An Fharraige

Fighting Words: Ella Nic Dhomhnaill (14)


Dúisítear daoine ar maidin go moch

Le tonnta móra ag lascadh na gcloch

Seoltar bád ar an bhfarraige mhór

Ag taisteal, ag gluaiseacht ‘s ag dul sa tóir

READ MORE

An t-uisce ag réabadh sa mhuir mhór ghorm

Ag déanamh raic agus ag déanamh torainn

Bogann an bád leis na tonnta móra

Mairnéalaigh garbha ag caint is ag comhrá

Tagann an oíche le gealach lán

Anois sin é deireadh mo dhán