‘Is é an Bóthar Iarainn an Fíor Ghlasbhealach’

Is gá an córas traenach in Éirinn a fhorbairt chun freastal ar an éileamh atá le teacht

Foclóir: Cuspóirí - goals, lastais - cargo, gníomhaí - activist, nascanna - links, coimeádáin mhóra - containers, caiteachas - expenditure, go mion - in detail, riachtanais - requirements, éigeandáil - emergency, oifigeach - officer, feiliúnach - suitable.

Is ábhar áthais agus dóchais dúinn cosaint na timpeallachta fisiciúla a bheith á phlé go dáiríre anois. Tá fonn ar dhaoine gníomhú chun dochar breise agus a thuilleadh athruithe san aeráid a sheachaint. Bealach amháin ina bhféadfaí na cuspóirí sin a chur chun cinn ná feidhm i bhfad níos mó a bhaint as ár mbóithre iarainn. D’fhéadfaí níos mó daoine agus lastais a iompar ar bhóithre iarainn.

Molann Greta Thunberg, an gníomhaí i gcoinne meath na haeráide, dá cómhghleacaithe agus dá lucht leanúna níos mó dá gcuid turas a dhéanamh ar na traenacha. Ba bhreá an rud é dá roghnódh na gníomhaithe óga aeráide uilig na traenacha (nuair is ann dóibh) mar a módh taistil.

Déanta na fírinne, is é an traen an córas iompair lastais agus daoine is fearr maidir le inmharthannacht aeráide. Is mithid agus is fiú dúinne a chónaíonn ar oileán na hÉireann machnamh doimhin agus dearfach a dhéanamh ar fhorbairt agus úsáid ár gcóras bóthar iarainn.

READ MORE

Ag cuimhneamh dom ar an staid agus ar an mbail atá ar an gcóras traenach in Éirinn i láthair na huaire, feictear dom gur gá é a fhorbairt chun freastal ar an éileamh atá le teacht.

Tá breis is dathad bliain caite agam mar oifigeach ar Choiste Eadarchontae Iarnród an Iarthair. San alt achoimir seo ba mhaith liom na moltaí seo leanas a dhéanamh. D’fhreagródh na moltaí seo dár riachtanais faoi láthair agus san am atá le teacht.

1. Ó thaobh freagrachta de is gá go ndéanfaí idirdhealú idir an bóthar iarainn féin agus an tseirbhis atá á cur ar fáil. Bheadh rialtais áitiúla agus eagrais lárnacha stáit ó dheas agus ó thuaidh ag comhoibriú lena chéile i gcur ar fáil agus i gcothabháil an iarnróid. Bheadh Iarnród Éireann agus a mhacashamhail i dTuaisceart Éireann ag plé leis na traenacha féin agus leis na seirbhísí.

2. Ba ghá roinnt línte stráitéiseacha nach bhfuil in úsáid a athoscailt gan mhoill - Baile Átha an Rí go Sligeach (tríd Chlár Chlainne Mhuiris), Port Láirge go Ros Láir agus Baile Átha Luain go dtí An Muileann gCearr

3. Teastaíonn línte breise mar nascanna idir na príomhlínte iarnróid agus na príomh aerfoirt - Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Sionna agus Cnoc Mhuire (Éire Iartharach)

4. Ba ghá uasghrádú a dhéanamh ar na príomhlínte iarnróid agus iarnróid dúbalta a chur san áit a bhfuil iarnróid síngil.

5. Rithfí an córas ar fad ar leictreachas. Ligfeadh seo dúinn ár mbóithre iarainn ar fad a rith ar chumhacht ón ngaoth agus ón bhfarraige, is é sin, gan oiread is braon amháin breosla carbóin.

6. Ba cheart córas iarnróid eadrom a bheith ar fail i ngach cathair agus baile mór

7. B’fhiú dúinn machnamh a dhéanamh ar cheithre “calafort” intíre. D’fhéadfaí coimeádáin mhóra a thabhairt chuig agus a sheachadadh ó na calafoirt intíre seo chuig na príomh chalafóirt farraige. Dháilfeadh gnólachtaí áitiúla na coimeádáin sna cúigí. Shamhlóinn go mbeadh Tuaim feiliúnach mar ionad do chalafort intíre do Chuige Chonnacht.

8. Shamhlóinn Mórstáisiún i mBaile Átha Cliath a d’fhreastalódh ar phaisinéirí. Measaim go bhféadfaí é a thógáil in Inse Chór, áit a bheadh feiliúnach dó. Bheadh fáil ag an bpobal air go héasca ón gcathair agus ó na motorbhealaí. Níl dóthain spás i Heuston ná Connolly do mhórstáisiún.

Ar ndóigh níl i gceist agam teorainn a chur leis an fhorbairt. D’fhéadfaí cur leis amach anseo. Ceal spáis, nílim in ann gach moladh a phlé go mion anseo, ach tá súil agam go spreagfaidh siad díospóireacht dearfach.

Cé go mbeadh caiteachas mór i gceist ní bheadh sé ró mhór i gcomhthéacs an leasa a dhéanfaí. Caithfídh sé go bhféadfaí cuid den chostas a fháil ón Aontas Eorpach. Measaim go ndéanfadh na forbairtí atá á moladh leas thar na bearta san fhadtréimhse.

Caithfear an t- ineistiú an-mhór seo a mheas i gcomhthéacs an éigeandála san timpeallacht. Táthar ann a deireann nach leor iad na polasaithe a d’fhógair an rialtas ar an 17ú Meitheamh chun a spriocanna a bhaint amach. Caithfear níos mó a dhéanamh. Ar ndóigh caithfear é a dhéanamh de réir a chéile agus de bharr sin bheadh cuid mhór den chostas ag tarlú de réir a chéile. Agus tubaiste timpeallachta á thuar, ní bheidh rogha againn ach réitigh bhunúsacha a aimsiú.

Ba mhaith liom an ocht moladh seo a chur faoi bhráid na n-ionadaithe poiblí agus na saoránach, ag súil go ndéanfar machnamh dáiríre orthu agus go gcuirfear i bhfeidhm iad amach anseo.

Is Taighdeoir Eolaíocht Comhdhaonnach, iar-léachtóir Ollscoile agus comh rúnaí Coiste Eadar Chontae Iarnród an Iarthair é Micheál Mac Gréil.S.J.