Scéal ‘Budgie’: Ag amharc siar

Cha raibh Gaeilge ar bith i dteach na scoile an t-am sin agus níl mórán anois ach oiread

Cha - not, fionnuar - cool, dís - pair, mullach - top, an slua sí - the fairy host, fuireach - stay, croiméal - moustache, bainseó - banjo, tearc - scarce, tithe bárdais - council houses, fadaíocht - longing, pórtha prátaí - potato strains, siáin - fairy mounds, ráineodh - happen, tnáite - exhausted, saithe - swarm, snámhraic - flotsam.

Cha raibh mórán dúile agam sa scoil agus de réir mar a thuigim cha raibh mórán dúile aici ionam ach oiread.

Ní cuimhin liom mórán faoin bhunscoil áfach, caithfidh mé a rá, seachas bás Dermot Hughes.

Is cuimhin liom a bheith ag súgradh leis lá fionnuar grianmhar, an dís againn an chéad bheirt ar scoil agus bhí an doras dúnta.

READ MORE

D’inis sé domh gur cuma cé chomh tapaigh is a rithfeá, leanfadh an ghealach thú.

Thástáil muid beirt an teoiric ar an toirt agus an bhfuil a fhios agat, bhí an ceart aige.

Cailleadh é i rang a cúig nuair a thit tinteán air sa bhaile.

Chuala mé an scéala ar an nuacht teilifíse an mhaidin dár gcionn ar an teilifíseán dubh is bán a bhíodh againn cois boird.

D’amharc mé amach an fhuinneog ar a theach, é suite ar mhullach Chnoc na Cáithe.

Bhí an chuma chéanna air cé go raibh Dermot imithe.

Bhí eolas maith ag Dermot faoin slua sí ó dhúchas; bhí fios aige nár ghá go mbeadh siad beag ar chor ar bith.

Rud nár thuig mé mar is ceart go dtí go dearna mé staidéar orthu mé féin.

Is aisteach rudaí mar sin ag amharc siar.

Cailleann muid an mhórchuid de dár gcuid cuimhní de réir a chéile.

Agus den mhórchuid, tá mé féin buíoch ar a shon sin.

Matamaitic, Béarla agus go leor, leor, creidimh a d’fhoghlaim mé i dteach na scoile.

Is cuimhin liom a bheith i dtrioblóid lá tar éis domh an Tríonóid a thuiscint. Trí dhia beag taobh istigh de dhia mór, cad é an deacracht?

Is cuimhin le mo mháthair an pictiúr a tharraing mé chun an coincheap a mhíniú don mháistreás bhocht nár thuig.

Cha raibh Gaeilge ar bith i dteach na scoile an t-am sin, níl mórán inti anois ach oiread. Cé go mbíodh na bailte fearainn i mbéal na n-óg ag an am sin, chan fheil barúil acu cá bhfuil siad ag fuireach ann anois.

Bhí go leor Albainise ann is dócha, cé gurb é jab na scoile sin a ghlanadh ónár dteangacha.

Rinne siad jab maith.

Ach is cuimhin liom go maith bliain amháin ar scoil i gcónaí. Sin rang a ceathair, an Máistir Ó Néill an múinteoir.

Tugadh ‘Budgie’ air taobh thiar dá dhroim, ní fios domh a ainm ceart.

Fear beag, ‘Daler boots’ géara gan iallacha á gcaitheamh aige, seaicéid mháistir scoile ‘gus croiméal beag.

Agus bhí bainseó aige.

Bhí cónaí air ar an Bhearn Mhín, cúig mhíle ar shiúil, agus cha raibh fios agam fá dtaobh den áit sin.

Ní cuimhin liom Béarla nó Matamaitic i seomra ranga Budgie.

Ach bhí taispeántas againn sa seomra de na pórtha prátaí uile go léir a bhí á bhfás sa pharóiste.

Bhí tuairim is naoi gcinn ann - Dunbar Standards ina measc - tchítear domh go bhfuil dearmad déanta ag daoine ar na cineálacha prátaí a bhíodh ann tráth.

Tháinig lá agus dúirt sé linn dul amach ar fud na tíre agus sean rudaí a bhailiú.

Mar sin, ghoid an drong againn gach rud agus ab fhéidir ón na sean-tithe. Ba ar na mallaibh an t-am sin a tréigeadh iad.

Ba léir óna tarracóirí páirceáilte taobh amuigh de na tithe bardais go raibh go leor ag fadaíocht i ndiaidh an tseansaoil agus na cinntí a bhíodh ann.

Potaí móra dubha tríchosacha, citeal mór, iad crochta ar chraein iarainn, suite i dtinteán mór Gaelach a bhí againn sa seomra ranga, creid nó ná creid.

Mar shean-toigh Gaelach a bhíodh an seomra ar fad.

D’fhoghlaim muid faoin gcóiste bodhar agus is cuimhin liom a bheith scanraithe aon uair a chuala mé torann an chapaill ina dhiaidh sin.

D’inis sé dúinn faoin bhean sí, taibhsí agus mar a bhíodh na daoine fadó. D’fhoghlaim muid faoi shiáin agus an chontúirt a bhain leo.

Aon uair a chuala mé ceol san oíche thuig mé gurb fhearr rith uaidh.

Rúraíocht na gCeilteach, scéalta ár mbailte féin a chuala muid.

Rinne muid báiscéid agus coinnle sa rang sin.

Labhair muid faoin fheirmeoireacht is an saol thart orainn féin seachas an saol i bhfad i gcéin.

Ní cuimhne liom mórán faoin bhunscoil, mar a dúirt mé.

Ach ag amharc i bhfad siar, más tearc na cuimhní a bhfuil fágtha agam, tá mé buíoch de Bhudgie as an scoil scairte a chruthaigh sé i dteach scoile na Banríona.

Oideachas ceart.

Is léir domh anois go raibh tionchar aige.

Óna scríobh mé an t-alt seo fuair mé amach gur Seán an t-ainm a bhí ar Mháistir Ó Néill. Fuair sé bás i Mí an Mheithimh 2014. “Seán introduced many children to local history, folklore and was in charge of the school football team that won their first ever schools title (15-a-side) in 1998,” a scríobhadh in Hogan Stand faoi.