A chara, – Bainim an-taitneamh as an leathanach Gaeilge sa nuachtán gach seachtain (Dé Céadaoin). Ba mhaith an cinneadh é leathanach iomlán Gaeilge a chur ann. Tá tú féin, an t-eagarthóir Gaeilge, agus na sár-scríbhneoirí, go mór le moladh. – Is mise.