Lá breithe dhona

DEICH mBLIANA ó shin, inniu, a tháinig Foras na Gaeilge ar an saol, an t-eagras atá freagrach as cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn…

DEICH mBLIANA ó shin, inniu, a tháinig Foras na Gaeilge ar an saol, an t-eagras atá freagrach as cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn thuaidh/theas. Cainteanna phróiseas na síochána a ghin an t-eagras agus ní riachtanas ar leith teanga nó plean straitéis 20 bliain féin.

Ba bhreá an rud é bheith in ann lá breithe shona a ghuí ar an eagras ach, i ndáiríre, is iomaí duine in earnáil na teanga a bheidh ag beannú lá breithe dhona leo inniu.

Is iomaí sin iaróg a bhain leis an eagras thar na blianta agus is iomaí sin gearán a rinneadh faoina éifeacht – nó mí-éifeacht, ag brath ar do dhearcadh.

Cén tionchar ar chás na teanga a d’imir an Foras? Thug siad amach deontais agus, bhuel, sin uilig i ndáiríre. Smaoinigh air mar seo, sa chás nach raibh, abair, Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, ann le rudaí chomh bunúsach le ranganna, caidreamh agus cúrsaí a chur ar fáil do lucht na Gaeilge, an mbeadh ‘obair’ ar bith déanta ag an Fhoras?

READ MORE

Rithfeadh sé leat gurb é caitheamh airgid an t-aon slat tomhais amháin atá ag lucht an Fhorais dá n-éifeacht féin – ach cén éifeacht, má bhí aon éifeacht, a bhí leis an chaiteachas ar fad? Tá na milliúin euro agus punt caite anois acu ach an mbraithfeá go raibh an teanga níos fearr as?

Cá háit ar caitheadh an t-airgead agus cá háit nár caitheadh é? Cá mhéad fiontar féinseasmhach nuálach de chuid an Fhorais féin a mhaireann – rud nach ionann agus fiontair a d’fhág an Rialtas le huacht leo, an Gúm agus a chúraimí, mar shampla? Teastas d’aistritheoirí, b’fhéidir, agus...? An bhfuil an Ghaeilge níos láidre i gCorcaigh nó i gCúil Raithin nó i Luimneach nó i Latharna anois ná mar a bhí; an fearr na háiseanna atá ar fáil do lucht na Gaeilge, thuaidh agus theas, thar mar a bhí; an bhfuil ardú meanmam ar lucht teanga thar mar a bhí nó an in ísle brí atá siad; an mothaíonn tú i do Ghael uile-Éireannach ar maidin nó an mbíonn tú sásta an cúpla focal féin a chluinstin le linn an lae i do cheantar féin – mar a bhí riamh?

Tá an t-am ann athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar obair an Fhorais, ar na deontais a caitheadh, ar na scéimeanna a ceadaíodh agus ar na socruithe a rinneadh.

“Ná déan dearmad gur ar do shonsa atá Foras na Gaeilge ag saothrú,” a scríobhtar ar shuíomh Idirlín an eagrais.

Ná déantar!