Cime agus cuach

Ar na scannáin is fearr a bhfuil éalú as príosún ann tá The Shawshank Redemption


Is liosta le háireamh iad na cláir theilifíse a mhaíonn go gcíortar domhan “faoi thalamh” na coiriúlachta iontu. Is beag acu a thugann léargas réalaíoch ar shaol an phríosúin agus saol na bpríosúnach mar atá sé, áfach.

Cé go ndéantar an choiriúlacht tarraingteach sna meáin go minic inniu, is é an fhírinne shearbh ná go gcaitheann formhór mór na ndaoine atá bainteach leis an gcoiriúlacht is tromchúisí an chuid is mó dá saol sa charcair; é sin, nó níos measa fós, dúnmharaítear iad.

Tá a fhios ag cách gur fir, fir óga atá sáite i saol na mangaireachta drugaí, a mbunáite díobh. Is follas gur ó cheantair atá faoi mhíbhuntáiste le fada an lá a shíolraíonn mórán de na fir chéanna, iad an an-óg nuair a théann siad chun príosúin i gcéaduair agus anbhás fulaingthe acu go minic; ní hannamh na daoine céanna os cionn cláir agus a gcomhaoisigh ó na ceantair is rachmasaí i mbun staidéir tríú leibhéal.

Bhí príosúnaigh agus saol an phríosúin i mbéal an phobail ar na mallaibh nuair a tháinig an scéal ó SAM go raibh beirt phríosúnach tar éis éalú ón Clinton Correctional Facility i dtuaisceart Nua-Eabhrac, thart ar 20 míle ón teorainn idir Meiriceá agus Ceanada. Maítear gurb iad an bheirt seo na chéad phríosúnaigh a d’éalaigh ón gcarcair sin riamh, agus tá sé ann le 150 bliain anuas. Tá luach saothair de 100,000 dollar curtha ar fáil ag na húdaráis dóibh siúd a thugann eolas orthu.

READ MORE

Ar na scannáin is fearr a bhfuil éalú as príosún lárnach ann tá The Shawshank Redemption (1994) leis an stiúrthóir Frank Darabont, fear nach mbeadh a ainm ar bharr a dteanga ag cách, fiú i measc cognoscenti na scannánaíochta.

Léiríonn gach suirbhé gur scannán é seo a bhfuil gnaoi an phobail air, is cuma cén aicme lena mbaineann siad ach tá bá na cosmhuintire leis is cuma cén inscne nó cén aois iad siúd a bhreathnaíonn air.

Cén fáth seo? Ar an gcéad dul síos, is scannán é The Shawshank Redemption a bhfuil fírinne ag baint leis; tá neart foréigin agus brúidiúlachta le sonrú sa chéad leathuair an chloig de ach ní cheiltear an fhírinne sin orainn. Ní haon ribín réidh é saol na bpríosúnach, sna Stáit Aontaithe ach go háirithe. Anuas air sin, tá an script, an léiriú agus an aisteoireacht thar barr, na príomhróil glactha ag Tim Robbins agus Morgan Freeman.

Súitear isteach sinne, an lucht féachana, dá thairbhe sin, sa scéal tragóideach seo, scéal Andy Dufresnes, fear ar gearradh príosún saoil air ar chúis bhréagach; maítear gur mharaigh sé a bhean chéile agus an leannán a raibh sí i mbun suirí leis.

Tar éis gur réimeas thar a bheith brúidiúil, ciníoch atá sa saol faoi ghabháil nua sin nach bhfuil de rogha ag Andy ach dul i dtaithí air, fásann cairdeas idir é féin agus seanfhondúir a bhfuil blianta fada caite istigh aige, fear gorm darb ainm Red.

Cíorann an scéal an cairdeas agus an meas a fhásann idir an bheirt fhear, fiú agus an scéal suite sna 1940í déanacha nuair a bhí an scoilt chiníoch i bhfad níos binbí ná mar atá inniu.

Tarraingítear isteach sa scéal sinne mar lucht féachana ionas gur beag nach nglacaimid mothúcháin Andy chugainn féin go háirithe an tslí a méadaíonn agus a dtránn a dhóchas de réir mar a theipeann ar na hiarrachtaí achomhairc i gcoinne an phionóis saoil a gearradh air agus ar a neamhurchóide i leith na cúise a chruthú do na húdaráis.

Is é Andy Dufresne laoch an scannáin – más ceadmhach an focal “laoch” a úsáid sa chiall idéalach sin níos mó – tá idir chlisteacht, fhoighne agus dhínit le sonrú air mar dhuine.

Tá Andy san fhaopach ach ní ghéilleann sé riamh don bhinbe ná don éadóchas; sin in ainneoin a dhuairce agus atá an todhchaí ag breathnú roimhe amach nó go smaoiníonn sé ar lámh a chur ina bhás féin ag geábh amháin. Scéal dóchais is ea The Shawshank Redemption.

Tar éis go dteipeann ar gach iarracht a dhéanann Andy ar a shaol a fheabhsú nó a shaoirse a bhaint amach, tá dóchas beag againn i gcónaí ann go n-éireoidh leis faoi dheireadh.

Táimid amhrasach go bhfuil slánú i ndán dó áfach, nó go dtagann casadh tobann drámata thiar i ndeireadh an scéil.

Aon duine cosúil liomsa atá ag tabhairt tacaíochta d’fhoireann iománaíochta na Gaillimhe thar na blianta, tuigeann sé cad is dóchas agus éadóchas ann; teacht is imeacht na taoide.

Chuala mé an chuach ag glaoch an lá faoi dheireadh…tá an samhradh linn!