1992 a bhí ann. Bhí an Stát suaite ag ginmhilleadh. Bliain Chás X a bhí ann agus lean reifreann clamprach ina dhiaidh.
Bhíos sa gcéad bhliain i Meánscoil na Toirbhirte i dTír an Iúir. Thug an múinteoir reiligiúin bosca biorán isteach léi chuig an rang. Cosa beaga an fhéatais a bhí sa seodra seo, déanta d’airgead – siombail idirnáisiúnta na mbeo gan bhreith. Scaip sí i measc an ranga iad. Chaitheas mo bhróiste go bródúil.
Trí bliana ní ba dhéanaí, chuathas i mbun díospóireachta seirbhe maidir le colscaradh, feachtas ina raibh an dú-olc dá chéile ag an dá thaobh agus gan eatarthu ach dornán beag vótaí sa deireadh – 9,000 ar fad.
Bhíos go mór faoi anáil mo mhuintire – bhí mo thuismitheoirí glan in aghaidh an chúigiú leasú dhéag ar an mBunreacht. “Caithfimid pósadh a chosaint,” a déarfaidís, “caithfidh sé fanacht mar atá.” D’aontaigh mé leo go fonnmhar. Soineantacht na hóige a bhí ann i mo chás-sa; soineantacht na ré i gcás mo thuismitheoirí.
Fiche bliain níos deireanaí, is sa bhosca “colscartha” ní mór dom an tic a chur nuair a iarrtar orm mo stádas pósta a chur ar fáil. Agus vótáil an mháthair sin – nach raibh sé de chumas inti athrú ar bith ar phósadh a shamhlú – i bhfábhar chomhionannais phósta i mbliana.
Maidir le ginmhilleadh, ó tharla go bhfuil mé ag obair mar iriseoir oibiachtiúil, b’fhearr liom a bheith cúramach anseo.
Ach sílim féin go bhfuil Michael O’Leary le moladh as seirbhísí dá thír a chur ar fáil, atá i bhfad Éireann níos tábhachtaí ná eitiltí saora chun na Spáinne.
Dé Sathairn atá díreach imithe tharainn, bhí 10,000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, iad bailithe le chéile le freastal ar agóid chun cearta ginmhillte a éileamh. Tá siad ag éileamh reifrinn chun an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm. Bhí an mhórshiúl seo eagraithe ag an gComhghuaillíocht um Chearta Ginmhillte. Seo an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil agóid mar seo eagraithe acu agus deir siad go bhfuil sé ag dul ó neart go neart.
Bhí mé féin i láthair ag mórshiúl eile níos luaithe i mbliana – i mí Iúil. Bhí sé sin eagraithe ag an bhfeachtas ar son na mbeo gan bhreith. Tá sé deacair na figiúirí seo a mheas, ach dúirt an lucht eagraithe go raibh 30,000 duine i láthair. Dúirt na Gardaí go raibh 10,000 i láthair. Cá bhfios?
Ach táim lán-chinnte go raibh i bhfad níos mó daoine i láthair ag an agóid ar son na mbeo gan bhreith ná mar a bhí ann Dé Sathairn ag éileamh cearta ginmhillte.
I bhfad níos mó.
Sílim gur botún atá ann don bhfeachtas ar son rogha a bheith ag éileamh reifrinn go luath. Caithfidh siad an cluiche fada a imirt, dar liomsa, agus a bheith foighneach. Tá an taoide ag casadh. Ach níl sé ag trá go fóill. Rinne Red C pobalbhreith ar son Amnesty International i mbliana. (Tá Amnesty International ar son ginmhillte.) Léirigh an phobalbhreith sin go raibh thart ar 67 faoin gcéad den daonra i bhfábhar dlíthe níos scaoilte ginmhillte. Shílfeá, mar sin, go mbeadh údar maith ag an bhfeachtas ar son rogha reifreann a lorg anois.
Ach mar a tharlaíonn i gcónaí le staitisticí, ní insíonn na figiúirí sin an scéal iomlán. Céard is brí le “dlíthe níos scaoilte”? Ní thugtar sainmhíniú sa bpobalbhreith. Ceapaim go bhfuil go leor daoine ar son ginmhillte i gcás mínormáltachtaí féatais, mar shampla, nach mbeadh compordach leis ar éileamh.
Má dhéanann tú scagadh ar na catagóirí éagsúla sa bpobalbhreith sin, tá scéal eile ann. Tógfaimid, mar shampla, an t-aoisghrúpa is liobrálaí, shamhlófá; 25-34 bliain d’aois. Cuireadh ceist orthu siúd an mbeidís i bhfách le ginmhilleadh ar éileamh, i ngach cineál cáis.
Dúirt 52 faoin gcéad go rabhadar ina fhábhar. Ní bua róchompordach a bheadh ansin don bhfeachtas ar son rogha. Bheidís siúd, táim cinnte, ag lorg bearna níos mó an an 9,000 sin a bhí i gceist i 1995.
Agus tá gach cuma ar an scéal nach mbuafaidís an reifreann ar chor ar bith mar titeann líon na ndaoine atá i bhfábhar rogha i ngach cineál cáis de réir mar a éiríonn na freagróirí níos sine.
Tá an cheist seo róthábhachtach. Níor chóir é a bhrostú tríd. Ba chóir go mbeadh meas againn ar thuairimí a chéile. Tá tuairim dhaingean seanbhunaithe ag go leor daoine ar an gceist seo agus nílmid ag iarraidh dul i mbun na díospóireachta gránna a bhí againn i 1992 agus 2002.
Bíodh is go bhfuil tuairimí seanbhunaithe ag go leor daoine, táim dóchasach go bhfuil ré nua tuisceanach i ndán dúinn.
Tá i bhfad an iomarca ban théis an turas uaigneach sin a dhéanamh. Tá ginmhilleadh in Éirinn cheana ach déanann Ryanair é a cheilt. Tá sé in am dúinn dul in aibíocht agus soineantacht na hóige agus na ré atá imithe thart a fhágáil inár ndiaidh. Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin