Cineáltas Christine

Measann an Rialtas go bhfuil borradh faoina dtacaíocht anois


Comhartha cinnte go measann an comhrialtas go bhfuil siad ar a mbealach ar ais go dtoilíonn an Taoiseach dhá agallamh fhada a dhéanamh taobh istigh de sheachtain.

Is fada iriseoirí ag gearán nach mbíodh Enda Kenny ar fáil agus go tobann, amhail is go ndearna sé rún athbhliana de, tá sé ag caint le Pat Kenny agus le RTÉ.

Ar chuir duine áirithe cogar ina chluais le linn dó cupán iomráiteach caifé a ól?

An é sin an t-ábhar comhráite a bhí idir é féin agus an sárchomhairleoir cumarsáide Frank Flannery?

READ MORE

Cur is cúiteamh.

Ach, is léir go bhfuil spreagadh nua éigin curtha faoi fhear Mhaigh Eo anois teacht an Earraigh.

Tá muinín nua le tabhairt faoi deara freisin ar na hairí rialtais agus fiú ar Joan Burton.

D’fhéadfadh sé nach bhfuil ann ach an méadú tacaíochta a léirigh an phobalbhreith dheireanach don dá pháirtí ach b’fhéidir freisin go bhfuil a fhios acu rud éigin nach eol dúinne – an straitéis fhadtréimhseach don mbliain seo ina ndáilfear amach lón faoisimh don bpobal ceann i ndiaidh a chéile suas go dtí dáta an toghcháin.

Ba dheas an crúiscín óir a chuirfeadh díol Aer Lingus ar fáil dóibh ach tá an chuma air go bhféadfadh an iomarca deacrachtaí a bheith sa mbealach air sin.

Seans go mbeidh cnapshuim mhór airgead Bhanc Aontais Éireann ar a dtoil acu.

Nó an bhfuil foinse eile aimsithe acu a chuirfeadh ar a gcumas flaithiúlacht mhealltach a léiriú?

Thug an Taoiseach leid go mbeadh gearradh eile ar cháin roimh Earrach 2016 nuair a bheadh an toghchán ann.

Ar ndóigh, gan aon rud a dhíol, tá an eacnamaíocht ag teacht chuici féin agus tá uaisle airgeadais an domhain ag teacht ó chian agus ó chóngar lena rá linn.

Nár mhol Christine Lagarde ón IMF muid mar an dálta is fearr san rang nuair a bhí sí anseo?

Ansin, an tseachtain seo caite, thug Gobharnóir Bhanc Shasana Mark Carney ardmholadh don dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag an eacnamaíocht. Tá croílár fhadhb na mbancanna réitithe agaibh, a dúirt sé.

Ní fhéadfadh rialtas atá faoi léigear le fada teachtaireacht níos fearr a fháil.

Ach níos tábhachtaí fós, bhí sí ag teacht ó dhuine údarásach taobh amuigh den Stát agus ní fhéadfaí bolscaireacht bhaile a thabhairt uirthi.

Mar is í sin an fhadhb atá ag céasadh an Rialtais seo – nach gcreidtear iad fiú nuair atá fianaise ann go bhfuil toradh ar a gcuid oibre.

Tá sé soiléir freisin go bhfuil an dá pháirtí Rialtais chun cloí le chéile go dtí an deireadh.

Dúirt an Taoiseach Dé Domhnaigh nach mbeadh aon bhaint aige i ndiaidh toghcháin le Fianna Fáil nó le Sinn Féin ach go mbeadh Fine Gael agus an Lucht Oibre ag iarraidh an dara téarma a fháil le chéile.

Ach, mar a deir Pat Rabbitte, is é sin an cineál ruda a deir tú roimh thoghchán.

Muna réitíonn na torthaí leis an socrú sin, ní bheidh an dara suí sa bhuailtín acu.

Muna mbíonn tromlach glan ag an gcomhrialtas seo tar éis an toghcháin, beidh sé deacair aon rialtas a chur le chéile.

Deir Fianna Fáil nach rachadh siad i gcumhacht le Fine Gael ná le Sinn Féin.

Cuireann Sinn Féin Fine Gael as an áireamh agus níl siad go mór i bhfách le Fianna Fáil.

Deirtear anois go bhfuil siad ag iarraidh comhaontas den eite chlé a chur le chéile agus gur mhaith leo labhairt leis na ceardchumainn faoi ardán aontaithe a chur ar fáil do pholasaithe a bheadh chun leas na haicme oibre.

Ach fiú taobh istigh de Shinn Féin, tá daoine ciallmhara ag fiafraí an bhfuil an páirtí réidh fós don gcumhacht.

B’fhearr, b’fhéidir, tamall a chaitheamh ag fáil amach cé hiad iad féin dáiríre.

Ní ghlacann cuid mhaith sóisialaithe leis gur páirtí den eite chlé iad. Go pointe áirithe, is fíor dóibh.

Ní páirtí den eite chlé ó dhúchas iad. Is féidir ómós a thabhairt do James Connolly ach gan dia beag a dhéanamh de.

Caithfidh Sinn Féin smaointeamh go domhain faoin áit a ba mhaith leo a líonadh i speictream na polaitíochta.

Cheana féin, níl éirithe leo a chur ina luí ar go leor daoine go bhfuil polasaithe eacnamaíocha iontaofa acu.

Ní haon chuidiú é go mbíonn gach agallamh a dhéanann Gerry Adams ar na meáin chraoltóireachta stadach, éiginnte agus seachantach nuair a bhíonn na polasaithe sin á bplé.

Admhaíonn sé féin nach bhfuil sé eolasach faoi na cúrsaí seo ach ní leor sin do cheannaire páirtí. D’fhéadfadh tubaiste a bheith i ndán don bpáirtí má bhíonn diancheistiúchán réamhthoghcháin ann – agus beidh.

Fiú más í áit Pháirtí an Lucht Oibre atá Sinn Féin ag iarraidh a líonadh beidh orthu cuid den mheánaicme a thabhairt leo.

Faoi láthair, in ainneoin go maítear go bhfuil figiúirí a gcuid polasaithe curtha faoi bhráid na Roinne Airgeadais, is deacair le cuid mhaith den mheánaicme glacadh leo.

Caithfear a thuiscint go bhfuil eagla ar dhaoine dul sa tseans ar pholasaithe a thabharfadh ar ais tromluí na hoíche aréir.

Mar an gcéanna, léirigh na mílte a tháinig amach faoi dhrochaimsir mar agóid in aghaidh táillí uisce go bhféadfadh tromluí a bheith ag fanacht fós leis an Rialtas.