Berlin: Cathair nua-aimseartha atá báite sa stair

Cuma úrnua ar Bherlin seachtó ceathair bliain tar éis deireadh an Dara Cogadh Domhanda

Foclóir: Úrnua - brand new, callán - clamour, cearn - corner, comhghuaillithe - allies, dealbh- statue, satailt - trampling, ionradh - invasion, coimirce - protection, turnamh - fall, dúr - dour.

Seachtó ceathair bliain tar éis deireadh an Dara Cogadh Domhanda tá cuma cathair úrnua ar Bherlin.

Ag margadh Alexanderplatz bhí rí-rá agus ruaille buaille ann: páistí ag screadaíl agus daoine eile ag ithe bia nua-chócaráilte ó na seastáin éagsúla mórthimpeall na cearnóige.

Turasóirí ann as gach cearn den domhan agus callán de theangacha difriúla thart orthu.

READ MORE

Ní hamhlaidh a bhí sa bhliain 1945: bhí buamaí na gComhghuaillithe ag titim anuas ar mhuintir na cathrach agus Arm na Rúise á n-ionsaí anoir. Bhí Berlin ina smionagar agus páistí Hitler-Jugend ag iarraidh a gcathair a chosaint fad a phléasc roicéid Katyushka na Sóivéide ina measc. Bhí fógraí á scaipeadh i measc saighdiúirí na Rúise ar a raibh scríofa: ‘Tá sibh ar fhód na Gearmáine anois. Tá uair an díoltais tagtha!’

Barbarthacht

Meastar gur éigníodh breis is 100,000 ban Gearmánach nuair a fuair Arm na Rúise an lámh in uachtar ar Arm na Gearmáine faoi dheireadh, cé go bhfuil dealbh ann fós i bPáirc Treptower Bherlin de shaighdiúir na Rúise ag satailt ar Swastika agus cailín beag Gearmánach ina bhaclainn aige.

Bhain an bharbarthacht leis an dá dhream. I samhradh na bliana 1941 rinne Arm na Gearmáine ionradh ar an Rúis - ionradh ar thug Hitler vernichtungskampf nó cogadh an díothaithe air. Mharaigh siad na milliúin Rúiseach idir fhir mhná is pháistí - ní áirím banéigean agus loisceadh.

Ó 1945 anall bhí cathair Bherlin in Oirthear na Gearmáine faoi smacht na Rúiseach. Sa bhliain 1961 thóg Erich Honiker, Rúnaí Slándála na Gearmáine Thoir, balla ag deighilt Berlin Thoir ó Bherlin Thiar ar iarratas Khruschev na Sóivéide.

Ba chéim chrua an balla céanna. Céim a scar teaghlaigh óna chéile agus a thug ar dhaoine iarracht a dhéanamh ar éalú go Berlin Thiar. Mar aon leis an mballa mallaithe bhí túir faire agus sreang dheilgneach ann agus ordaithe tugtha do na saighdiúirí caitheamh gan trócaire leo siúd a bhí ag iarraidh éalú - ‘tréatúirí’ mar a thug lucht Bherlin Thoir orthu. Tá crosa bána le feiceáil sa chathair anois in onóir dóibh siúd a fuair bás le linn dóibh a bheith ag éalú. Meastar gur maraíodh breis is 140 duine.

Deireadh an Chogaidh Fhuair

Sa bhliain 1989 le turnamh an Chumannachais agus deireadh an Chogaidh Fhuair, leagadh an balla agus, bliain ina dhiaidh sin, aontaíodh an Ghearmáin Thiar leis an nGearmáin Thoir. Mhínigh ár dtreoraí go raibh a thuismitheoirí féin teanntaithe sa Bherlin Thoir go dtí 1989. Chonaiceamar an Berliner Dom (Ardeaglais na cathrach) a bhí ina smidiríní tar éis an Chogaidh agus chuamar in airde staighre a bhí breis agus 250 céim ar airde chun an díon a bhaint amach. Ba bhreá an radharc a bhí againn ansin ar an gcathair mhaorga seo a bhfuil 3.5 milliún duine inti i láthair na huaire.

B’airde fós an t-óstán - The Park Hotel. Tá daichead urlár ann agus is féidir dul suas san ardaitheoir chun an díon a shroichint mar a bhfuil radharc níos leithne fós ar an gcathair agus ar an Túr TV a ardaíonn ina stuaic os ár gcionn. Ní nach ionadh thugamar cuairt ar Checkpoint Charlie mar ar sheas saighdiúirí Meiriceánacha ar faire. Laistiar den stad sin bhí Berlin Thoir. Sa lá atá inniu ann feictear aisteoirí faoi éide Mheiriceánach agus turasóirí ag déanamh spraoi ina n-aice chun féiníní a ghlacadh ar an bhfón póca - aisteach a shamhlú go raibh tancanna na Rúise agus Mheiriceá ag bagairt orthu féin san áit seo uair amháin.

Cé gur minic a chloistear go bhfuil muintir na Gearmáine dúr, neamh chairdiúil, ní shin a chonaiceamar. Bhí foireann an óstáin go flaithiúil cineálta agus bhí an tseirbhís thar barr. D’itheamar béile i mbialann Bhaváireach gar don óstán, áit ar chaith na freastalaithe lederhosen agus gúnaí dirndl. Bhlaiseamar bia folláin na Baváire agus bhí na codanna an-mhór go deo sa chaoi go raibh ár sá againn gan mhoill.

Is maith is cuimhin liom ainmneacha ar nós Khruschev, Gromyko, Honiker agus U Thant agus mé i mo pháiste. Thairis sin is cuimhin liom fós uafás Ghéarchéim Diúracáin Cuba nuair a bhí na Stáit Aontaithe agus an Rúis in adharca a chéile agus Armageddon ag bagairt orainn uile.

Chuaigh sé dian orm ceangal a dhéanamh idir na heachtraithe scanrúla seo agus cathair Bherlin mar atá anois. Buíochas le Dia go bhfuil an chathair faoi choimirce Aingeal na Síochána arís agus más maith is mithid. Mar fhocal scoir, chonaiceamar go leor daoine gan dídean ina luí ar shráideanna Bherlin. Cé gurb í an Ghearmáin an tír is saibhre san Aontas Eorpach tá na fadhbanna ceannann céanna inti agus atá inár dtír bheag féin!