BEOCHEIST:NÍ INNIU ná inné atá díghrádú Otharlann Contae Mhuineacháin mar bheocheist ag an phobal seo. Chuir an pobal a n-imní in iúl go macánta fá sheirbhísí riachtanacha a thógáil ón otharlann, le mórshiúlta go Baile Átha Cliath agus le hagóidí móra i Muineachán.
Is mór an fhearg atá ar an phobal faoi láthair le Fianna Fáil a rinne canbhas anuraidh gur mhaith leo bheith taobh istigh den Dáil le troid ar son na hotharlainne agus a dúirt le Coiste Comhaontais na hOtharlainne go raibh an-obair déanta acu.
D’ainneoin an chúis sin níorbh fhiú leo bheith ag cruinniú an-tábhachtach fán otharlann i Muineachán tús na bliana seo.
Caidé an mearadh atá ar an Roinn Sláinte agus an HSE neamhshuim a dhéanamh i bpobal Mhuineacháin?
Níl aird á thabhairt acu ar na Teachtaí Dála nach bhfuil sa Rialtas, ná ar an phobal idir chléir agus tuataí de gach aicme, ná ar fhormhór chomhairleoirí ceart sláinte a muintire a thuigbheáil.
Tá an dearcadh úr, seafóideach seo, bunaithe ar sheanmholtaí Hanley agus tuairisc Teamwork atá “in ainm feabhas a chur ar shábháilteacht an phobail”.
Is é an toradh a bheas air seo othair a aistriú ó Otharlann Mhuineacháin go dtí an Cabhán, otharlann maith go leor ann féin, ach níl áit san otharlann ar dhóigh ar bith do dhaoine ón dá phobal.
Ba chóir go mbeadh sé intuigthe ag lucht leighis go bhfuil am an-tábhachtach do dhaoine le taom croí nó éilimh dhainséireacha eile.
Caidé a tharlódh i Muineachán muna mbeadh otharlann ansin nuair a tharla an buama mór sna 1970í?
Ní hiontas imní na muintire nuair atá a fhios acu go bhfuair daoine bás ar a gcosán chun an Chabháin agus gan iad ach cúpla céad slat ó Otharlann Mhuineacháin. Bhí daoine sa chás céanna nuair a bhí an otharlann druidte cúpla bliain ó shin.
Tá Droichead Átha níos faide ar shiúl ná an Cabhán – otharlann atá plodaithe agus níl siad ábalta déileáil in am sásúil leis an méid atá acu faoi láthair gan otharlann bhreise a chur leis.
Is deacair intinn ná éirim an dreama a tharraing an Teamwork Report le chéile a thuigbheáil nuair a deir siad gur féidir le hotharcharranna nua áit otharlainne contae a ghlacadh – otharlann a bhfuil áiseanna riachtanacha agus obráidlann úrnua a chosain mílte euro ar fáil ann.
Níl an t-athrú indéanta, dar liom.
I litir a scríobh dochtúirí otharlainne Mhuineacháin chuig Bainisteoir Ginéarálta Othlarlann Mhuineacháin/Chabhán, dúirt siad nach raibh “polasaí an HSE inoibrithe, go bhfuil sé tubaisteach agus go gcaillfear tuilleadh othar de bharr agus gur mó an dainséir don othar dá fhaideacht an turas atá le déanamh”.
Is soiléir nach bhfuil suim dá laghad ag an Aire Sláinte, Mary Harney, i muintir na tuaithe agus ní hiontas go bhfuil a héirí as molta ag mainlianna údarásacha.
Cá bhfuil an duine a bheadh ag aontú lena polasaí, créatúir bhochta a bhfuil ailse orthu a chur ar bhus ó Ghleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall, go Gaillimh, turas beagnach sé uaire an chloig?
Tá deacrachtaí fá Otharlann Shligigh, Inis, Cluain Meala, Ros Comáin, agus tuilleadh chomh maith le Muineachán.
Is soiléir fosta gur maorlathas mórchostach é an HSE, gur cuma leo fá dheacrachtaí phobal na tuaithe.
Ba dímheas scannalach ar phobal Mhuineacháin an bealach ar dhéileáil an tAire Sláinte agus an HSE leis an phobal agus le lucht leighis proifisiúnta sa cheantar ar na moillibh a dúirt Maire O’Connor, údar an leabhair Hospitals of Excellence.
Is beag nach n-aontaíonn léi.
Is cúis dóchais, áfach, go raibh cruinniú tábhachtach fá chás na n-otharlann tuaithe i Luimneach ar na moillibh, cruinniú a d’éagraigh an Irish Times agus Pfiser Pharmaceutical.
D’impigh Comhaontas na nOtharlann Tuaithe seo ar an Rialtas “an cheist seo a athscrúdú agus a athrach sa dóigh go dtiocfadh leis an HSE múnlaí úra a réiteach nach gcuirfeadh isteach ar otharlann contae agus nach gcuirfeadh othair i mbaol”.
Is iarrtas ciallmhar é agus seans anois ag Rialtas na huaire beart dearfach a dhéanamh.
Bheinn ag súil go ndéanfadh siad beart lena leas féin agus leas na bpobal sin atá faoi imní faoi láthair.
In ainm Dé, tugtar aird ar thoil an phobail!