CROBHINGNE:BHÍ TRÁTH ann nuair ba leamh linn toghchán na hUachtaránachta. Ghlactaí le duine d'aon ghuth mar níorbh fhiú an t-orlach an choinneall, nó neachtar acu, ba chomórtas é idir Fianna Gael agus Fine Fáil ar léir é a dheireadh ón tosach.
D’athraigh sin nuair a toghadh Máire Mhic Róibín agus nuair a taispeánadh go raibh beatha pholaitiúil lasmuigh den dá threibh.
Idir an dá linn, tá an chuma air gur mhaith leis an saol is a mháthair bheith istigh agus deoch an fhionnuisce a ól, gach duine ach amháin FF atá tar éis éirí as saol na hÉireann tar éis na mblianta fada de bheith ag diúl air.
Thosnaigh an feachtas reatha seo go pléascach. Daoine dathannacha agus daoine ardcháile á bhféachaint le chéile, agus roinnt eile ag tabhairt le fios gur bhain an oifig fós leis an bpolaitíocht. Norris isteach is Norris amach, a chúl le falla is a aghaidh le muir.
Gay Byrne ag súgradh linn go dtí gur tháinig ciall nach raibh ceannaithe chuige. Mícheál Ó Muircheartaigh go somheanmnach ar feadh tamaill ach amháin gur tuigeadh dó go gcaithfeadh sé fanacht socair cuid éigin den am, seachas a bheith ag taisteal na gcríocha ar cuaird go síoraí. Ar láthair na huaire sin bhí an t-airgead ar dhuine ar bith a chaipín nó a chaidhp a chaitheamh isteach.
Ó mhaidin go chéile bhíomar ag súil le ráiteas ó Twink, ach ar chúis éigin lig sí síos sinn. Ní heol dúinn ar lorgaigh páirtí ar bith Roy Keane, ach is dócha go scoiltfeadh sé an tír arís níos géire ná cogadh na gcarad.
Cuma le simplíocht ar Bhob Geldof, toisc go bhfuil ridireacht aige agus bheadh sé deacair ar dhaoine a bhlas cainte a thuiscint seachas muintir Ross O’Carroll Kelly. Chualathas gluthara ó Dustin, leis, ach tá an Nollaig tamall uainn.
Ar shlí áirithe, áfach, bhí siombalachas riamh ag baint le hOifig an Uachtaráin. Glacadh le Dúghlas de hÍde d’aon ghuth de réir na chéad bhunreachta toisc a oiread sin a bheith déanta aige don Ghaeilge, agus ba mhór ag cách í sin ag an am. Fairis sin, ba Phrotastúnach é, agus i dtaobh thiar de bhí gátar ag an Stát a thaispeáint nach raibh sé seicteach agus i gcoinne mionlaigh.
Sheas Seán T. Ó Ceallaigh agus Dev don réimeas a throid ar son na saoirse, ach a chaill an cogadh cathardha.
Fág go raibh duine amháin díobh chomh beag sin nach bhféadfaimisne é a fheiscint, agus an duine eile chomh dall sin nach bhfeicfeadh sé siúd sinne, ba mhacalla iad den ghlúin sin arbh í Éire na linne iad ar an mórchóir.
Iarracht ba ea Childers ar chuid de chneánna an chogaidh chathartha a chneasú, óir mhaith a athair dóibh siúd a chuir chun báis é; agus ba chuid de réim thraidisiúnta Fhianna Fáil é Paddy Hillery, sular chuaigh an páirtí sin ar fad le slíomadóireacht agus le cúbláil.
Nuair a toghadh Máire Mhic Róibín bhíomar mórálach asainn féin. Bhí bean tofa againn go cinnte, ach bean a sheas ar son tuairimí liobrálacha éagsúla ar mhaith linn a bheith i bpáirt leo agus go gcuimileodh siad dínn.
Ráiteas ba ea Máire Mhic Giolla Íosa nach raibh na sé chontaetha agus an mhuintir náisiúnach soir ó thuaidh dealaithe ar fad uainn, in ainneoin gaiscí éagsúla fhoirne peile Uladh le dornán blianta roimhe sin. Chuaigh toghadh uachtaráin dul ar dhul, bord ar aon, ar chomhchuisle lenar shíleamar dínn féin mar phobal.
Is í an cheist is mó a shocróidh toghchán na míosa seo chugainn, cén íomhá a shamhlaímid dínn féin, agus cén duine is mó a íomháineoidh an íomhá sin?
Gach seans nach bhfuil tuairim dá laghad againn cé sinn féin níos mó lasmuigh de bhuabhallóireacht ar ócáidí spóirt.
Is maith nach aon ní amháin sinn, mar ní haon ní amháin pobal ar bith. Ach bíonn gluaiseachtaí sa phobal ag boirbeáil aníos nó ag dul ar gcúl nach mór i ngan fhios dúinn, agus léiriú follasach air sin is ea toghadh uachtaráin, toghadh dhuine gan de chumhacht aige ach cumhacht shiombalach.
Idir an dá linn, mura n-ainmnítear aon duine eile, beimid i dtaobh le hIarAire Cultúir a chuir réabhlóid chun feabhais ar bun ina aireacht féin, ar file stíliúil paiseanta é, a sheas ar son cearta daonna ar fud an domhain; trodaí sráide nár mhaith leat casadh leis ar oíche dhorcha in Inse Chór ná sa Bhruiséil; fear gnó a dhein airgead go macánta murab ionann agus daoine eile; bean charthanúil; amhránaí ó Dhoire Cholmcille; fear gunna ó Dhoire Cholgach; agus b’fhéidir fós seanadóir as is ann...