Bheadh

CROBHINGNE: GACH AON bhliain ag Béal na Bláth tarraingítear duine éigin amach chun Mícheál Ó Coileáin, an fear mór, an buachaill…

CROBHINGNE:GACH AON bhliain ag Béal na Bláth tarraingítear duine éigin amach chun Mícheál Ó Coileáin, an fear mór, an buachaill báire bán, an taoiseach nach raibh riamh againn, a chomóradh. Anuraidh, b'é Brian Ó Luineacháin, taoiseach eile nach raibh againn, a thug an t-aitheasc.

B’é b’iontaí faoin gcuireadh a fuair an Luineachánach, ní hea nár léine ghorm a bhí ann, ach gur bhain sé leis an bpáirtí a dhúnmharaigh an Coileánach go fealltach mar is eol don saol. (Nár dúradh go hard sa bhéaloideas go raibh De Valera sa cheantar, agus chonacthas é le gunna ina lámh timpeall an ama sin?)

Is fada ó d’éirigh an Coiste Cuimhneacháin ó bheith i dtaobh le léinte dúghorma dílse amháin, agus chuaigh amach ar an bhfarraige mhór ag iascach na ndaoine cearta adéarfadh an rud cóir neamhchonspóideach de réir sluamhachnamh na linne.

Pé rud a bhíonn ag séideadh sa ghaoth anoir aduaidh tuirlingíonn sé ag Béal na Bláth ina mháta mór bog plubach.

READ MORE

Bíonn léamh ar intinn Uí Choileáin ag gach duine a sheasann chun cainte. Ní gá ach féachaint isteach ina gcroí féin chun an intinn sin a léamh.

Nuair ba mheasa an sléacht agus an foréigean ó thuaidh is cinnte go mbeadh Mícheál Ó Coileáin ina choinne, óir fear síochána go smior a bhí ann ina ainneoin go raibh sé mar dhuine de na fir ghunna ab fhearr a tháinig ariamh as Corcaigh.

Chuirfeadh sé gan cheist in aghaidh an lámh láidir cé go mbíodh sé ag áiteamh go tréan go gcuirfí saighdiúirí glasuaine thar theorainn.

Theastaigh uaidh comh-aireacht uile na Ríochta Aontaithe a lámhach amuigh ar an tsráid, smaoineamh a bhí ciallmhar agus a mbeadh glacadh leis lena linn, ach nach smaoineodh ach geilt agus sceimhlitheoirí agus scríbhneoirí scéinséirí air inniu.

Bheadh Ó Coileáin ar son na neodrachta i rith an chogaidh; bheadh Ó Coileáin ar son go dtroidfí i gcoinne na Naitsithe; bheadh Ó Coileáin ina chumannach. Bheadh Ó Coileáin ar son fhógairt na Poblachta; bheadh sé ag iarraidh go bhfágfaimis an Comhlathas Briotanach; bheadh sé dár ngríosadh le dul ar ais ann. Thacódh sé le De Valera don Uachtaránacht; sheasódh sé féin; thabharfadh sé sinn isteach san Chomhargadh; bhainfeadh sé amach as an Aontas Eorpach sinn; mholfadh sé an colscaradh; chloífeadh sé le teagasc na hEaglaise; bheadh sé réalaíoch; bheadh sé idéalach; bheadh sé pragmatach; bheadh fís aige; d’imreodh sé i lár na páirce do Chorcaigh; phógfadh sé aon duine a raibh liathróid ubhchruthach aige; sheinnfeadh sé an phíb mhór; bhuailfeadh sé an bodhrán; mhórfadh sé na baincéirí; chuirfeadh sé gach slíomaire airgid ar crochadh ó chrann; náisiúnódh sé ár gcuid tionscal; scaoilfeadh sé ár n-acmhainní le caipitlithe idirnáisiúnta a thuigeann a gcúram; dhéanfadh sé cime de gach húdaí; ní chaithfeadh sé féin carabhat; thochaileodh sé tollán chun na mór-roinne; shiúlfadh sé ar uisce...

Is é fírinne shearbh gharbh an scéil ná nach bhfuil giob de thuairim againn conas a d’iompódh saol agus réim Uí Choileáin amach dá mairfeadh. Níl san bhladar ag Béal na Bláth ach daoine ag tarraingt uisce chun a muilte féin agus ag cur a dtréad bó polaitiúil thar abhainn. Leagan páistiúil den nós Éireannach é go ndéanfaí laoch agus gaiscíoch agus slánaitheoir as duine mór amháin – An Gile Mear, Mac an Cheannaí, Dónall Ó Conaill, Parnell.

Dá mairfeadh Ó Coileáin isteach chomh fada lenár linn féin – rud nach dócha, ach cá bhfios, nach raibh buanna draíochta fadsaolacha aige chomh maith? – tá gach aon seans ann go mbeadh sé chomh breactha, chomh socheannaithe, chomh cam leis an gcuid eile.

Bheadh a chuid costaisí taistil ón Dáil go hiarthar Chorcaí via Tír Chonaill thar a bheith suimiúil, bheadh teach breá fairsing sócúil saoire aige ar imeall na farraige sa Tuirc, bheadh cuntais bhainc rúnda aige sna hOileáin Cayman agus in áiteanna eile nach feas fós dúinn, bheadh scaireanna siar go dúid aige i mBanc Angla-Éireann, bheadh sé le feiscint gach bliain ag an uile rás capall a raibh airgead mór le caitheamh ann, bheadh bialanna galánta na gcathracha agus na mionbhailte ramhar lena chuid flaithiúlachta, bheadh oifigí stáit díláithrithe go tiubh ar fud a dháilcheantair féin.

Bhuel, is “bheadh” é chomh dóchúil lena mhalairt, agus níos dóchúla ná an manglam bréag a leagtar faoinár mbráid gach Lúnasa. Agus sin deireadh lem chuireadhsa labhairt ag Béal na Bláth ar aon nós.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar