Lego agus brící eile

Tá gach aon rud ar snámh ar thoimhde a gcaithfear glacadh leis nó diúltú dó

Tá ábhair ann a bhfuil daingne faoina gcosa agus cinn eile nach bhfuil. Duine ar bith a dhein cúrsa ollscoile i gceann éigin de na léinn bhoga sna daonnachtaí is deimhnitheach gur dócha gurbh éigean dó modúl a dhéanamh a thug le fios go raibh bunurlár faoin disciplín.

Is dá réir sin a thiocfaidh tú ar shruth de léachtaí a bhfuil ‘Fúinniméid na Fealsúnachta’ nó ‘Síolta na Síceolaíochta’ nó ‘Dúshraith na Diagachta’ nó ‘Tóin na Teoirice’ air. An té a ghabhfadh tamall den bhóthar is gairid go bhfaigheadh amach nach bhfuil fuaimint ar bith ann.

Tá gach aon rud ar snámh ar thoimhde a gcaithfear glacadh leis nó diúltú dó. Más síceolaí tú, tá seans ann go ngéillfidh tú do Freud agus do phúcaí ar chúl an ghairdín agus do na leipreacháin atá ag preabadh ar bhior na snáthaide sin id chloigeann.

Más í an réaltfhisic do rogha beidh bóithre romhat ón gcruthú in aon lá amháin go dtí an Ollphléasc ar ais timpeall ar theoiric na foistine agus siar go dtí na turtair an tslí ar fad síos. Má ghéilleann tú do Roland Barthes ní bhacfaidh tú le haon rud a scríobh feasta mar is tú atá marbh cheana féin.

READ MORE

Nuair a luaigh mé ‘léinn bhoga na ndaonnachtaí’ thuas, ní hé a bhí i gceist agam go raibh siad simplí, sothuigthe, éasca. A mhalairt glan. Is é a chiallaigh mé ná gur disciplíní iad atá ag eitilt ar thuiscintí nach féidir breith orthu. Leagtar amach an bunurlár ar an leac is loime in aon cheann ar bith d’ábhair an léinn dhaonna agus gheobhaidh tú scata daoine a bhfuil an druilire ina lámha acu lena pholladh.

'Cogito ergo sum,'arsa Descartes, ach shíl fealsaimh eile nach raibh aige ach taibhreamh. 'An bhfuil eolas ar bith chomh cinnte sin ann nach féidir le duine amhras a chaitheamh air?' a d'fhiafraigh Bertrand Russell, ach is é a bhí daingean go maith ina chuid tuairimí féin.

Is chuige atáim ná gurb é ár ndícheall a bheith lánchinnte faoi rud ar bith, go dtéann dínn aon rud a mheas gan éiginnteacht éigin a bheith ina chuibhreann. Tá an méid sin soiléir go maith sa léann bog, is é sin an léann nach bhfuil bunaithe ar an matamaitic, ar an tomhas.

Is é an maíomh ná go bhfuil an t-eolas atá bunaithe ar an matamaitic do-earráideach, nach féidir leis botúin a dhéanamh. Toise idirnáisiúnta is ea an uimhir, an figiúr, an nod idirnáisiunta sin arb ionann é in Muicineach agus sa Mhongóil. Baineann cuid den mhóráil sin leis an eacnamaíocht, óir is léaráidí agus grafanna agus staitisticí a gcuid déithe féin. Is é sin faoi dear dóibh seacht gcinn den dá chúlú eacnamaíochta cheana a thuar. Cothaíonn nócha faoin gcéad de na heacnamaithe drochainm don deich faoin gcéad eile. Ach ar a laghad tá de chosaint acu go mbíonn tosca lasmuigh dá gcumas tairngreachta féin agus malartóga chomh fairsing sin nach féidir iad go léir a chur sa mheá.

Ní shílim go bhfuil cosaint mar sin ag dul don té a bhfuil teach á thógáil aige. Tá méid áirithe brící le fáil, fuinneoga éagsúla, staighre le dul in airde, sclátaí le cur ar an díon, matal sa seomra suite, córas teasa lárnaigh nó tine mhóna féin. Tá an rud ar fad intomhaiste. Tús, lár agus deireadh. Praghas ar gach rud. Obair pháiste bunscoile, obair chomhaireamh bhrící Lego.

Ní taise don Ospidéal Náisiúnta Leanaí é, ach ar scála i bhfad níos mó. Chuige sin tógálaithe, ailtirí, dearthóirí, pleanálaithe, gach uile dhuine lena mhiosúr féin, lena chuid ionstramintí ar fhis. Gach uile rud intomhaiste ó thús go lár go deireadh. Gan aon leithscéal.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar