Bliain sa Pholainn dom

Beocheist: I ndiaidh bliain a chaitheamh i bpoblacht na Polainne, an ball nua is mó den Aontas Eorpach, is féidir roinnt rudaí…

Beocheist: I ndiaidh bliain a chaitheamh i bpoblacht na Polainne, an ball nua is mó den Aontas Eorpach, is féidir roinnt rudaí suimiúla a thabhairt faoi deara.

B'fhéidir gurb é is mó a rachadh i gcion ar eachtrannach a chaithfeadh tréimhse sa tír seo ná a chiúine a bhíonn daoine in áiteanna poiblí.

Ar an mbus ar maidin, mar shampla, d'fhéadfadh slua mór daoine bheith brúite isteach sa bhus mar a bheadh prátaí i mála ach gíog ná míog ní chloisfí ó éinne.

Agus ní hé gur dream strainséirí a bheadh ann. D'fhéadfadh buíon buachaillí sna déaga bheith ina seasamh in aice le chéile agus gan focal ag scinneadh óna mbéal seachas, b'fhéidir, an corr-rud ráite i gcogar.

READ MORE

Is os íseal a bhítear ag caint ar an tsráid chomh maith agus is annamh a thiocfaí ar dhuine a bheadh ag liú nó ag gáire os ard. Agus dá bhfeicfí duine ag canadh nó ag feadaíl, stánfaí air amhail is dá mbeadh an gealtachas gafa lastuas de.

B'fhéidir gur rian é an modh iompair seo den saol mar a bhíodh faoi chuing an chumannachais, nach bhfuil curtha díobh ag na Polannaigh ach le 15 bliain. Nuair nárbh fhéidir bheith cinnte cérbh é a bheadh ag éisteacht leat is ag sceitheadh ort, is dócha go rabhthas breá sásta bheith faoi thost. Rud eile a bhainfeadh an teaspach den té nach mbeadh ag súil leis ná geimhreadh na Polainne. Bíonn an talamh faoi bhrat tiubh sneachta ar feadh trí mhí, ar a laghad, agus an teocht ag titim síos go -20. Dá oirthearaí sa Pholainn a bhítear, is ea is fuaire a bhíonn sé.

Dá mbeadh leac oighir ar bhóithre na hÉireann, ceannteideal nuachta a bheadh ann. Is cuid nádúrtha é an t-oighear is an sneachta de gheimhreadh na Polainne, áfach.

B'fhéidir gurb í an saghas aimsire seo is cúis le dúnáras na bPolannach thar iarmhairt an chumannachais. Cinnte go mbíonn ísliú meanman ar dhaoine le linn an gheimhridh fhada ghruama agus is iontach mar a ghealann daoine le leá an tsneachta is teacht an earraigh.

Tagann meangadh gáire ar aghaidheanna mar a bheadh iora ag caitheamh de codladh doimhin an gheimhridh.

Cé gur le dúthrácht a thug formhór na bPolannach droim láimhe leis an gcumannachas i 1989, tá iarsmaí den chóras sin fós le sonrú.

Déarfá uaireanta go gceapann muintir na Polainne go bhfuil sé de cheart ag gach éinne post bheith aige is go gcuirfear fostaíocht ar fáil ar ais nó ar éigean. Is iondúil, mar shampla, a bhíonn duine áirithe ina shuí ar feadh an lae os comhair dhoras an leithris i bpictiúrlann nó i mbialann. Caitear airgead beag a thabhairt don duine seo sula ligfear isteach sa leithreas an custaiméir.

É sin nó bíonn seomra cótaí i mbialann agus gan aon rogha ag an gcustaiméir ach an cóta a chur isteach is bonn airgid a íoc as an tseirbhís seo d'fhear an tseomra cótaí.

Tá iarrachtaí déanta agam féin sleamhnú isteach i mbialann i nganfhios don oibrí seo is seilbh a choinneáil ar mo chóta. Is géar-roscach a bhítear sa ghort seo oibre áfach: feictear mé, leantar mé is tugtar mo chóta go dtí an seomra cótaí.

Ar na rudaí ba mhó a chuirfeadh ionadh ar chuairteoir chun na Polainne tá an naimhdeas in aghaidh na nGiúdach. Ag tús an dara cogadh domhanda bhí tuairim is 3.5 milliún Giúdach sa Pholainn ach de réir an daonáirimh is déanaí níl ach 1,500 díobh ann anois.

Ach ina ainneoin seo creideann roinnt Polannach gurb iad na Giúdaigh is cúis le fadhbanna na Polainne. Agus ní ó dhaoine tuathalacha gan oideachas amháin a bhíonn an saghas cainte seo le cloisteáil ach ó mhic léinn a bhfuil céimeanna maithe ollscoile ar siúl acu agus daoine eile dá leithéid.

Déarfaí leat, mar shampla, go bhfuil an príomhaire nó an t-uachtarán ina Ghiúdach. Dealraíonn sé, áfach, gur giorra don tsamhlaíocht ná don fhírinne na smaointe seo.

Ar ndóigh, ní chomh diúltach sin atá gach gné den saol sa Pholainn. Is cuid lárnach é an dea-bhéas d'iompar na ndaoine.

Más ag caint le duine nach cara a bhítear, mar shampla, úsáidtear foirm speisialta den tríú pearsa uimhir uatha agus ní áibhéil a rá go gcríochnaítear gach comhrá, nó geall leis, le "go raibh maith agat".

Dá mbeadh beirt strainséirí ina suí le hais a chéile ar traein ar feadh cúig uaire ní déarfaí focal le linn an turais. Ach ar bhaint amach an stáisiúin don traein déanfaidh an bheirt a mbuíochas a ghabháil lena chéile.

Nós sóisialta nár mhiste d'Éireannaigh tabhairt chucu féin.