A Thaoisigh dhíl na nOnondaga

A Thaoisigh Dhil! Má tá sé seo á leamh ag duine éigin i Roinn an Taoisigh ní gá dó a bheith buartha

A Thaoisigh Dhil! Má tá sé seo á leamh ag duine éigin i Roinn an Taoisigh ní gá dó a bheith buartha. Ní thagraíonn teideal na haiste seo don Taoiseach atá i gceannas ar Éirinn ach don Taoiseach atá i gceannas ar mo chroí, fear darbh ainm Canassatego, Taoiseach na nOnondaga.

Muintir an Chnoic is brí le hOnondaga. Tá a dteanga féin acu, ní nach ionadh, ach níl ach leathchéad éigin cainteoir fágtha, má tá an méid sin féin ann. Ina dhiaidh sin is uile, is líonmhaire iad ná lucht labhartha na Gaeilge sa Dáil.

Ach fillimis ar an Taoiseach. Cainteoir breá ab ea é. D'fhéadfadh an Taoiseach seo againne cúpla ceacht óráidíochta a fhoghlaim uaidh.

Éist leis anois ag caint leis an bhfear geal - agus bí cinnte gur Éireannaigh ab ea a lán den chine sin a bhí á cháineadh aige: "Ós agaibhse atá gach eolas, caithfidh go bhfuil a fhios agaibh go mbíonn a dhearcadh féin ag gach náisiún. Ná tógaigí orm é mar sin murab ionann an dearcadh atá againne ar chúrsaí oideachais agus an dearcadh atá ag an bhfear geal ...

READ MORE

"Is iomaí ógánach den mhuintir seo againne a fuair oideachas sna coláistí agaibhse. Oileadh sna heolaíochtaí iad; ach nuair a thánadar abhaile chugainn ní raibh iontu ach scraistí na díge, gan tuairim acu conas maireachtáil sna coillte; ní fhéadfaidís fuacht ná ocras a sheasamh.

"Níor thuigeadar conas bothán a thógáil, fia a mharú ná dul i ngleic leis an namhaid. Teanga bhriotach a labhair siad ... Dá chomhartha sin go léir, ní raibh aon mhaitheas iontu mar fhiagaithe, mar laochra ná mar chomhairleoirí; níorbh fhiú faic iad..."

Nach brónach an scéal é! An Murder Machine gan dabht agus tá an meaisín céanna ag meilt leis go dtí an lá inniu in an-chuid áiteanna ar domhan.

Níl a fhios agam, cuir i gcás, nuair a bhíonn Bono, Sir Bob, Bill Gates agus laochra eile nach iad ag caint le ceannairí an domhain an luann siad luachanna teanga agus cultúir in aon chor agus iad ag iarraidh dul i ngleic le galair agus le bochtaineacht i gcéin?

Taoiseach eile a thaitníonn liom - tá brón orm, a Bhertie ach níl tú ar bharr an liosta agam - creid é nó na creid an t-ainm a bhí air ná Satanta! (1830-1878). Óráidí na Mánna a thugtar air.

Ar seisean: "Is aoibhinn liom an talamh agus an buabhall agus ní scarfaidh mé leo. Is mian liom go dtógfaí an t-aos óg mar a tógadh mise ... ní mian liom socrú síos. Is breá lem chroí a bheith ag spaisteoireacht sna féarthailte. Is ann a bhím saor agus sona, ach nuair a shocraímid síos éirímid leice agus tagann an bás."

Tá litríocht, filíocht agus óráidíocht na Meirindiach ar maos sa spioradáltacht. Ceannaire mór spioradálta ab ea Wovoka. Ní fheicfeá é i gcomhluadar na dtógálaithe i bpuball Fhianna Fáil ag Rásaí na Gaillimhe.

Is é a dúirt Meisias seo na Meirindiach: "Iarrann tú orm an talamh a threabhadh. An ceart dom scian a ghlacadh im lámh agus brollach mo mháthar a réabadh? Ansin, nuair a chaillfear mé, ní thógfaidh sí chun a brollaigh mé chun suaimhneas a ghlacadh!"

