TÁ an Bille Teanga ar ais ar an chlár oibre. Tá 32 leasú ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) molta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus iad curtha faoi bhráid an Rialtais.
Dúirt Leas-Stiúrthóir na Comhdhála, Pádraig Ó Ceithearnaigh: "Caithfidh an Bille cearta phobal na tíre i leith na Gaeilge de, idir phobal na Gaeltachta agus an phobal taobh amuigh di, a neartú agus a dheimhniú. Ní cóir go mbeadh an baol is lú go ndéanfadh aon Bhille maolú nó lagú ar na cearta seo.
"Mar sin, tá an príomhleasú á mholadh ar theideal agus aidhm an Bhille a iarrann go mbeidh a bhfuil beartaithe leis an mBille ann "gan dochar do chearta atá ag an saoránach faoin mbunreacht ceachtar den dá theanga oifigiúla a úsáid".
"Teastaíonn ón gComhdháil go gclúdóidh gach a bhfuil sa Bhille faoi riaradh an cheartais cásanna sibhialta agus coiriúla araon agus go mbeidh seirbhís iomlán trí Ghaeilge ó na cúirteanna sa nGaeltacht. Is gá freisin nach mbeadh imeachtaí trí Ghaeilge sna cúirteanna teoranta d'fhianaise amháin.
"Ní cóir go mbeadh an tseirbhís ón Stát teoranta do scéimeanna mar go bhféadfadh na scéimeanna céanna bac a chur ar an duine cearta go bhfuil taithí aige/aici orthu a fheidhmiú. Ina theannta sin, d'fhéadfadh na scéimeanna bheith teoranta d'fhíorbheagáin seirbhísí, seirbhísí go mb'fhéidir duine réasúnta bheith ag súil leo cibé ar bith."
Dúirt sé gur ghá "go mbeadh áit na Gaeltachta láidrithe go mór sa Bhille agus táimid ag lorg i measc rudaí eile don Ghaeltacht "gur í an Ghaeilge a bheidh mar theanga oifigiúil oibre ag oifig, fo-oifig de chomhlacht poiblí a bheidh lonnaithe i gceantar Gaeltachta"."
Ba laige í fosta, a dúirt sé, an iomarca nithe bheith fágtha faoi dhea-thoil Aire nó ceann comhlachta poiblí sa reachtaíocht. Ba den riachtanas a chinntiú go gcuirfí a raibh sa Bhille i bhfeidhm agus go ndéanfadh an tAire agus Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla monatóireacht leanúnach ar fheidhmiú an Achta agus go dtuairsceodh dá réir sin.
Ba thábhachtach go nglacfaí leis na leasuithe ionas go "láidreofaí" an reachtaíocht. Bheadh de thoradh ar na leasuithe go mbeadh "Acht fiúntach éifeachtúil ann a thabharfas bonn reachtúil ceart do stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. Níl an baol céanna do chearta an tsaoránaigh má ghlactar leis an leasú ar Aidhm agus Teideal an Bhille. Tá an focal comhionannas ag déanamh imní do dhaoine. Táimid ag díriú ar chomhionannas seirbhísí ní fhéadfadh aon rud eile bheith i gceist gan leasú ar an mBunreacht féin."
Ó thaobh na Gaeltachta de, dúirt sé go dtabharfadh na leasuithe "brí i bhfoirm reachtúil do sheirbhís chuimsitheach do phobal na Gaeltachta. Gan iad is beag tagairt atá sa Bhille don Ghaeltacht."
Bhí sé dóchasach go n-achtófaí an Bille, á rá go raibh "Aibreán na bliana seo chugainn anois luaite. Ach dá dtógfadh sé cúpla seachtain eile chun a chinntiú go mbeadh an tAcht i gceart le seirbhís chuimsitheach i nGaeilge a chur ar fáil do phobal, b'fhiú fanacht."
Tá mórán cainte ann faoi chiorruithe an Rialtais. Nach mbeidh tionchar diúltach ag na ciorruithe sin ar an reachtaíocht?
"D'fhéadfadh tionchar áirithe bheith ag na ciorruithe Rialtais le feidhmiú an Achta ... Is cúrsaí pearsanra agus foirmeacha is mó atá i gceist le feidhmiú an Achta. Tá an pearsanra fostaithe ach beidh gá oiliúint a chur orthu i gcásanna áirithe agus beidh na foirmeacha den chuid is mó ar fáil thar an Idirlíon cibé ar bith. Agus sin ráite táimid ag fanacht leis an mBille seo le 30 bliain ná bíodh an státchóras ag úsáid leithscéal na gciorruithe le rudaí a chur ar an méar fhada arís."
Bhí sé i gceist ag an Chomhdháil sraith cruinnithe a reáchtáil le daoine a chur ar an eolas faoin Bhille. "Más spéis le pobal ar bith go ndéanfaimid cur i láthair ar an mBille beimid sásta sin a dhéanamh taobh istigh dár n-acmhainní," a dúirt sé.