My TY

Gaeltacht Bheag i gCeatharlach: Katie Ní Chonchubhair agus Niall Mac an Fhailí Gaelcholáiste Cheatharlach, Co Carlow

Gaeltacht Bheag i gCeatharlach: Katie Ní Chonchubhair agus Niall Mac an Fhailí Gaelcholáiste Cheatharlach, Co Carlow

Is beirt dhalta muid atá inár gcónaí i mbaile Cheatharlach agus táimid i Rang na hIdirbhliana i nGaelcholáiste Cheatharlach. Táimid an-bhródúil le rá gurb í ár dtuairim láidir go bhfuil Gaeltacht Bheag i gCeatharlach.

Féachaimid ar dtús ar Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Osclaíodh an scoil seo 25 bliain ó shin mar go raibh tóir ar scoil lán-Ghaeilge i gCeatharlach. Ar dtús thosaigh an scoil le fíor-bheagán daltaí agus múinteoir amháin. Thar na blianta thaispeáin muintir Cheatharlach suim sa scoil agus anois tá níos mó ná 400 dalta agus 20 múinteoir ann.

Duine amháin a chuir an-chuid oibre isteach, ní hamháin sa scoil ach le Gaeilge i gCeatharlach chomh maith ná Bríde de Róiste. Chuamar i dteangmháil léi.

READ MORE

Seo leanas cuid de na ceisteanna a chuireamar uirthi.

"Céard a thug inspioráid duit bunscoil a thógáil i mbaile Cheatharlach?" "Bhí ag éirí go hiontach leis na páistí i naíonra Cheatharlach sa bhliain 1981. Bhíodar sona sásta ag súgradh trí Ghaeilge agus léirigh na tuistí suim in oideachas trí mheán na Gaeilge dóibh. B'shin a spreag mé féin agus daoine eile chun tabhairt faoi Ghaelscoil a oscailt i gCeatharlach. Fís agus brionglóid a bhí ann." Ansin chuireamar ceist uirthi: "I do thuairimse an mbraithníonn daoine ar bhaile Cheatharlach mar bhaile dátheangach?" Dúirt sí linn go raibh an-chuid daoine líofa sa teanga tar éis 25 bliain d'oideachas trí Ghaeilge sa chontae. Chomh maith leis sin dúirt sí: "Tá feachtas mór faoi lán seoil chun Stádas Bhaile Dátheangach a bhaint amach do Cheatharlach." Anois tá Bríde éirithe as a post mar Phríomhoide na Gaelscoile ach an-ghnóthach le Gaeilge i gcónaí, mar shampla, sa stáisiúin raidió áitiúil, KCLR 96fm, ar an gclár "Tobar an Cheantair".

Gabhaimid buíochas le Bríde as an agallamh seo a dhéanamh linn.

Tá an-chuid áiteanna eile i mbaile Cheatharlach ina mbíonn an Ghaeilge á labhairt go rialta mar shampla Tigh Lennon's.

Tá teanga na Gaeilge an-láidir in áit eile i gCo. Cheatharlach chomh maith. An áit seo ná Gaelcholáiste Cheatharlach. Duine de na daoine iontacha taobh thiar den scoil seo ná Caitlín Mhic Cárthaigh. Bhí an t-ádh linn nuair a fuaireamar agallamh léi chomh maith. Seo iad cuid de na ceisteanna a chuireamar uirthi.

Thosaíomar leis an gceist: "Céard ar thug inspioráid duit meánscoil a thógáil i mbaile Cheatharlach?" Dúirt sí linn: "Bhí an Ghaelscoil ann cheana. Bhí scoláirí ó rang a sé réidh don dara leibhéal i 1990, bhí meánscoil á lorg agus bhí an Coiste Gairmoideachais sásta scoil a chur ar fáil. Bhí an scoil beag ag an tús agus bhí an obair deacair mar ní raibh traidisiún Gaelach san áit. De réir a chéile d'fhás an scoil." Ceist eile a chuireamar: "An bhfuil tú sásta le dul chun cinn na scoile?" Seo an freagra a thug sí dúinn: "Anois táimid an-bhródúil go bhfuil G.C.C. in iomaíocht leis na scoileanna is fearr sa tír. Tá ag éirí go hiontach linn. Tá seasamh an-láidir againn. Freisin bíonn ár scoláirí agus go háirithe scoláirí na hIdirbhliana gafa le himeachtaí sa cheantar. Braithim go bhfuil éacht déanta maidir le Gaelachas an cheantair seo ag gach duine go bhfuil baint acu leis an bhfeachtas." Gabhaimid buíochas le Caitlín as agallamh a dhéanamh linn.

Níl dabht ar bith ann go bhfuil Gaeltacht Bheag i gCeatharlach anois.

• Thanks to all the students at Gaelcholáiste Cheatharlach who submitted pieces forMy TY