é mar mhol sé dóibh a bheith deas le chéile ar pháirc na caide. Is féidir a bheith buíoch do mhuintir Chiarraí, mar sin, óir murach iad is Pallies a bheadh ag an saol mór orainn seachas Paddies ó shin.

De réir na gConallach is Pakies a bheadh ionainn, ach ní raibh cead againn riamh siopa a oscailt ar chúinne na sráide. Ina choinne sin, bhímis riamh ag smaoineamh orthu, mar atá sa phaidir: “Maith dhúinn ár bpakies anois agus ar uair ár mbáis, amin.”

Seans atá in Lá ’le Pádraig ligean don saol mór ligean orthu go bhfuil ligean taitneamhach acu dúinn. Ligimidne orainn go bhfuilimid go hiontach agus ligeann an saol mór orthu go bhfuilimid ann. Is é aonach na hÉireann atá ann, aonach arb ann dó toisc gurbh éigean dár muintir an bád bán agus an t-eitleán dubh a thabhairt orthu féin.

READ MORE

Ceiliúradh agus comóradh na tubaiste ann, dá dtuigfí i gceart é, agus sinn ag déanamh gairdeachais gur éirigh linn oiread sin daoine a sheoladh amach thar dhroichead na ndeor. Ar éigean atá féile ar bith eile ar fud na cruinne arb í an teip is bun léi, agus go bhfuiltear mórálach aisti.

Ach bhíomar go maith riamh ag lasadh tinte chnámh leis an gcliseadh. Ataimid le mórtas maingléiseach nuair a bheirimid bua morálta i gcluiche idirnáisiúnta. Is ionann bua morálata agus cailliúint nach raibh chomh mór leis an gcailliúint a rabhamar ag coinne leis. Is é ár mbuaic feitisiú a dhéanamh ar na nithe nár éirigh linn a bhaint amach.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuiltear á aithint sin. Le suim bhlianta anuas bhí Féile Lá ’le Pádraig ag leathnú agus ag craobhú ar fud na gceithre hairde. Chuala faoi Shanta Claus in íochtar na Fionlainne gurbh éigean dó éirí as a chodladh geimhridh d’fhonn dul ag máirseáil trí lár an bhaile ba ghaire dó. B’éigean do léinte gorma Sri Lanka léinte glasuaine a chur orthu féin in ómós na hócáide tráth dá raibh. Ach imíonn sin agus tagann seo.

Ní raibh torthaí an toghcháin dheireanaigh tirim i mbéala na mbuaiteoirí nó gur tháinig scéalta nach raibh na tíortha ba mhó ar domhan róshásta. Tá níos mó ola faoin Rúis ná mar atá ar bhois pholaiteora ach fós b’iad ba ghaiste a d’fhógair go mbeadh deireadh le mórshiúl Lá ’le Pádraig i Moscó i mbliana.

Leithscéal éigin agus a thóin leis a mhaígh siad, rud éigin faoin tranglaim tráchta, ach ar éigean go ngéilleann duine ar bith dó sin, ach an oiread is a ghéilleann siad do mhil do chách agus do chailíní rince ar maidin an chomhrialtais nua. Amhras mór a bhí ar Rialtas na Rúise maidir le saighdiúirí na hÉireann ar an teorainn le NATO ba bhun leis.

Cuma sin, ar shlí, mar má chuireann tú glas agus dearg le chéile gheobhaidh tú rud éigin atá dealraitheach le dathanna Chontae Mhaigh Eo, agus níor dhathanna iad sin a dhein gaisce ar bith i bPáirc an Chrócaigh le cuimhne na ndaoine os cionn céad bliain d’aois.

Is measa fós, áfach, gur chinn na Sínigh nach leomhfaí mórshiúl leipreachánach in Shanghai i mbliana ar son na slándála. Cúrsaí slándála arís ba scim dóibh, agus eagla bhuí orthu go mbeadh buama daonlathach nó áis chreachta éigin eile i bhfolach faoi fhéasóig nó faoi hata acu. Is dóichíde, áfach, go raibh eagla orthu go dtiocfadh polaiteoirí na hÉireann ar cuaird seamróige chucu agus cuaird seanbhróige déanta cheana féin acu.

Fágann sin an dá thír is mó a bhfuilimid ag iarraidh iad a bhréagadh in earráid linn. Tá diúltaithe acu do Phádraig, agus dá dheisceabal, Paddy. B’fhéidir go bhfuil diúltaithe, leis, acu don leipreachán ladhrach.

Tá ar m’aithne duine a chaith scór bliain i Montreal Cheanada ag iarraidh an leipreacháin a dhíbirt ó mhórshiúl na féile agus ní túisce a d’éirigh leis ná bhí athbheochan déanta air nuair a d’fhill sé ar Éirinn.

Bhíodh nathán ann gur tír sinn a chaill an leipreachán agus a ghnóthaigh an pota óir; is cosúla anois go bhfuil an pota óir caillte againn agus an leipreachán ar ais san fhaisean. In ainneoin an fhirín, áfach, beifear ann a bhainfidh súp as an mbeoir smugaghlas.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar