CHUIR AN Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, fáilte roimh ghealltanas an Rialtais nua go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Dúirt Ó Cuirreáin leis an cholún seo inné go raibh litir seolta aige chuig Aire na Gaeltachta, Jimmy Deenihan, agus chuig an Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley, ag fáiltiú roimh an gheallúint i bhforógra an Rialtais nua maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Acht.
D’fhoilsigh Ó Cuirreáin a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 i nGaillimh inné agus ghlac sé leis go raibh “pictiúr duairc” inti go háirithe maidir le soláthar seirbhísí duine le duine trí Ghaeilge.
Deirtear i gclár an Rialtais nua go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht le cinntiú go bhfuil airgead á chaitheamh go héifeachtach, go bhfuil an caiteachas sin dírithe ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcomhlíonadh bunaithe ar éileamh an phobail.
Dúirt Ó Cuirreáin chomh maith go raibh sé ag éileamh ar an Rialtas nua geallúint chinnte a thabhairt go ndéanfaí leasú ar chóras earcaíochta na seirbhíse poiblí amach anseo chun a chinntiú go bhfostófaí dóthain daoine le cumas sa dá theanga.
Dúirt sé go raibh “ceachtanna foghlamtha” ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003 agus go raibh sé ag súil le comhoibriú le Roinn na Gaeltachta agus an Rialtas nua maidir leis an athbhreithniú atá molta.
Dúirt sé nár chóir “sceanairt” a dhéanamh ar an Acht ach go mbeadh sé féin ag cur moltaí dearfacha faoi bhráid na Roinne ag am tráth maidir le hathruithe chun feabhais a dhéanamh ar fheidhmiú na reachtaíochta.
Thug sé le fios ina thuarascáil gur theip go leanúnach ar bhreis agus an cheathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón.
Anuas air sin, theip ar 29 faoin gcéad eile de Ranna agus Oifigí Rialtais oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla á gcomhlíonadh acu.
Dúirt sé nach dtiocfaidh aon fheabhas suntasach ar an easpa seirbhísí Gaeilge seo ceal gníomh cothromaíochta éigin maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státchóras:
“Faoi láthair, cuirtear dualgas ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim ach ní chuirtear na deiseanna ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid. Tá lúb ar lár sa chóras sin agus muna bhfuil an fhoireann agat chun na deiseanna sin a sholáthar tá fadhb bhunúsach agat.
“Tá cosc ar earcaíocht sa státchóras faoi láthair ach ba chóir geallúint a thabhairt anois maidir le cur leis an líon foirne le cumas sa dá theanga amach anseo.”
Dúirt Ó Cuirreáin go raibh sé “scanrúil” nach raibh ach 1.5 faoin gcéad d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50 faoin gcéad le cúig bliana anuas, a dúirt sé.
Ní den chéad uair léirigh sé imní ina thuarascáil faoin mhoill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí.
De réir na tuarascála, bhí 51 de na 105 scéim daingnithe imithe in éag faoi dheireadh na bliana 2010 agus bhí 12 de na 51 scéim sin imithe in éag le breis agus dhá bhliain.
Bhí 26 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag Aire na Gaeltachta.
I gcás deich gcinn acu sin, bhí breis agus ceithre bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú.
Tugann an tuarascáil aghaidh chomh maith ar an tuairimíocht choitianta go gcaitear airgead mór ar aistriú cháipéisí go Gaeilge. “Finscéal,” a bhí ann, a dúirt sé.
Léiríonn a thuarascáil gur costas iomlán €10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017. Is ionann an costas sin agus níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin.
Thaispeáin imscrúdú de chuid a oifige go raibh ollchostas €350,000 i gceist le hullmhú na cáipéise i mBéarla amháin.
Sheol Oifig an Choimisinéara 11 imscrúdú foirmiúil le linn na bliana 2010.
I gcás amháin chinn Ó Cuirreáin gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais (1998) trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin.
Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn 2010, an líon ba mhó gearán ó bunaíodh a oifig.