Ag teacht slán as géarchéim an tinnis

BEOCHEIST: “CAILLFIDH SÉ úsáid na coise ar a laghad, agus b’fhéidir an chos eile leis.”

BEOCHEIST:"CAILLFIDH SÉ úsáid na coise ar a laghad, agus b'fhéidir an chos eile leis."

B’shin tuairim mheáite an tsaindochtúra tar éis dó an buachaill óg a ghrinnscrúdú. “Ní mór é a thabhairt chuig Ospidéal na Trócaire láithreach.”

Bhí gluaisteán ag a chol ceathrar agus chuaigh sé lena mháthair isteach sa chathair leis. Cathaoir rotha ag feitheamh leis ag an ospidéal, isteach san ardaitheoir agus ar aghaidh leis go barda na mbuachaillí, áit a mbeadh sé gan chuairteoir gan teagmháil le baile. Ar éigean a bhí deich mbliana sroichte aige.

Gnáthshamhradh buailte leis is lena chomhaoisigh scoile, obair bhaile caite i leataobh go Meán Fómhair.

READ MORE

Ag tnúth leis an gcarnabhal bliantúil ar fhaiche an tsráidbhaile, cluichí iomána na ndaoine fásta i gcoinne na gclubanna máguaird, ag bualadh sliotair lena chairde. An camán ag siúl leis go dtí an siopa ar thóir ghloine líomanáide agus uachtar reoite báite ann, an deoch ab ansa leis chun tart na himeartha a mhúchadh.

A mbítear ag súil leis, ní de shíor a thagann sé chun críche, mar sheachtain iar-dhúnadh na scoile, bhí breoiteacht air.

Pianta uafásacha in íochtar a dhroma, iad ag teacht i ngan fhios is gan chúis, ní raibh dul as aige ach dul chun na leapa agus fios a chur ar an dochtúir teaghlaigh. Tháinig, scrúdaigh, is cuireadh fios ar an dochtúir comhairleach.

De réir a chéile chuaigh sé i dtaithí ar an ospidéal ach fós níorbh eol dó cad ba bhun leis na freangaí tinnis, a dteacht ná a n-imeacht, cibé uain ba mhian leo.

Bhí curtha in iúl dá thuistí ceart go leor go raibh polaimiailíteas air agus b’fheasach dóibh go raibh Corcaigh i ngreim galair fhorleata an tráth san. Coinníodh an t-eolas uaidh.

Níor rófhada san ospidéal dó, seachtain ar a mhéid, gur tugadh le fios dó go mbeadh na dochtúirí chuige lá arna mhárach chun na pianta a mhaolú.

Tháinig siad an mhaidin dár gcionn, eatarthu d’ardaigh siad os cionn na leapa é, choinnigh greim air sa tslí go raibh sé ina shuí ar a mbosa. An tslí cheannann chéanna a thugadh lucht tacaíochta onóir do scothiománaí tar éis dó sárchluiche a imirt.

Nocht dochtúir acu íochtar an droma agus bhain sé sreabhán as, taobh leis an tsnaidhm droma. Níor bhraith an t-othar óg pian ná tinneas ar bith lena linn.

Ní fhéadfaí a rá go raibh sé ar a sheanléim láithreach, bhí sé i bhfad uaidh sin, ach le himeacht aimsire bhí deireadh leis na dúphianta gránna.

Aisteach go leor nuair a tháinig a thuistí chun a bhailithe bhí ionadh air nár shiúil sé go dtí an t-ardaitheoir agus anuas chun bualadh leo.

Thiomáin altra cathaoir rotha le hais a leapa agus chabhraigh sí leis suí isteach inti. Nuair a shroicheadar doras an ospidéil bhí cúntóirí ar fáil chun é a ardú agus a chur isteach sa charr. B’ait leis sin. Ní dúirt sé faic.

Ar a mbealach abhaile stop an carr ar Bhóthar Ghleann Maghair Íochtair ar aghaidh stáisiún na traenach, cheannaigh a mháthair gloine líomanáide agus reoiteog dó. B’aoibhinn leis sin.

Bhí air cúpla lá a chaitheamh sa leaba agus an chéad lá a d’éirigh sé bhraith sé laige ina chos chlé.

An túisce is a thosaigh sé ag siúl bhí sé ar nós duine a raibh cos amháin níos lú ná an chos eile agus chuir sin i gcuimhne dó gréasaí an tsráidbhaile a raibh “hop-along” mar leasainm air de dheasca a chéim bhacaí.

An mbeadh sé féin mar sin de shíor?

Dúirt a mháthair leis dul amach ar chúl an tí agus babhtaí siúlóide a dhéanamh i rith an lae agus d’oir sin go breá dó toisc go raibh gairdín breá fada acu.

Ba ghairid go raibh a dhlúthchara ina ghlaic aige arís, a chamán, agus thosaigh sé ag bualadh na liathróide de réir a thola i gcoinne chúlbhalla an tí agus ar dhíon tigín a raibh fána nádúrtha leis.

Chaill se an carnabhal, chaill sé an samhradh ach, an ní ba thábhachtaí ar fad, chaill sé an chéim bhacaí agus gach aon rian den pholaimiailíteas.

Ag féachaint siar dó tuigeann sé gur cailleadh daoine óga, gur fágadh daoine óga le máchailí a bhaineann go díreach le pairilis na hinchinne agus an tsnaidhm droma. I dtéarmaí leighis is galrú víris é polaimiailíteas a ionsaíonn na néaróga a bhíonn ag smachtú na matán.

Tuigeann sé go maith go raibh an barrádh air teacht slán sábháilte as crúcaí fíordhamáisteacha an ghalair mhíthrócairigh seo.

Go raibh a mháthair á dhruileáil chun siúil sa chúlghairdín i dtús na 1950í trí fichid bliain díreach ó shin.

Gur éirigh leis an oiread san taitnimh a bhaint as iománaíocht, liathróid láimhe, leadóg is leadóg bhoird a imirt gan stró.