Beo bodhar tar éis oíche le hAnthrax

Tá na soilse múchta. An t-ionad ceoil lán go doras agus an t-aer plúchta le teas, teannas agus le hallas

Tá na soilse múchta. An t-ionad ceoil lán go doras agus an t-aer plúchta le teas, teannas agus le hallas. Tá an slua brúite in aghaidh a chéile agus ag bogadh i dtreo an stáitse mar a bheadh báire éisc ag triail éalú trí pholl beag eangaí.

Cé go bhfuil foighid éigin ina measc, tá ag meath air sin. Caitear síoraíocht ama ag fanacht leis an ngrúpa ceoil agus ardaíonn teannas an tslua le chuile nóiméad a imíonn.

Oíche Aoine atá ann agus tá chuile dhuine ar bís. Ligtear scréach chogaidh an nóiméad a dhíríonn súile an tslua ar Scott Ian agus é tar éis sleamhnú go ciúin ar an stáitse. Fear giotáir agus ball seasta d’Anthrax, grúpa trom-mhiotail as Nua-Eabhrac Mheiriceá, é Ian agus tá ómós mór le léiriú dó sa halla seo anocht.

Soicind amháin eile agus le pléasc a bhodhródh bean sí, lasann an stáitse le splanc leictreach, dírítear na soilse ar an slua, nochtar na cláir éadain agus na cloigne maola fliucha agus, ar deireadh, cuirtear tús leis an gceol – ionsaí fíochmhar trom ar chiúnas agus ar shíocháin na hoíche amuigh.

READ MORE

Tá Anthrax ar camchuairt san Eoraip, áit a bhfuil siad ag taisteal ó chathair go cathair leis an ngrúpa Sasanach cáiliúil Motorhead agus, cé nach ligfí dóibh, níl cosúlacht ar bith ar an scéal go bhfuil siad chun scíth nó sos ar bith a ghlacadh anseo anocht.

Níl sé ach cúpla nóiméad tar éis a hocht nuair a chuirtear tús leis an gceol. Téann Anthrax chun stáitse le fuinneamh agus le fonn agus ní bheidh faoiseamh ar fáil go ceann dhá uair an chloig.

Tá na hamhráin ar fad ar eolas ag an 800 duine atá i láthair san Academy agus castar ar ardluas iad.

Seinntear réimse leathan ceoil. Ní chasfar amhábhar ar bith ach meascán, idir sean agus nua, ón chéad fhadcheirnín, Fistful of Metal, a eisíodh beagnach 30 bliain ó shin, go Worship Music, an deichiú ceirnín stiúideo acu a eisíodh anuraidh agus ó bheagnach gach ceann a eisíodh san idirlinn.

B’fhéidir go raibh cuma mhíshuaimhneach orthu siúd a bhí san áras ceoil seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath ag tús na hoíche ach tá comhcheangal de chineál éigin eatarthu agus an ceol anois ar siúl.

Tá gach cineál ealaíne ar bun idir ‘surfáil slua’ agus ‘mosháil’ agus é ar fad i rithim leis an gceol. Níl aon cheist faoi ach go bhfuil sceitimíní ar an slua seo agus go bhfuil siad ceaptha ag a bhfuil os a gcomhair.

Cuireadh tús le trom-mhiotal mar mhúnla ceoil le Black Sabbath i mBirmingham, Sasana, sa bhliain 1968. Stíl úrnua a chumadar – cineál gormacha ach é meascaithe le giotár trom Tony Iommi agus líricí gruama dorcha Ozzy Osbourne.

Is cinnte freisin nach ndearna an drumadóir Bill Ward trócaire ar bith ar a chuid drumaí.

Freagra, ar bhealach, a bhí ann ar cheol na linne – agus go háirithe ar cheol hipí síochánta aislingiúil as na Stáit Aontaithe Mheiriceá nach raibh sách réalaíoch dóibh siúd a lean Black Sabbath.

Ní grúpa ceoil amháin a bhí i Black Sabbath. Spreag siad, agus iad siúd a lean iad, foghrúpa nua sóisialta.

Bhí tús curtha leis an obair seo ag leithéidí Iggy Pop agus MC5 ach chuir Black Sabbath stíl nua leis an an gceol.

Mar a tharlaíonn le forbairt gach foghrúpa, tháinig forbairt de réir a chéile ar rialacha trom-mhiotail. Rialacha iad seo a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann agus a bhí le feiceáil sa slua úd san Academy. Bíonn téamaí frithúdarásacha tromchúiseacha go láidir sa cheol. An bealach is fearr nó is éasca do bhaill an fhoghrúpa chun é seo a thaispeáint ná trí éadach a chaitheamh a léiríonn a mbá.

Bhí siombail an ainrialachais ar go leor daoine, siombail phágánach ar chuid eile agus t-léinte Anthrax ar bheagnach gach mac máthar (ní raibh mórán ban ina measc).

Ach cé go mb’fhéidir go gcuirfeadh sé seo faitíos ar roinnt daoine sa slua bheith in éineacht lena leithéid, ba le dea-spiorad amháin a bhain a raibh i láthair taitneamh as an gceolchoirm. Tá na líricí ar fad ar eolas acu agus nuair a thiteann duine ina measc, íslíonn dosaen lámh le cabhair a thabhairt dóibh éirí.

Déanann amhránaí Anthrax – Joey Belladonna – an slua a mholadh gach seans a bhíonn aige agus freagraíonn an slua go hard agus go meidhreach é.

Agus an scríbhneoir seo ar a bhealach abhaile, léann sé alt ar Rolling Stone faoi mhuintir Jimi Hendrix.

Is cosúil go bhfuileadar tar éis socrú a dhéanamh le héadaí a chur ar fáil don siopa Bloomingdales i Nua-Eabhrac agus iad formhuinithe le híomhá Hendrix.

Stocaí nó fobhrístí le híomhá Hendrix orthu? Peaca marfach. Ba cheart neamhshuim a dhéanamh dóibh siúd nach bhfuil suim acu sa cheol agus naimhdeas leo siúd a dhéanann tráchtáil air.

Tagann an bus agus tuirlingíonn an scríbhneoir, é sona sásta agus leathbhodhar.

Agus t-léine Anthrax faoina ascaill aige.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.