Samhradh - 'the days are not full enough'

BEOCHEIST: UAIREANTA IS seandaoine atá imithe amach ar phinsin is mó a bhíonn thuas ag an ionad athchúrsála i mBaile Uí Ógáin…

BEOCHEIST:UAIREANTA IS seandaoine atá imithe amach ar phinsin is mó a bhíonn thuas ag an ionad athchúrsála i mBaile Uí Ógáin, turas gearr ón tigh seo 'gainne. Téim ann leis an mbruscar ón ghairdín, féar is gearrthóga na dtor.

Is beag caint a bhíonn eadrainn ach is soiléir gurb é an rud is mó a bhíonn ag dó na geirbe againn ná cé chomh tapaidh is atá gach rud ag fás sa ghairdín na laethanta seo, i bhfad níos tapúla ná blianta eile.

Scaipeann tonn teasa an tsamhraidh gile ar an choincréit fhairsing agus de ghnáth bíonn dea-aoibh ar na lánúna liatha a thagann anseo. Uaireanta cabhraíonn na fir atá ag obair i mBaile Uí Ógáin linn, is mór againn an cineáltas sin.

Níl sé de nós agam dul ó bhaile i rith an tsamhraidh. Ach ní hamhlaidh le daoine eile de réir dealraimh. Tá na bóithre ciúin fiú tráth bruide na maidine. Tá an chomharsanacht seo ciúin, ina codladh, cheapfá.

READ MORE

Cá bhfuil gach éinne? An bhfuil tigh saoire nó tigh soghluaiste i Loch Garman ag gach éinne? Is cosúil go bhfuil! Is cuimhin liom sna 60í agus sna 70í luatha bhíodh daoine ag plé na ceiste, an raibh sé de cheart ag duine an dara tigh a bheith aici nuair nach raibh tigh ar bith ag daoine eile? Tá athrú tagtha ar an scéal sin, anois an t-ábhar cainte ná an cháin €200 ar an dara tigh.

Uaireanta nuair a bhíonn eagar curtha ar an ghairdín agam, tugaim cuairt ar an chathair. I gcónaí bíonn scéal éigin agam nuair a fhillim abhaile. Mar shampla, cúpla seachtain ó shin an scéal a bhí agam ná go bhfuaireas póg ó bhangharda.

An rud is annamh ... Agus geallaimse duit go raibh sé iontach!

Chuireas síneadh is áibhéil leis an scéal sin ach sa deireadh thiar b’eigean dom mo rún a scaoileadh le mo mhuintir. Iníon le seanchara a thug an phóg dom, póg idir cairde ach fós póg iontach ó Gharda!

Lá eile shiúlas cúpla céad slat suas an bóthar go dtí ionad staid don Lucht Siúil, sé chlann ina gcónaí ann agus aithne mhaith agam orthu. Chuireadar fáilte romham agus shuíomar faoin ghréin ag caint is ag comhrá, ag cur is ag cúiteamh. Bhí dea-scéala acu.

Beirt de na cailíní ag tabhairt faoin mheánscoil ag deireadh an tsamhraidh agus táim den tuairim go gcríochnóidh siad an cúrsa. Míchumas coirp ag cailín amháin ach mar chúiteamh tá crógacht na féinne inti.

Capall breá alabhreac agus pónaí á nígh ag beirt de na fir, á n-ullmhú don aonach. Tá sé i gcoinnibh rialacha na comhairle contae capaill a choimeád ar an suíomh ach uaireanta is fiú na rialacha a lúbadh. D’fhéach Bríd im’ threo, “bheidís caillte gan na capaill”.

Ceapaim gur fiú aon rud ach na fir a bheith gnóthach. Arís i mbliana mar a dhéanann siad gach aon shamhradh raghaidh siad ar oilithreacht go Loch Dearg agus go dtí an Chruach.

Cúpla lá sarar luíos isteach ar an alt seo a scríobh thugas sciúird eile ar an chathair, ceantar Shráid Grafton. Áilleacht gach aon áit, níor thugas lucht déirce faoi ndear beag ná mór.

Ceoltóirí breátha is daoine ag déanamh geáitsí iontacha le moladh is pingní á mealladh ó choisithe.

Spéirmhná mar spéirling na háilleachta ag spaisteoireacht go spleodrach. Muinchillí is barréide giortacha á gcaitheamh go bródúil dúshlánach. Nílim dall fós, a mhic ó.

Rud eile a thugas faoi ndear ná an líon mór daoine a bhfuil tatú greanta nó inscríofa ar a gcraiceann acu, gach aon saghas dearadh idir gránna is gleoite.

Seanealaín neoiliteach a bhfuil an-tóir uirthi i gcónaí, agus is cosúil gur tháinig lucht déanta na dtatú slán ón ghéarchéim eacnamaíochta.

Do dhallas mo shúile ar eagla go stánfainn is chuimhníos ar chomhairle an chairdeolaí. Seachain an floscadh néarógach, smachtaigh an chuisle róthapaidh. Abhaile liom.

Amach liom go dtí an gairdín, cupán tae im’ ghlaic is leabhar filíochta faoi m’ascaill. Teideal iontach ar an leabhar, Staying Alive - Real Poems for Unreal Times.

D’fhéachas timpeall orm, sea, tá sé in am slacht a chur ar an ghairdín, ní miste dul go Baile Uí Ógáin arís féachaint conas tá mo chomhaoisigh féin, an cine liath, gan tatú le feiscint.

D’osclaíos an leabhar go randamach.

Ní chreidim é. Líne le Erza Pound:

And the days are not full enough

And the nights are not full enough

And life slips by like a field mouse

Not shaking the grass.