Ag Carna céimeanna agus oideachas ollscoile le deich mbliana

TUARASCÁIL : DEICH mBLIANA d'ollscolaíocht Ghaeilge i gCarna, Co na Gaillimhe, a bheidh á cheiliúradh an deireadh seachtaine…

TUARASCÁIL: DEICH mBLIANA d'ollscolaíocht Ghaeilge i gCarna, Co na Gaillimhe, a bheidh á cheiliúradh an deireadh seachtaine seo.

Leathscór bliain ó shin a bunaíodh Áras Shorcha Ní Ghuairim, ionad for-rochtana de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, sa cheantar.

Dúirt riarthóir an ionaid, Séamas Ó Concheanainn, go raibh Áras Ní Ghuairim, atá ainmnithe as scoláire agus amhránaí áitiúil, ag tabhairt deis do dhaoine oideachas ollscoile a fháil agus go raibh na cúrsaí dírithe ar riachtanaisí na gcomhlachtaí Gaeltachta. Lena chois sin, bhí siad ag tabhairt scileanna praiticiúla do dhaoine agus go raibh siad "ag cur béim ar chúrsaí taighde le seirbhísí nua a cheapadh agus daoine a chumasú".

Bhí cláir ollscolaíochta, tacaíochta teanga agus tionscnamh forbartha pobail idir lámha acu a raibh forbairt inbhuanaithe phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge mar chuspóir acu.

READ MORE

Bhí beagnach 600 mac léinn i ndiaidh cáilíochtaí a bhaint amach trí chúrsaí réamhollscoile, fochéime agus iarchéime i dTeicneolaíocht na Faisnéise, sa Riarachán Gnó, sa Ghaeilge, sa Bhéaloideas, i gCúram Sóisialta agus i bhForbairt Phobail.

"Meascán daoine" a d'fhreastail ar na cúrsaí, dúirt sé, idir "déagóirí agus daoine sna 60í". Ba é an t-oideachas fadsaoil agus "deis a thabhairt do dhaoine iad féin a chumasú ar bonn leanúnach" ceann de na spriocanna ba thábhachtaí a bhí acu.

Bhí Áras Shorcha Ní Ghuairim "ag dul i ngleic le bánú tuaithe" agus "beart dearfach" a bhí ann é a bhunú. Ghlac pobal an cheantair "úinéireacht" ar an ionad agus chothaigh sé muinín iontu le dul chun cinn pearsanta a dhéanamh agus le jab a fháil.

D'fhoilseofaí leabhrán ag an deireadh seachtaine ina dtabharfadh iar-mhic léinn teistiméireacht faoi na deiseanna a thug oideachas ollscoile dóibh.

Dúirt Ó Concheanainn go raibh na cúrsaí "ag cabhrú lenár mic léinn fostaíocht mhaith a aimsiú mar aon le deis a thabhairt dóibh leanacht leis an oideachas fadsaoil gar do bhaile ina dteanga dhúchais".

Bhí an t-ionad i mbun clár forbartha agus taighde a nasc nuálaíocht teanga agus nuálaíocht teicneolaíochta le chéile. Bhí siad dóchasach go gcothódh tionscnaimh seo an taighde agus na forbartha tuilleadh deiseanna oiliúna agus fostaíochta sa Ghaeltacht.

Thacódh na forbairtí seo le cur chun cinn an bhonneagar oideachais, eacnamaíochta agus seirbhíse sa Ghaeltacht.

Mhol Ó Concheanainn an tacaíocht a thug an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta don ionad.

Bhí siad ag cothú timpeallachta a bhí "báúil do chur chun cinn bonneagair ollscolaíochta sa Ghaeltacht".

Dúirt Ó Concheanainn go raibh "dúshlán" ann don ionad san aeráid eacnamaíochta. Mar sin féin, bhí sé "an-dóchasach" faoin todhchaí. Bhí daoine ag cur spéis sa bhféiniúlacht agus sa chultúr.

Beidh léachtaí, taispeántais, ceardlanna agus ceolchoirm ar chlár imeachtaí an deireadh seachtaine seo. Tabharfaidh Ríonach Uí Ógáin léacht ar shaothar Shorcha Ní Ghuairim tráthnóna Dé hAoine ag 8pm. Cuireann an t-ionad cuireadh ar lucht na Gaeilge freastal ar imeachtaí

• Eolas: www.acadamh.ie

Ceol Linn

AN BHFUIL sé róluath leis an Nollaig a lua? Arú, tá sé déanta agam. Más ar lorg cúpla bronntanas ceolmhar atá tú, tá Gael Linn i ndiaidh dhá dhlúthdhiosca nua a chur ar an mhargadh.

Tá cnuasach amhrán le Albert Fry, Tráthnóna Beag Aréir, agus Pléaráca an Riadaighle Seán Ó Riada, trí cinn dá chuid albam - Reacaireacht an Riadaigh(1962), Ceol na nUasal(1967) agus Ding Dong(1967) - agus leabhrán 40 leathanach le Peadar Ó Riada anois ar fáil.

Tá aithne mhaith ag lucht Chonradh na Gaeilge agus ag lucht na Gaeilge sa Tuaisceart ar Albert Fry. Iar-uachtarán de chuid an Chonartha é agus tá baint aige le fada an lá le Cumann Chluain Ard in iarthar Bhéal Feirste, ionad seanbhunaithe teanga sa cheantar a thug tacaíocht agus oideachas do lucht na Gaeilge ar feadh na mblianta. (Bhí an t-iriseoir seo ar dhuine acu sin a d'fhoghlaim a chuid Gaeilge san áit.)

D'fhoghlaim Fry a chuid amhrán ag fathaigh an cheoil Chonallaigh, ina measc, Aodh Ó Duibheannaigh agus Seán Bán Mac Grianna as Rann na Feirste.

22 amhrán atá ar an dlúthdhiosca agus mórán móramhrán Ultach ina measc: Ard Tí Chuain; Úrchnoc Chéin Mhic Cáinteagus Coinleach Glas an Fhómhair.

Ubh amhrasach

IS FEAR cathrach mise ach phós mé bean tuaithe. Tá feirm bheag ag muintir mo chéile mná agus tá mé, de réir a chéile, ag cur eolais ar ghnásanna tuaithe. (Gnó fadálach é, dála an scéil, nó tá mórán gnásanna ann.)

Tá áthas orm a rá go dtuigim faoi seo an difear idir bó agus bearach agus, níos tábhachtaí arís, idir bó agus tarbh.

Bheinn ag inse bréag dá ndéarfainn go raibh mé deaslámhach i mbun obair na feirme. Ní fíor. Ba ghnách liom cuidiú leis an sadhlas a thabhairt isteach ach ní raibh i gceist le mo chuid den obair ach rudaí a chaitheamh i dtreo an tarracóra. Ní raibh cúrsaí chomh holc sin go gcuirfeadh siad i mbun an tarracóra mé.

Ceann de na buntáistí a bhaineann le feirm bheith ag daoine muinteartha de do chuid go dtagann nithe beaga blasta do bhealach. Tagann úlla saor in aisce agus is deas iad don toirtín úll nó le hanlann úll a dhéanamh.

Tháinig uibheacha an tseachtain seo caite. Tá cearca ag mo dheartháir cleamhnais agus iad ar mire ag breith. Thug m'athair cleamhnais lasta mór uibheacha dúinn ach bhí mé an-amhrasach faoin bhronntanas seo.

"Ar cheart dúinn iad a chur sa chuisneoir?" a d'fhiafraigh mé. "Ní gá," a dúradh liom. "Cá fhad gur cheart dúinn iad a choinneáil? Nach n-éireoidh siad lofa?" Lig sé osna. (Tá cleachtadh aige ar m'aineolas faoi seo.) "Tá na huibheacha sin níos úire ná rud ar bith a fuair tú as an ollmhargadh. Na cinn a cheannaíonn tú ansin, beidh siad ina luí le mí nó níos mó, b'fhéidir, sula gceannaíonn tú iad."

Mar sin féin, bhí mé go fóill amhrasach faoi na huibheacha a tháinig glan díreach as tóin na gcearc. Cá bhfuil an bosca? D'fhág mé ar an tábla iad - gan iad a chur sa chuisneoir. D'amharc mé orthu go hamhrasach. Ubh úr, an ea? Scrúdaigh mé iad. Sa deireadh, rinne mé uibheacha scrofa leo.

Mairim beo leis an scéal a insint.

acmhainnresources - amhrasachsuspicious - cuisneoirrefrigerator - dóchasachhopeful - fadálachslow - féiniúlachtidentity - forbairtdevelopment - inbhuanaithesustainable - ionad for-rochtanaoutreach centre - lastacargo - riarachánadministration - tacaíochtsupport - taighderesearch - todhchaífuture