BEOCHEIST:BLIAIN IS trí scór ó shin níorbh ann don Grand Slam i saol an rugair. I 1948 ní raibh an Fhrainc ach ag teacht chuici féin tar éis uafás an dara cogaidh dhomhanda agus níorbh aon rud mór é na Francaigh a chloí i gcluiche rugair.
An choróin triarach an sprioc is an Soitheach Naofa. Nuair a bhuaigh Éire ar Shasana, ar Albain agus ar an mBreatain Bheag – 13ú Márta, 1948 – níor bronnadh corn ná sciath orainn. Ba rud diamhar miotasach é an choróin triarach agus b’shin a mheall agus a spreag na laochra. Níor luadh an téarma “grand slam” go dtí 1957.
Ar an 13ú Márta, 2009, nuair a dhein laochra rugair na hÉireann iarracht pobal na tíre a mhúscailt as an lagsprid is as an drochmhisneach atá ár gcrá le tamall anuas agus nuair a thosnaigh daoine ag caint faoi ré órga na 1940í déanacha, ní fhéadfainn fanacht im’ thost. “Dhera, chonaiceas féin laochra 1948, iad go léir.”
Ní rabhas ach im’ leaid óg ag an am, cónaí orm gar go maith do Pháirc Musgrave i gcathair Chorcaí. N’fheadar anois an raibh seastán ann nó fiú falla ceart.
Ach is cuimhin liom go bhféadfá éalú isteach sa pháirc faoi shreagán a bhí in ainm is a bheith ag coiméad na sluaite gan airgead amach.
Leathmhíle níos comhgaraí don chathair bhí páirc sacair Chrosaire Thuirnéara – bhí fallaí arda timpeall na páirce sin ach i gcónaí ag leath ama d’osclaítí na geataí móra agus deireadh an maor: “Isteach libh, leaids.”
Daonnacht is féile dhúchasach Chorcaí.
N’fheadar an mbíodh mo chomhgharsúin is mo chomh-Chorcaígh, Edmund van Esbeck agus George Hook, i láthair ag na cluichí i bPáirc Musgrave?
Ní raibh aon aithne agamsa orthu toisc go raibh saghas cinedheighilt i réim i gCorcaigh ag an am. Bhí daltaí ann a dheineadh freastal ar cheann den dá scoil rugair sa chathair, Pres nó Christians, agus ansin bhí an chuid eile againn a dheineadh freastal ar na scoileanna eile.
Tríd is tríd lucht gustail a dheineadh freastal ar Pres agus Christians agus toisc san is iad na daoine rachmasacha a d’imríodh rugar. Rud eile, is iad lucht an airgid amháin a bhí ábalta cúrsaí leighis a dhéanamh sna hollscoileanna.
Mar sin, níor chuir sé ionadh ar éinne go raibh cúigear de fhoireann chaithréimeach na hÉireann i 1948 ina mic léinn leighis nó ina ndochtúirí, mar atá, Jimmy Corcoran, Karl Mullen, AA McConnell, Bill McKay agus Jack Kyle.
Tamall gearr ina dhiaidh sin bhí Tom Clifford i mbarr a réime mar imreoir idirnáisiúnta, dugaire comharthach a chruthaigh go raibh fáilte roimh dhaoine as gach aicme shóisialta san IRFU. N’fheadar.
Thagadh clubanna ón Tuaisceart go Páirc Musgrave go rialta, rud iontach. Dúirt daoine eolgasacha linn i gcaint aineolach na linne gur Phrotastúnaigh iad cuid de na himreoirí. Iontas na n-iontas! Anois le himeacht na mblianta níl i gcuid de na himreoirí ach ainmneacha, Ernie Strathdee, Michael O’Flanagan, Paddy Reid, Des O’Brien.
Bhí muintir Chorcaí go láidir ar fhoireann ’48 agus tá cuimhne mhaith agam orthu siúd. Bhí rud éigin daingean agus seasmhach ag baint le Ernie Keeffe mar imreoir, chonaiceas é go minic. Mar an gcéanna le Jim McCarthy, sárchliste ar an bpáirc agus i gcúrsaí gnó, a ghruaig fhionn/rua mar shainchomhartha air. Is cuimhin liom an tráthnóna a rug Bertie O’Hanlon ar an liathróid ar a líne féin, geall leis.
Rith sé fad na páirce, úd breá, trí phointe an t-am sin. Sheas an slua le bualadh bos is gártha molta, ómós speisialta i 1948 do shárimreoir as a ghníomhartha gaisce ar son a thíre is a chlub, imreoir proifisiúnta nár thuill pingin rua as a scileanna rugair.
Cuimhním leis ar John Daly a rugadh i gCóbh Chorcaí, an fear a ghnóthaigh an t-úd cinntitheach ar lá na cinniúna i Márta 1948.
Ag deireadh an chluiche d’iompair lucht leanúna na hÉireann é ar a nguaillí ón bpáirc. Stracadh a gheansaí dá cholainn agus deirtear go bhfuil píosaí de mar chuimhneacháin ag daoine fós.
Níor imríos féin rugar riamh is ní rabhas i láthair ag cluiche rugair le breis is dhá scór bliain. Ach gan dabht bhí idir áthas is bród orm i mbliana ach bhí mo bhean chéile níos sona sásta fós.
Nach bhfuil gaol fola idir í agus Brian O’Driscoll (col deichniúir, sea, sea, tá a fhios agam, gaol i bhfad amuigh ach mar sin féin...) agus bhí sí ina múinteoir ag Amy Huberman nuair a bhí Amy i rang na naíonán sa bhunscoil.
Ábhar maíte gan aon agó!