Cogadh na gCarad

‘Ní shílfeá go rachadh Éire agus Alba chun cogaidh mar gheall ar charraig aonair’

Is cuimhin liom leabhar a léamh na cianta cairbreacha ar ais a raibh 'The Coming War Between Russia and China' mar theideal air. Deir an Dr Google liom gurbh é Harrison E. Salisbury a scríobh. Níor tháinig a thuar faoina thairngreacht, gan amhras, nó is ar éigean a bheadh an colún seo á léamh ag duine ar bith anois. Go deimhin deimhnitheach siúráilte cinnte dearfa gan amhras, is é an t-aon rud a bhaineann le léamh ar an aimsir fháistineach ná go mbeidh sé iomrallach. Mar sin féin, nuair a d'fhéachas ar ghrúidil an tae ar maidin, chonaic mé doircheacht nach bhfaca mé le tamall fada, go háirithe nuair a nocht cumraíocht na hÉireann agus na hAlban sna duillí thíos agus iad ag clascairt a chéile ar nós cluiche peile idir Tír Eoghain agus Dún na nGall.

Ní shílfeá go rachadh Éire agus Alba chun cogaidh mar gheall ar charraig aonair ag gobadh aníos i lár na mara móire, ach is mó sin cogadh a tosnaíodh ar bhonn níos baoithe. Beidh trácht thar an gcogadh peile idir El Salvador agus Honduras i ndeireadh na 60í, atá greannmhar dúinne inniu, ach maraíodh breis agus 3000 duine nach raibh chomh spórtúil sin. Shílfeá ciall éigin a bheith leis sin b'fhéidir, óir is minic fonn ar chontaetha dul chun cogaidh le chéile tar éis dóibh cluiche a chailliúint go héagórach, rud a tharlaíonn do Chorcaigh an t-am ar fad. Ach is beag an chiall a d'fhéadfá a bhaint as an gcogadh idir an Bhulgáir agus an Ghréig mar gheall ar mhadra a chuaigh ar seachrán thar theorainn isteach i bhfearann amháin seachas eile in 1925…agus nach cuma anois, agus n'fheadar aon duine cad a tharla don mhadra.

Tá, leis, cogadh chluas Jenkins ar leor a ainm le gáire a tharraingt chun an phuis is dúire. Tharla seo idir Sasana agus an Spáinn idir 1739 agus 1742, ach gurbh é an bun a bhí leis gur theasc na Spáinnigh leathchluas de chaptaen Sasanach san aighneas eatarthu ar son smacht na Mara Cairibe. Ba léir nach bhféadfadh Jenkins bocht spéaclaí gréine a chaitheamh níos mó, agus is dócha gur leor sin le cogadh a fhearadh. Agus ansin sa Bhéarla tá ‘The War of the Golden Stool’ idir na hAshanti agus na Sasanaigh sa bhliain 1900, ach faraoir ghéar, is stól ceart fírinneach a bhí sa treis seachas an rud eile a raibh m’aigne shalach ag cuimhneamh air.

Chuige sin an t-eagla atá orm faoin gcogadh nua idir Éire agus Alba mar gheall ar Rocál nó piocál. Is fada an caidreamh eadrainn ach is baol gualainn le bráthair. Uair ar bith a rabhamar ag tabhairt tacaíochta dóibh nó a mhalairt timpeall ba mhí-ámharach an toradh de ghnáth. Níorbh aon chabhair dúinn Éadbhard de Brús - deartháir Roibeard an damháin alla - agus nuair a maraíodh é ag Fochairt níor airíodh oiread sin de ghol na mban san ár. Ba mheasa fós an muinín a chuireamar sa ghiolla mear (ní raibh sé chomh tapaidh sin, ach ag rith), sa bhuachaill bán (cneas dorcha ó ghrian na hIodáile), ach ba bhochtaide filíocht na Gaeilge á cheal.

READ MORE

Aighneas é seo ar deacair dul chun grinnill ann mar tá breac le haighnis atá ag snámh ina linn. Is trosc go bhfuil sé chomh híogair sin nár cheart dul ina líon sa chéad áit. Is é an bradán beatha ná go gcoinneofaí greim ar phortán na céille is nach ligfí maidí le sruth. B’fhearr a bheith ar aon aon rámh agus ag tarraingt le chéile ná a bheith ag iascach amach ó na clocha.

Is é is measa, áfach, ná gur cuma leis an héisc.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar