'AG OSCAILT doirse' idir Gaeilge agus Gàidhlig a bheidh an Dochtúir Reamaí Mathers ar ball. Seolfar clár nua tacaíochta teanga dá chuid, Ag Foscailt Doirse, ar Oileán Ìle na hAlban ar an mhí seo chugainn.
Is é is cuspóir leis an chlár tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu ach ar mhaith leo cuidiú lena bpáistí an teanga a shealbhú.
Is mar chomhfhiontar idir lucht na Gaeilge i mBaile an Chaistil, Co Aontroma, agus lucht na Gàidhlig ar Oileán Ìle na hAlban a forbraíodh an clár. Más ait le rá é, is deise gaelscoil Oileán Ìle do mhuintir Bhaile an Chaistil ná gaelscoil ar tír mór na hÉireann.
"Nasc idir dhá phobal" atá i gceist leis an tionscnamh Ag Foscailt Doirse, a dúirt Mathers, "bealach isteach chun na teanga" atá ann mar do dhaoine a bhíonn "ag foghlaim Gaeilge i bhfolús".
Is é Mathers údar an chláir agus tá eolas maith aige ar chúrsaí oideachais trí mheán na Gaeilge. Faoi láthair, is Bainisteoir Thiomsú Airgid é le hIontaobhas na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste.
Dúirt sé go raibh "suim ag cuid mhór daoine sa teanga, is í an fhadhb atá acu ná nach bhfuil siad iomlán compordach le, nó eolach faoi, na deiseanna atá acu tacú lena bpáistí.
"Tá fás iontach ag teacht ar an Ghaelscolaíocht in Éirinn agus in Albain agus mar gheall air sin tá níos mó páistí ná mar a bhí leis na blianta in ann an teanga a labhairt.
"Is í cúis an chúrsa seo ná slí níos follasaí a thabhairt do thuismitheoirí, nach bhfuil an teanga acu, ról lárnach a imirt lena bpáistí ón chéad lá. Is iad ár dtuismitheoirí na rólchuspaí is mó atá againn inár saol." Má tá daoine fásta ag iarraidh go mbeidh a gcuid páistí líofa i nGaeilge, tá sé tábhachtach go dtacaíonn oideachasóirí leo le go mbeidh eolas faoin teanga, agus an cultúr a théann léi, acu, a dúirt sé.
Dúirt Mathers go ndearna an cúrsa idirdhealú idir "Gaeilgeoir" agus "Gaeilgeoir gníomhach"; bhí an tír lán daoine le Gaeilge nár labhair í agus bhí éacht déanta ag na Gaelscoileanna ach cad é faoi shaol na bpáistí sa bhaile agus a gcuid tuismitheoirí, daoine a d'imir an-tionchar ar rogha teanga a gcuid páistí?
Dúirt sé go raibh an clár bunaithe ar shamhailchomhartha, an Stól Tríchosach, is é sin, ní thig leat bheith i do Ghaeilgeoir gníomhach mura bhfuil trí achar tacaíochta agat: líofacht sa teanga; luach bheith agat ar an teanga agus eolas bheith agat ar an teanga i gcomhthéacs cultúrtha:
"Tá an clár bunaithe ar chomhrá le tuismitheoirí lena spreagadh le smaoineamh faoi na hachair seo, in áit a bheith a rá leo cad é ba chóir dóibh a rá nó a dhéanamh lena bpáistí.
"Is é an dóchas atá againn go mbeidh tuismitheoirí nach bhfuil an Ghaeilge acu in ann bheith mar chomhthaistealaí agus mar chomhairleoir ag a bpáistí."
Dúirt sé gur léirigh a chuid triallacha go dtí seo gur chothaigh an clár spéis agus gníomhaíocht sa teanga ag leibhéal feasachta agus líofachta: "Is é sprioc lárnach eile an chúrsa ná go dtacóidh an t-eolas agus na pointí dearfacha óna dtuismitheoirí leis na páistí féin - a fuair líofacht na Gaeilge fríd an Ghaelscolaíocht, scoil Ghaeltachta nó dóigh ar bith eile - tagairt siar don saol a bhí acu sa bhaile agus an bealach céanna a roghnú lena bpáistí féin."
Tá an cúrsa ar fáil anois agus tá Mathers sásta cuairt a thabhairt ar scoil nó ar ghrúpaí Gaeilge le taispeáint dóibh conas an leas is fearr a bhaint as.
Eolas: reamai.mathers@gmail.com
Áiseanna logainm
IS MÓR an áis d'iriseoirí, aistritheoirí, múinteoirí, staraithe agus duine ar bith a bhfuil leagan údarásach de logainm uaidh an suíomh Idirlín www.logainm.ie, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.
Chruthaigh FIONTAR, aonad teagaisc agus taighde in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an suíomh.
Ní amháin go bhfuil córas ann chun tiontú comhuaineach Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge a dhéanamh ar thart faoi 100,000 logainm, ar fud na tíre, ach i gcás cuid mhór acu is féidir an fhianaise staire ar a bhfuil an t-ainm údarásach bunaithe a fheiceáil.
Rinneadh scanadh ar na cártaí a scríobh oifigigh an Bhrainse Logainmneacha de láimh nuair a bhí leaganacha Gaeilge ainmneacha na mbailte poist á gcur ar fáil don Stát sna 1960í. Is le comhairle ón Choimisiún Logainmneacha a socraíodh na foirmeacha ar bhonn taighde ar fhoinsí scríofa agus ar fhianaise áitiúil. Léiríonn na híomhánna atá le fáil ar an suíomh faoi 'Taifid Chartlainne' an réimse taighde a rinneadh.
Ag seoladh oifigiúil an tsuímh an tseachtain seo caite thagair Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív don chinneadh a rinne sé an t-ainm oifigiúil, An Cnoc, Co Mhaigh Eo, a athrú go dtí Cnoc Mhuire.
Feicfidh an té a chuardaíonn An Cnoc/Knock ar an suíomh nach dtaispeántar fianaise staire le Cnoc Mhuire ach go léiríonn na taifid chartlainne faoi An Cnoc in oirthear Bhéal Feirste go bhfuil fianaise ann chun Cnoc Choluim Cille a thabhairt ar an áit sin.
Is féidir fosta éisteacht le fuaim logainmneacha áirithe i dtrí chontae - Port Láirge, Gaillimh agus Dún na nGall - agus maítear gurb áis í seo nach bhfuil le fáil ar bhonn náisiúnta i dtír ar bith eile.
Tá forbairt leanúnach á dhéanamh ar an suíomh agus tá sé i gceist cur leis. Má tá ceist ag duine faoi logainm tá áit ar an suíomh chun iarratas a chur chun an Bhrainse Logainmneacha.
Gan ach ceathrar ar bhuanfhoireann an bhrainse, agus duine den triúr taighdeoirí ar gearrchonradh tar éis aistriú go post eile, beidh sé dian orthu freastal ar an suíomh Idirlín agus leanúint le príomhchúram an bhrainse, is é sin, taighde a dhéanamh chun ceartfhoirmeacha Gaeilge logainmneacha na hÉireann a aimsiú agus a fhoilsiú le húsáid go hoifigiúil.
Níl sé seo déanta go hiomlán ach do sheacht gcontae. Is údar imní don fhoireann an éiginnteacht a bhaineann le fostaíocht na dtaighdeoirí atá ar conradh agus an chuma air nach bhfuil sé i gceist na conraithe a athnuachan.
Borradh Átha Cliath
BEIDH BORRADH BUAN faoi Bhaile Munna, Baile Átha Cliath, Dé Luain. Féile chultúrtha le himeachtaí Gaeilge agus dátheangacha atá ann mar Bhorradh Buan.
Tá seó dátheangach puipéid, ceardlanna, ceol traidisiúnta, cleasanna sorcais agus an fear grinn, Des Bishop, ar an chlár. As an Iorua atá an ceoldráma; beidh scéalaíocht dhátheangach ann agus craolfar an scannán Kings. Is in ionad ealaíon Axis i mBaile Munna a bheidh na himeachtaí go dtí an Aoine, 24ú Deireadh Fómhair.
Eolas: 01-8832100 nó borradh.buan@axis-ballymun.ie
áis aid - borradh growth - bunachar sonraí data base - ceoldráma opera - comhthéacs context - comhuaineach simultaneous - eolach knowledgeable - folús vacuum - forbairt development - idirdhealú distinction - gníomhach active - logainm placename - luach value - náisiúnta national - taighde research - tionchar influence