Puca pairliminte

CROBHINGNE/Alan Titley: San toghchán deireanach de chuid na hEorpa ghnóthaigh an fear mór, an dochtúir diagachta Iain Páislig…

CROBHINGNE/Alan Titley: San toghchán deireanach de chuid na hEorpa ghnóthaigh an fear mór, an dochtúir diagachta Iain Páislig Sinsir timpeall ar dhá chéad míle vóta.

Nuair a cromadh ar an bhfarasbarr mór dá chuid a roinnt, tugadh faoi deara gur aistrigh vóta aonair singilte amháin go dtí Sinn Féin. Is minic mé ag dúiseacht le fuarallas i gcorp na hoíche istigh ag cuimhneamh ar an duine sin. Cérbh é an boc seo a bhris le nós na muintire, agus an bhfuil a fhios ag a mhuintir cé hé? Nó an amhlaidh nach raibh ann ach sciorradh pinn, nó míléamh ainme trí spéaclaí teimhneacha, nó neach fánach de lucht leanúna an DUP a raibh acmhainn grinn dá chuid féin aige?

Pé in Éirinn nó sna sé chontaetha é, ba dhuine ar leith é, duine ar a fhód féin, duine as dhá chéad míle. Fíorbheagán mar é atá ann idir neamh agus talamh, bíodh gur shonraigh mé gur aistrigh dhá vóta Shinn Féineach go Diane Dodds in Iarthar Bhéal Feirste. B'fhéidir gur dhá mhó de léiriú é sin go bhfuil na campaí á scaoileadh, droichid á dtrasnú agus póga á ndáileadh go tiubh, ach ní móide é.

Dearbhú a bhí san toghchán seo ar ball, má bhí dearbhú ag teastáil uainn - rud nach raibh - gur dhá thoghchán le dhá thoghlach le dhá liosta iarrthóirí i gcomhair dhá thaobh púca pairliminte a bhfuil dhá rialtas ag iarraidh a choimeád ar bun a bhí sa treis. Na saineolaithe sin, madraí an bhaile, is é atá acu á amhastrach agus á thafann le cuimhne na gcat. Thóg sé tamall ar ainmhithe dhéchosacha é sin a aithint os ard.

READ MORE

B'é caintic an phoblachtánachais ná gurbh Éireannaigh le fírinne na daoine sin a chroch brat na Breataine sa bhfuinneoig, a thug iomlán dílseachta don choróin, a raibh pas na banríona acu, a d'fhógair a gcuid tairise do sheanrí Oráisteach agus a dhiúltaigh aon chigilt ná cuimilt a bheith acu le hIath Iughoine, le hAchadh Airt ná le hÉirinn féin. Is é a bhí ag cur orthu ná an rud sin a dtugadh na Marxaigh 'coinsias falsa' air. Ní raibh le déanamh ach go lasfaí an choinneal ina n-aigne, go siúlfadh siad san solas, agus leáfadh an mhíthuiscint ina meabhair. B'fhéidir mé a bheith saonta, ach tá leagan amach an-simplí agam. Má deireann fia gur fia é, agus má tá craobh bheannach an fhia ar a cheann, agus crúba an fhia faoina chosa, agus eireaball an fhia as a thóin lasnairde, agus má labhrann sé teanga an fhia, is dóigh liom go bhfuil an-seans ann gur fia é, fiú má tá cónaí air sa zú agus go n-áitíonn an tíogar gur tíogar le ceart é.

B'é Bíobla na nAontachtaithe, idir shean agus nua-thiomna, agus leabhair an apacailipsis go háirithe, gur géillseanaigh de chuid na Breataine é gach duine, agus da réir sin gur Briotanaigh iad, agus b'shin a raibh ann, ipso facto, tús, lár, deireadh, méadail agus blonag an scéil.

Bhí tráth ann nuair gurbh eagal le tráchtairí ainm a chur ar an dá phobal, tráchtairí RTÉ go háirithe. Thugtaí 'an móramh', agus 'an mionlach' orthu, amhail is go scaoilfeadh siad an plá as an mbosca. Ní maith le daoine deasa nuair nach bhfuil daoine chomh deas sin leo. Cuir a ainm agus a shloinne ar bhlár an aighnis agus tá cnú na ceiste ar a laghad sroichte agat. Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta deireadh leis an útamáil. Admhaíodh an bhundeighilt gan cheist, gan leithscéal, gan fiacla ná dintiúirí a chur ann. Píosa filíochta is ea an Comhaontú sin. Chomh fite deashnaidhmthe le dán díreach ar bith. Comhuaimeach sníomhbhairdneach ó cheann go ceangal. Ba dhóigh leat an té a bheadh réasúnta go réasúnódh sé leis.

An comhaireamh seo ó chianaibh ní hamhlaidh gur drochobair é ach a mhalairt. Cuireann sé an doircheántacht a bhíodh sa chúinne in airde go follas ar an gclár. An ciúnas nár leoigh a ainm a lua tá ag gleo agus ag glafarnach agus ag geáitseáil ar bord. Gearrann tríd an luifearnach, stoitheann an raingléis agus cuireann an fásra le forscaoileadh. Muran foláir linn é ní foláir dúinn plé leis.

Is ea, leis. Tá féiniúlacht againn go léir nach féiniúlacht pholaitiúil í: uaireanta is féiniúlacht inscne í, nó dílseacht ceoil, nó buile spóirt, nó leas gairme, nó spéis siamsa, nó dúil scríbhneora, nó dáimh phearsanta, nó claonadh daonna, nó bá samhlaíochta, nó gnaoi le gáire.

Ach i gcás pholaitíocht an Tuaiscirt níl ach an t-aon bhaigín amháin a bhfuil rotha faoi, is é sin, bhaigín na dílseachta náisiúnta. Is amhlaidh go n-éascaíonn sin an bóthar dúinn go léir, an té a thuigfeadh i gceart é. Mar a thuigimse.