Tá sé sin an-láidir ar fad. Nach bhfuil? Ach níl deireadh ráite fós ag Wovoka, ná baol air: "Iarrann tú orm clocha a thochailt? An cóir dom tochailt faoina craiceann le haghaidh cnámha? Ansin, nuair a chaillfear mé, ní bheidh mé in ann dul inti le go n-athshaolófaí mé."

Ó, a dhiabhail! Fan! Éiríonn sé níos measa fós agus cén fáth nach n-éireodh más máthair bheo í an talamh?

Ar aon chuma, níl deireadh ráite go fóill ag ár Meisias mire, fear ar chuir urú gréine an-bhreoiteacht air ach má chuir is ansin a thosnaigh na haislingí ag teacht chuige agus tháinig siad go tiubh is go rábach: "Iarrann tú orm an féar a bhaint agus é a dhíol le go mbeinn saibhir ar nós na bhfear geal, ach ní leomhfainn gruaig mo mháthar a bhearradh!"

Ó bhó, a Wovoka, a Wovoka, ó bhó! Cloisim do gheoin, blaisim do dheora agus deora do mhuintire go léir, Canassatego, Eilc Dhubh, Seabhac Dubh, Ohiyesa, Liútar Béar ina Sheasamh, Cochise, Ceithre Ghunna, Kanekuk, Mórán Capall, Scamall Dearg, Gadhar Rua, Seaicéad Dearg, Mórán Tintreach, Tarbh ina Shuí, Deich mBéar, Sciath Bhán - sibh go léir léir.

Tá leabhar ann dar teideal Why do people hate America? le Ziauddin Sardan agus Merryl Wyn Davies. (Go deimhin thug Sardan caint uaidh i mBaile Átha Cliath le déanaí).

Ní dóigh liom go mbeadh an ghráin chéanna ag daoine ar Mheiriceá dá n-éireodh leis na Meiriceánaigh blaiseadh dá dtoibreacha spioradálta dúchais.

Níl ach corrscríbhneoir Meiriceánach ann, leithéidí Frank Waters, a thuig an oidhreacht dhúchais i gceart.

Féach mar shampla an tuiscint iontach do mhistéir na beatha a bhí ag an treibh Hopi - agus is athinsint atá sa chuntas seo a leanas atá bunaithe ar thuiscintí Waters don scéal. Cruthaíodh colainn bheo an duine agus colainn bheo an domhain ar an gcuma cheánna, dar leis na Hopi. (Cá hionadh mar sin an urraim mhór don talamh a léirigh Wovoka thuas).

Maidir leis an duine agus an domhan, téann ais tríothu araon. Ais an duine? An chnámh droma. Dar leis na Hopi cruinnítear macalla bunaidh na beatha - is na cruinne - san ais sin.

An Hopi gaoismhear bheadh cluas le héisteacht aige. Bhraithfeadh sé baol ina ghaobhar trí bheith i dtiúin lena ais féin agus le hais na cruinne.

Síos feadh na haise sin tá ionaid thonnchreathacha, baill rúndiamhra na colainne. Cá bhfuil siad? Taispeáin dom iad.

An chéad cheann sa chloigeann atá sé. Nuair a rugadh thú, más cuimhin leat, bhí paiste bog lag i mbarr do chinn ar a dtugtar loigín na baithise. Deir na Hopi gur trí loigín na baithise a tháinig an bheatha ón gCruthaitheoir an chéad lá. Is tríd an loigín sin a dhéantar teagmháil Leis.

Ar aon chuma, díreach faoi bhun an spota sin - an loigín - atá an inchinn, an dara hionad.

Sa scornach atá an tríú hionad, sa chroí an ceathrú hionad agus faoi bhun an imleacáin a fhaightear an cúigiú hionad. An bhfuil tú do mo leanúint go dtí seo?

Creideann na Hopi gur cruthaíodh an duine i ndeilbh fhoirfe Dé. Dúntar an doras, áfach - loigín na baithise - agus cailltear staid an ghrásta le feidhmiú na saorthola.

Ach - tosnaímid arís ag dreapadh in airde! Sa chasadh seo in airde, cuirtear na hionaid rúndiamhra sin go léir ag feidhmiú arís. Osclaíonn an doras a bhí dúnta agus báitear sinn san Iomlán as a dtángamar. Sin sin.

Rogha Dánta/Selected Poems (CIC) an leabhar is déanaí ón údar.