Sasamach

Toise nimhneach faoi leith den náisiúnachas is ea an ceann Sasanach

Tá leisce áirithe orm aon rud a rá mar gheall ar shorcas na dTóraithe trasna an chuain mar is amhlaidh go bhfuil i bhfad an iomad ráite anseo ina thaobh amhail is gur linne é. Go deimhin deimhnitheach cinnte siúráilte tá iriseoirí áirithe abhus arb é an t-aon phort amháin acu é. Samhlaigh na nuachtáin Shasanacha ag scríobh oiread na fríde, oiread scrimh iongan, oiread mhúin dreoilín san fharraige mar gheall ar phléaráca pháirtí ar bith anseo, páirtí an rialtais FGFF féin! Sa mhéid sin, mothaím ábhar ciontach seasamh ar imeall fhobhailte an phlé seo ar shlí ar bith.

Ina choinne sin thall, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar fad ann, óir is í an chéid chéim í in díscaoileadh na Banríochta Neamhaontaithe agus beidh a iarmhairt sin anseo gan aon rómhoill. Is chuige mé nach ceart Breatimeacht a ghairm air beag ná mór, mar ní háil leis an mBreatain an tAontas Eorpach a fhágaint. Is áil le Sasana. Is dá réir sin, pé duine a chum an focal ‘Sasamach’ bhí iomlán an chirt aige. D’fhéadfaí ‘Sasainimeacht’ a rá, leis, ach níl chomh fileata leis an gceann eile.

Vótáil dhá mhír de na ceithre chuid san bhanríocht fanacht linne agus leis na Francaigh, na Fionlannaigh, na Polainnigh, na Croátaigh, na Malteserigh, na Lochlannaigh agus mar sin go ceann breis agus scór fearann eile. Is fíor gur vótáil an Bhreatain Bheag ar son imeachta, ach tá páirtí an Lucht Oibre ansin tar éis casadh ar mhalairt aigne agus tá léirithe ag suirbhéanna an phobail gurb amhlaidh don tír ar fad anois. Sin Sasana ina uath agus ina aonar go singilte leis féin gan teannta a bhfuil ina thimpeall.

Léirigh suirbhé a déanadh ar bhallraíocht na dTóraithe gurbh fhearr le nach mór a leath go mbeadh Nigel Farage ina cheannaire orthu, agus muran samhail é sin den mheon atá dingthe iontu ní bliain iontais fós é. Ba mheasa fós - nó b’fhearr fós - gur thaispeáin an taighde céanna gur chuma lena bhformhór dá mbaileodh Alba leo an doras amach. Is daingniú cruthanta é sin gurb é Sasana amháin is cás leo, gurb é Sasana amháin atá ag comáint an charbaid i dtreo imeall na faille, gurb í féinleithleachas Shasana amháin atá sa diallait.

READ MORE

Nach trua nach bhfeiceann na hAlbanaigh féin é sin, agus nach truamhéalaí fós nach léir do thráchtairí abhus agus do go leor polaiteoirí cad í an aigne atá ag stiúradh polaitíocht an aontaithe sa stáitín ó thuaidh?

Ba lomnocht fós an tuairim gur chuma le ballraíocht an pháirtí chaomhaigh dá ndéanfaí dochar substaintiúil d’eacnamaíocht na tíre acu féin de dheasca an imeachta. Cruthú eile fós go raibh dul amú go héag ag Bill Clinton nuair a mhaígh sé ‘It’s the economy stupid’. Ní mheánn brobh ná sifín sa ghaoith nuair is cúrsaí céannachta agus náisiúnachais a shamhlaítear a bheith sa treis.

Ná bíodh aon bhreall orainn, seo é náisiúnachas Shasana ina lánghéire gan bheann ar aon duine ná ar aon phobal eile. Ní hionann in aon chor é agus náisiúnachas na hÉireann a bhí bunaithe ar dhínit lánchothromúil a bhaint amach, ná le náisiúnachas na Breataine Bige arb iarracht í teacht slán in aghaidh an mhathúin bhéal dorais, ná le náisiúnachas na hAlban ar náisiúnachas saoránachta agus sóisialta is mó atá ann. Na staraithe simplí a shíleann go bhfuil aon bhrí amháin leis an machaire leathan arb é an náisiúnachas é is iad atá chomh dall le Raiftearaí, ach le súile gan solas, gan de dhóchas ach crá.

Toise nimhneach faoi leith den náisiúnachas is ea an ceann Sasanach, mar is impiriúlachas timpeallghearrtha é agus chomh colach le hionga i bhfeoil.

‘Boris atá tú féin?’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar