Moladh

CROBHINGNE: TÁ AN ghéarchéim ag teannadh níos déine agus daoine fós ag iarraidh an seanchóras lofa a shlánú

CROBHINGNE:TÁ AN ghéarchéim ag teannadh níos déine agus daoine fós ag iarraidh an seanchóras lofa a shlánú. Is é nach léir dóibh ná go bhfuil an seanchóras lofa thar tharrtháil ar bith agus é i ndeireadh na feide agus na preibe in éineacht. Daoine eile atá ann ag casadh le leagan éigin den sóisialachas a athbheochan ón uaigh inar cuireadh é le sluasaid Stailín agus le miangas Mhao san mhúchadh.

Ach tá córas eile ann a d’oibrigh go comair néata i bhfad roimh bhrúchtadh aníos an daonlathais agus an tsóisialachais. Fuascailt a réiteodh go tuisceanach san athuair le lucht páirte an chaipitleachais, agus le captaein na tionsclaíochta a bhfuilimid go léir faoina gcomaoin dár gcuid aráin laethúla. Is é an córas is éifeachtaí ar fad é maidir le fás eacnamaíochta de. Na tíortha is éirithí go léir maidir le forbairt na heacnamaíochta de, agus na tíortha is mó ar tháinig fás agus forbairt agus craobhú orthu le cúpla céad bliain anuas, níor scrupall lena gcuid tiarnaí agus taoiseach aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne shearbh.

Má tá saibhreas uait, ní foláir bochtaineacht, leis. Má tá teach mór uaitse, caithfidh daoine eile maireachtaint i mbotháin. Má tá éadaí deasa saora uait, is den riachtanas go ndéanfadh sclábhaí de pháiste éigin iad i gcúlsheomra i gcathair gan ainm. Níl bord ard gan chosa faoi.

Agus sin é an ball díreach a bhfuil oighear diachrach an scéil. Gabhann captaein na tionsclaíochta agus tiarnaí tíre agus boic na mbanc go faichilleach timpeall ar an ngnó, mar tá eagla orthu é a rá os ard. Tá eagla orthu mar beidh dúgudar éigin, nó Críostaí saonta, a bhfuil tuairimí aisteacha aige maidir le cearta daonna nó cothromaíocht an duine nó dínit na hoibre ag píopaireacht go hard gan mhoill.

READ MORE

Ach cad is fiú na smaointe saonta seo suas is anuas le slánú na heacnamaíochta agus na tíre (arb ionann iad)? Tá molta an phá íosta is lú a ísliú tuilleadh. Tá loighic dhoshéanta ag baint leis sin mar is í aidhm an ghnó ná gnó a dhéanamh. Ní féidir gnó a dhéanamh má íoctar airgead rómhór, nó ar uairibh, airgead ar bith leis an saothraí. Is fiú a chuid airgid an t-oibrí, ach níor cheart dul thar fóir leis. Go háirithe le linn géarchéime géire geilleagair.

Má tá gearraíocha le déanamh, cad ina thaobh nach rachfaí go bun na dúide le faobhar na scine chun oibre? Más ar son leas na heacnamaíochta atáimid – agus cad eile – cén fáth go n-íocfaí níos mó ná an méid ba ghátaraí chun anam is corp a choimeád le chéile, ach ní san ord sin? Cén fáth nach dtabharfaí institiúid na sclábhaíochta ar ais?

Níor ghá go mbeadh sí chomh dian is a bhíodh sa tseanaimsir, gan amhras. Níor ghá an fhuip a úsáid, ná daoine a cheangal le slabhra níos mó (ach amháin i gcásanna eisceachtúla). Agus tá slite níos éifeachtaí ann anois leis na giúirléidí is nua-aimseartha ar bith chun smacht a chur ar dhaoine. Cuid de na tástálacha eolaíochtúla seo déanadh le déanaí in Guantanamo agus in Abu Ghraib, agus ní dúirt na príosúnaigh féin nach raibh siad éifeachtach.

Is cinnte go mbeadh geonaíl agus cnáimhseáil ó na gnáthamhrasáin, ach cé a thógann aon cheann díobh sin? Tá an iomad dúgudairí glan in aghaidh saoirse an mhargaidh, agus is iad nach dtuigeann an saol réalaíoch seo. Níl de mhíbhuntáiste ag sclábhaithe a bheith agat, ach nach mbeidís in ann cáin ioncam a íoc. B’fhéidir sin a chúiteamh le cáin easpa allais, gan amhras, agus táim suite de go bhfuil eacnamaí éigin ag obair air sin cheana féin.

Smaoinítear mar seo air. Bheadh tearmann ag an sclábhaí in aghaidh na coda is measa den chúlú eacnamaíochta. Bheadh bia agus leaba aige, agus cead féachaint ar an teilifís ó am go chéile. Níor ghá dó aon oideachas a bheith aige, rud a shábháilfeadh na billiúin gan áireamh ar thuarastal múinteoirí don chiste náisiunta.

Réiteodh sé fadhb na n-inimirceoirí in aon bhuille amháin (mar adéarfá), mar bheadh go leor acu oilte san sclábhaíocht cheana féin, agus dintiúirí acu inti. Thar aon rud eile, bheadh sé nó sí fostaithe go feidhmiúil, agus is deimhin liom go mbeadh a dteanga amuigh le buíochas dá bharr sin. Bheadh dualgas ar an bhfostóir, gan amhras, aire cheart a thabhairt dá chuid sclábhaithe/fostaithe. Tar éis an tsaoil, bheadh infheistíocht á déanamh aige iontu.

Cad ar a shon a gcaithfí go dona leo nuair a bheadh airgead na maithe ag brath orthu, agus dán na heacnamaíochta, agus cinniúint na tíre, agus todhchaí an domhain? Cén fhadhb atá gan scaoileadh, ach beagán samhlaíochta agus allais a chaitheamh léi?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar