Ag dul o chion?

Seolfaidh Alan Titley Cás na Gaeilge 1952-2002: Ag dul ó chion? leis an Ollamh Máirtín Ó Murchú i gCeannáras Fhoras na Gaeilge…

Seolfaidh Alan Titley Cás na Gaeilge 1952-2002: Ag dul ó chion? leis an Ollamh Máirtín Ó Murchú i gCeannáras Fhoras na Gaeilge, Baile Átha Cliath, oíche Mháirt, ag 6.30 p.m.

Is é seo an chéad phaimfléad i sraith ar chúrsaí teanga atá le foilsiú. Micheál Ó Cearúil agus Máirtín Ó Murchú beirt atá ina n-eagarthóirí sraithe.

TÁ duais Euro1,000 ar fáil do dhán Gaeilge i bhFéile Bhéal na mBuillí, Co Ros Comáin, i mbliana. Caithfidh an dán féin bheith neamhfhoilsithe agus 70 líne ar mhéid. Tá duaiseanna eile ar Euro500, Euro300 agus Euro150 le fáil. Is é an file Louis de Paor moltóir an chomórtais Ghaeilge.

Eolas: 078-33759 wwww.strokestownpoetryprize.com