Beocheist: Two collections of articles offer sound reading for the would-be journalist, writes Máiréad Ní Chinnéide
Foilsíodh le déanaí dhá chnuasach alt le beirt údar atá ag saothrú i ngort na hiriseoireachta Gaeilge le breis agus 50 bliain. Is iad Súil Tharam le Proinsias Mac Aonghusa agus Gríscíní Saillte le Deasún Breatnach an dá leabhar agus An Clóchomhar a d'fhoilsigh. Aistí a foilsíodh idir 1987 agus 1994 atá i leabhar Mhic Aonghusa agus aistí a foilsíodh idir 1968 agus 1997 atá i gcnuasach an Bhreatnaigh.
Colúnaithe is mó a fhoilsíonn a saothar agus más colúnaí é a bhíonn go minic i mbéal an phobail tá seans maith ann go mbeidh díol maith ar an leabhar.
Ó tháinig ann do ríomhairí agus don deascfhoilsitheoireacht ní bhíonn mórán stró ar an fhoilsitheoir na leabhair a chur ar fáil mar bíonn an t-ábhar ag an iriseoir ar dhiosca cheana. Ach cén tairbhe na hailt sin a fhoilsiú blianta i ndiaidh a scríofa?
Is gnách go dtugann an colúnaí dearcadh ar chúrsaí a linne bunaithe ar an eolas a bhíonn ar fáil dó ag an am. Seans gur dearcadh eile ar fad a bheadh aige ar an scéal an tseachtain ina dhiaidh sin nó nuair a bheadh níos mó ama aige chun machnamh a dhéanamh air.
Foilsíodh ceithre bliana ó shin cnuasach aistí a scríobh an t-údar Máirtín Ó Cadhain sna 1950í don Irish Times. Is beag alt acu, dar liom, a sheas teist an ama. Fear cúise a bhí sa Chadhnach, ní iriseoir.
Seacht mbliana roimhe sin foilsíodh bailiúchán alt a scríobh Breandán Ó hEithir don iris Comhar. Is mó suim a chuirfeadh léitheoirí an lae inniu iontu ná i saothar an Chadhnaigh mar, tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ina iriseoir gairmiúil don Irish Press, b'fhearr an tuiscint a bhí ag Ó hEithir do cheird na hiriseoireachta.
B'fhearr an cumas a bhí aige chun an teanga a aclú chun dul in oiriúint d'alt gearr irise. Ach fós féin bheadh cuid mhór den ghreann agus den aoir sna haistí caillte ar léitheoirí an lae inniu.
Seasfaidh an chuid is mó de na haistí sa dá chnuasach nua seo teist an ama mar gur roghnaigh an t-eagarthóir go cúramach ailt nach mbeadh as dáta tamall gearr tar éis a scríofa.
Agus mura mbeadh iontu ach an friotal fuinte ina nochtann an t-údar a thuairimí b'fhiú go mór d'aon duine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a chumas scríbhneoireachta ceann de na haistí seo a léamh gach oíche.
Cúis eile chun saothar iriseoireachta, a scríobhadh na blianta ó shin, a léamh is ea eolas a fháil faoi imeachtaí atá imithe i ndearmad.
Tá ceird na hiriseoireachta á cleachtadh ag Proinsias Mac Aonghusa ó thús na 1950í. Mar is eol d'aon duine a éisteann leis ar Raidió na Gaeltachta is beag scéal nuachta a bhíonn sa tír seo nach féidir leis tarraingt ón iliomad foinsí atá aige chun solas úr a chaitheamh air.
TÁ blúirí suimiúla eolais le fáil sa chnuasach Súil Tharam nach bhfaca mise in aon áit eile. Chuir mé féin suim ar leith san aiste 'Maslú an Dara Seanascal' faoin mhasla a thug airí rialtais Fhianna Fáil in 1932 d'ionadaí an rí in Éirinn, James McNeill, agus faoi iarrachtaí de Valera an scéal a choinneáil ó na nuachtáin.
Ar chúl an leabhair deirtear linn go raibh an t-údar ar dhuine den bheagán a chuir go leanúnach i gcoinne chultúr na cinsireachta agus an fhrithnáisiúnachais.
Tá an cur i gcoinne sin le sonrú in ailt ar nós 'Bréaga na Meán Cumarsáide', 'Nuachtáin agus an Fhírinne', 'Tús Chinsireacht Pholaitiúil RTÉ'. Agus i bhfianaise an fhiosraithe atá le déanamh ar chaimiléireacht sa Gharda Síochána is fiú go mór an t-alt ar 'The Heavy Gang' a léamh.
Duine den bheagán sin fosta a chuir in éadan na cinsireachta b'ea Deasún Breatnach a thosaigh ag saothrú mar iriseoir faoin ainm Rex Mac Gall in 1946.
Cé nach bhfuil an slacht céanna ar na hailt in Gríscíní Saillte agus atá ar ailt Mhic Aonghusa tá lear mór eolais le fáil faoi Éire a linne in ailt mar 'An Chúirt Speisialta Choiriúil', 'Marbhna' faoi stair an nuachtáin Scéala Éireann agus 'Amnesty agus Cearta an Duine' mar a bhfuil trácht chomh maith ar 'dhíorma crua' an Gharda.
Agus an oiread sin daoine óga ag tabhairt faoi chúrsaí acadúla iriseoireachta agus a laghad sin samplaí ann d'iriseoireacht mhaith Ghaeilge arbh fhéidir leo foghlaim uathu, is maith ann an dá leabhar seo ó bheirt iriseoir nár fhreastail ar chúrsa iriseoireachta riamh agus a d'fhoghlaim an cheird an bealach crua.