Slán le Tommy

Beocheist/Seán Ó hÉalaí: An lá gur tháinig siad isteach ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, agus i dTaobh an Bhogaigh, Doire, …

Beocheist/Seán Ó hÉalaí:An lá gur tháinig siad isteach ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste, agus i dTaobh an Bhogaigh, Doire, bhí mná tí amuigh ag ceiliúradh sna sráideanna. Cén fáth nach mbeadh?

Tar éis na laetha fada trodaíochta ina ndearnadh iarracht smacht a fháil ar ais ar cheantracha náisiúnacha nó iad a dhó go talamh i 1969, bhí faoiseamh tagtha i bhfoirm na sean-namhad, arm na Breataine. Bhí an dara léigear thart.

I nDoire scaipeadh ráfla go bhfaca dream Specials a bhí bailithe ar chnocán an Diamond na feithiclí agus na leoraithe míleata i bhfad uathu ag tarraingt isteach go lár na cathrach agus gur theith siad mar gur shíl siad gur Arm na hÉireann a bhí tagtha trasna na teorann a bhí iontu.

Is mar sin a bhí cúrsaí, muid ar tí cogaidh chathartha agus gan a fhios againn cá gcríochnódh sé. Tá sé deacair anois breathnú ar na seanscannáin scrábacha ón tréimhse agus á shámhlú go raibh tús á chur leis an chéad chaibidil thábhachtach eile de stair fhada na coimhlinte idir an Bhreatain agus Éirinn. Ba bheag a shíl na mná a bhí ag cur fáilte le tae roimh na saighdiúirí óga éiginnte an lá sin gurb iad a mbásanna siúd a bheadh á gceiliúradh acu taobh istigh de dhá bhliain.

READ MORE

Má bhí faoiseamh ar go leor d'áitritheoirí na bhFál agus Thaobh an Bhogaigh, bhí súile eile ag breathnú ar an gcóisir sráide seo agus an ghráin dhearg á léiriú iontu.

Ar dtús, ba mhór an díomá a bhí ar na dílseoirí a bhí ag ionsaí na gceantracha náisiúnacha agus a bhí anois ina seasamh ar a dtaobh eile de na baracáidí ag stánadh gan tuiscint ar "an t-arm s'againne" ag ól tae agus ag gáire leis na "Fíníní".

Ach bhí dream eile ann nach raibh pioc sásta gurb iad na Sasanaigh a bhí tagtha mar laochra in am an ghátair. Ní raibh aon sásamh le baint ag an dream beag poblachtach a bhí fágtha i nDoire agus i mBéal Feirste as an scéal.

Dúirt seanfhondúir poblachtach amháin liom féin nach mairfeadh an dea-chaidreamh thar mí, go nochtódh na saighdiúirí Sasanacha a bhfíornádúr don bpobal náisiúnach agus go n-aithneofaí tréithre na sean-namhad.

"Fan go maraítear an chéad duine acu," a dúirt sé, le níos mó den dóchas ná den dáiríreacht, dar liom.

Ach nuair a tharla sé sin, ní haon phobhlachtánaí a rinne an gníomh ach dílseoir. B'shin i 1971 agus bhí na céadta eile saighdiúirí óga le titim thar an chéad 30 bliain eile.

An fhadhb a bhí ag arm na Breataine sa Tuaisceart nach raibh sé ar a chumas cothrom na Féinne a thabhairt don dá thaobh. Bhí luí nádúrtha ag na saighdiúirí leis na dílseoirí agus níorbh fhada go bhfacthas é sin go soiléir. Taobh amuigh de sin, bhí ról traidisiúnta agus sean-íomhá arm na Breataine i stair na hÉireann ar eolas go rómhaith ag an bpobal náisiúnach.

Cosúil le carachtair as seantragóid Ghréagach, ghlac gach duine leis an bpáirt a bhí leagtha amach ag an stair dóibh. Ní raibh aon éalú ón rud a bhí i ndán.

Roimh i bhfad bhí dhá fhórsa ag cur feabhais lena scileanna maraithe ar chostas ard don gcosmhuintir agus cuireadh cogadh fuilteach fada eile le hannálacha cogaidh an domhain.

Tá cur is cúiteamh ar siúl faoi Operation Banner mar a tugadh ar an bhfeachtas is faide dar throid arm na Breataine riamh. Maíonn cuid mhór tráchtairí Briotanacha go ndearna an t-arm meancóga ach ar fad, ar fad gur éirigh leis cogadh cathartha a chur ó dhoras go dtí go raibh an tIRA róthuirseach le leanuint ar aghaidh agus gur thionntaigh siad ar an bpolaitíocht.

Measann an colúnaí Kevin Meyers gur chóir dúinn bualadh mór bos a thabhairt dóibh ar a mbealach amach. An t-aon rud amháin a déarfainnse faoi sin ná go raibh deacrachtaí ag gluaiseacht na poblachta "colour party" a chur le chéile don mháirseáil chuimhneacháin ag an gCáisc 1966 i nDoire agus faoi 1972, bhí an tIRA sa gcathair chéanna ag cur daoine óga ó dhoras, bhí an oiread sin earcaithe acu. Arm na Breataine a rinne é sin. Ba é an sáirsint earcaíochta ab fhearr a bhí ag an IRA riamh é.

Ar scáth a chéile a mhair an dá fhórsa go dtí gur thuig siad beirt nach raibh aon bhua míleata i ndán dóibh.

Ach má choinnítear i gcuimhne gurb í aidhm an IRA an Tuaisceart a bhaint as an Ríocht Aontaithe, ní deacair aoibh an gháire ar bhéal an Ghinearáil Sir Mike Jackson a thuiscint nuair a mhaígh sé gur "one of the very few operations ever brought to a successful conclusion by the armed forces of a developed nation against an irregular force" a bhí ann. Bíonn scríobh na staire ag na buaiteoirí, a deirtear.