Cleachtadh a dhéanann máistreacht

Ealaín chomhraic GaelKarate faoi bhealach in ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Foclóir: gairm shlógaidh - rallying cry, comhraic - combat, feistithe - dressed, slachtmhar - neat, umhlaímid - we bow, leas - benefit, suaimhneas - tranquillity, an-chéillí - well balanced.

Tá an scoil-lá thart. Caitheann páistí Ghaelscoil Chnoc Liamhna cúpla nóiméad ag spraoí ach ansan preabann siad ar aire.

Le gairm shlógaidh agus bualadh bos tugann an sensei (oide) le fios go bhfuil sé in am dóibh anois díriú isteach ar an chomhraic.

Tá dojo (focal Seapáinis ar láthair thraenála) déanta den halla scoile seo ar feadh scaithimh agus is ann a fhoghlaimíonn na páistí scileanna chomhraice Karate uair sa tseachtain.

READ MORE

Tá rialacha ann a bhaineann le gach dojo ach tá rud amháin faoin scoil áirithe seo atá neamhghnách. Dojo ‘GaelKarate’ atá ann agus múintear an spórt seo, atá ar cheann de na healaíona míleata is fearr aithne ar domhan, trí mheán na Gaeilge.

Tá na gasúir feistithe go slachtmhar i gcultacha bána an spóirt, an ‘karategi,’ agus iad réidh le huair an chloig a chaitheamh ag dian-fhoghlaim seifteanna nua chomhraice.

Tá go leor buntáistí sláinte agus folláine idir fhisiciúil agus intleachtach leis an spórt, de réir an sensei Breandán Ó hUallaigh, atá i mbun an ranga.

I gcás na ranganna féin, cuirtear béim ar chumarsáid, ar mheas ar a chéile agus ar fhoghlaim scileanna comhraic.

Ach, dar leis, tá rud amháin eile atá níos tábhachtaí fós, sé sin go mbeadh spraoi ag na gasúir.

“Caithfidh na páistí spraoi a bheith acu. Caitear iad a spreagadh - caitheann siad bheith in ann a rá gur thaitin an rang leo”, a dúirt sé le Tuarascáil.

“Caitheann an sensei - an múinteoir - é sin a chinntiú. Tá sé an-tábhachtach smaointe dearfacha a chruthú. Mura ndéanann tú é sin, ní thiocfaidh siad ar ais.”

Mar sin féin, tuigeann siad gur gá dóibh cleachta a dhéanamh.

“Nuair a fheiceann na páistí na criosanna agus na dathanna éagsúla orthu cuirtear in iúl dóibh gur féidir leo iad a fháil má dhéanann siad an obair.”

Traidisiún

Spórt sách nua is ea Karate. Níl an fhoirm nua-aoiseach den spórt comhraiceach seo mórán níos sine ná 200 bliain. Mar sin féin, spórt í atá fréamhaithe in ealaín chomhraic Kung Fu na Síne atá na mílte bliain d’aois.

Aidhm amháin atá le Karate ná daoine an-chéillí a chothú agus tá na sean traidisiúin go smior sa sport.

Ní haon ionadh mar sin é go gcuirtear béim ar an ‘rei’, nó an meas ar a chéile a léirítear ó thús deireadh an ranga.

“Seasann siad os mo chomhair i dtrí nó ceithre line, ceathrar i ngach line. Glaoim amach an focal ‘seiza!’ in ard mo chinn is mo ghutha agus cuirtear tús leis an rang.”

“Umhlaímid ós comhair a chéile (Shomen ni rei ) rud a léiríonn an meas atá againn ar fad ar a chéile”.

Tá Ó hUallaigh ag plé le Karate le fada an lá. “Táim ag cleachtadh Karate ó bhí mé sa naíonra áitiúil anseo i nDúndroma na blianta ó shin.” Lean sé leis agus é ar scoil agus san ollscoil le briseadh beag anseo agus ansiúd.

Bhí fonn air Karate a mhúineadh ach bhí imní air mar gur fiontar nach beag a bheadh ann a leithéid a dhéanamh.

“Caithfidh tú dojo a fháil, caithfear cíos a íoc, caithfear a bheith cinnte gur féidir na soilse a choinneáil ag imeacht,” a dúirt sé.

Anuas ar sin ar fad is gá a bheith sásta fanacht leis an spórt go fadtéarmach.

“Ní féidir leat scoláirí a thógáil isteach sa chlub agus iad a fhágáil leath-bealach tríd an cúrsa”.

De thapa na huaire, sheol coiste tuismitheoirí na scoile ríomhphost ag fiosriú an raibh aon scil ar leith ag tuismitheoir ar bith ar mhaith leo a mhúineadh.

“Dúirt mo bhean chéile liom gur cheart dom é a thriail agus thosaigh mé ag smaoineamh ar sin a dhéanamh.”

“Dúras liom féin go bhfuil an Ghaeilge fós agam agus cheap mé gur bhealach éagsúil a bheadh ann le Karate a mhúineadh”.

Ní raibh mórán caiteachais i gceist - “bhí an halla ann, tá na páistí ansin agus dúirt mé ‘nach raibh aon rud le cailliúint agam.’

Bhain sé triail as. “Is rud éagsúil é a bheith i d’iomaitheoir Karate - is rud an-difriúil é an spórt a mhúineadh ach i ndiaidh dom an chéad rang a mhúineadh, bhí a fhios agam gurb é seo a bhí uaim.

Bhí lá mór ag na daltaí le gairid nuair a rinneadh grádú ar an rang. Tháinig Sensei mór le rá, Brendan Perry, leis an ngrádú a dhéanamh. Bhí ar na gasúir teicnicí Karate a thaispeáint os comhair an scrúdaitheora.

Leas

Tuigtear, ar ndóigh, gur féidir scileanna nua leas a dhéanamh do dhaltaí óga scoile. Maítear go gcuireann foghlaim Karate le féinmhuinín agus le forbairt intleachtach, shóisialta agus phearsanta an duine.

“Cabhraíonn Karate an intinn a dhíriú i rith an ranga. Glanann an páiste a aigne ar feadh tréimhse an ranga. Bíonn siad tuirseach ina dhiaidh ach tagann suaimhneas orthu. Bíonn tú tuirseach ach bíonn tú sásta. Cabhraíonn sé sin leo codladh a dhéanamh san oíche agus cabhraíonn sé leo tuiscint a fháil “gur féidir leo an guthán a chur ar leataobh ar feadh tamaill agus go bhfuil rudaí eile ann seachas an guthán.”

Foghlaimíonn na gasúir téarmaí agus foclóir Seapáineach a bhaineann leis an spórt ach tá an Ghaeilge ina dlúthchuid den fheasacht chomh maith - rud is léir ón tsuim atá léirithe ag scoileanna lán Ghaeilge agus lán Bhéarla i nGaelKarate.

I mí Aibreán d’fhógair an tAire Joe McHugh tionscnamh nua chun tacú le foghlaim na Gaeilge tríd corpoideachas agus ábhair eile.

Beidh deis ag 22 scoil agus suíomh luathbhlianta páirt a ghlacadh sa scéim ó Mheán Fómhair ar aghaidh.

Creideann Ó hUallaigh gur féidir le scoileanna leas a bhaint as an scéim agus tá scoileanna Béarla tar éis a bheith i dteagmháil leis agus súil acu GaelKarate a chur ar fáil.

“Agus Gaeilge agus Karate nascaithe le chéile, is slí eile, slí dhifriúil agus slí éagsúil é an spórt a mhúineadh ar bhealach a thaitníonn go mór leis na páistí”.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.